Léim go dtí an príomhábhar

Féachaint ar Chomhad Cáis atá Socraithe: Rochtain Poiblí

Le féachaint ar chás atá socraithe, is féidir leis an bhfoireann rochtana poiblí cabhair a thabhairt duit chun comhaid cáis a fheiceáil agus cóipeanna de cháipéisí a dhéanamh. Seo hí an Seirbhís Rochtana Poiblí.

Féachaint ar Chomhad Cáis atá Socraithe: Seirbhís rochtana poiblí

Le féachaint ar chás atá socraithe, is féidir leis an bhfoireann rochtana poiblí cabhair a thabhairt duit chun comhaid cáis a fheiceáil agus cóipeanna de cháipéisí a dhéanamh. Seo hí an Seirbhís Rochtana Poiblí. Ní féadtar féachaint ar chásanna iomlána faoi láthair ar an suíomh gréasáin atá againn ach táimid ag súil leis an seirbhís sin a chur ar fáil sa todhchaí.

Is féidir le rochtain poiblí cabhair a thabhairt maidir le:

Ní féidir le rochtain poiblí cabhair a thabhairt maidir le:


Cás ar bith a bhfuil cinneadh déanta ag an mBord air 3 lá ó shin nó níos mó.


Cás ar bith nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord air nó go bhfuil cinneadh déanta air laistigh de 3 lá.
 

Is oth linn nach féidir le foireann na rochtana poiblí comhaid cáis indibhidiúla nó cinntí a phlé.

 

Fáil ar chomhaid na gcásanna

De ghnáth, is féidir comhaid cásanna a scrúdú 3 lá tar éis don Bhord Pleanála an cinneadh a eisiúint.

Dé ghnáth, is féidir teacht ar chomhaid níos sine, a raibh cinneadh déanta orthu laistigh de dhá bhliain, laistigh de lá oibre nó dhó. Má rinneadh cinneadh ar chás níos mó nó dhá bhliain ó shin nó má tá bosca líníochtaí ann, tógfar idir dhá nó trí lá oibre le go dtiocfaidh siad ar ais isteach chun na hoifige.


Cáipéisí cásanna an Bhoird Pleanála atá ar líne

Do gach chás, is féidir breathnú orthu seo ar líne saor in aisce:

  • Tuairisc an Chigire
  • Treoir an Bhoird
  • Ordú an Bhoird


Fáil ar chomhad an cháis iomláin leis an tseirbhís rochtana poiblí atá againn

Is féidir breathnú ar chomhaid iomlána na gcásanna trí chuairt a thabhairt ar an oifig ar laethanta seachtainiúil idir 9.15 r.n. agus 5.30 i.n. Le fiosrú má tá comhad ar fáil roimh a thagann tú isteach, déan teagmháil leis an tseirbhís rochtana poiblí againn ag publicaccess@pleanala.ie. Más féidir, déan tagairt ar uimhir chomhad an cháis atá uait nó tabhair dúinn an méid is mó eolais agus is féidir maidir leis an gcás, ar nós seoladh an láithreáin.
 

Déan teagmháil leis an tseirbhís rochtana poiblí

Cuairt a thabhairt ar an oifig:
Scríobh chugainn ag:

An Bord Pleanála,
64 Sráid Mhaoilbhríde,
Baile Átha Cliath 1,
D01 V902

Glaoch a chur orainn ag:

(01) 873 7104 nó LoCall: 1890 275 175

Rphost a chur chugainn ag:

publicaccess@pleanala.ie

Cuairt a thabhairt ar ár suíomh gréasáin:

www.pleanala.ie

Facs a chur chugainn ag:

(01) 872 2684