Eolas faoi Fheidhmeanna agus faoi Sheirbhísí atá curtha ar fáil
Is é an bunseirbhís atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún Pleanála ná déileáil le hachomhairc phleanála. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an seirbhís seo agus mar gheall ar na costais a bhaineann leis is féidir cliceáil ar na naisc atá thíos:
Achomharc Pleanála a dhéanamh
Príomthréithe an chórais Achomharc Pleanála
Bíonn an Coimisiún Pleanála ag déileáil le roinnt cásanna pleanála faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006.
Féadfaidh duine ar bith comhaid an Choimisiúin a iniúchadh ina bhfuil cinntí déanta ag an gCoimisiún trí theagmháil a dhéanamh leis an rannóg rochtana poiblí.
Is féidir ceistiú a dhéanamh in aghaidh cinnidh an Choimisiúin trí iarratas ar athbhreithniú breithiúnach.
Déantar Tionscadail Leasa Choitinn faoi Rialúchán (AE) Uimh. 347/2013 de Pharlaimint agus de Chomhairle na hEorpa (17 Aibreán, 2013) le haghaidh bonneagar fuinnimh na hEorpa a a nuachóiriú agus a mhéadú agus le haghaidh gréasáin thar theorainneacha a idirnascadh d’fhonn cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais maidir le hiomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair a bhaint amach. Tá sonraí mar gheall ar an ábhar seo le fáil ag na naisc atá thíos:
Tionscadail Leasa Choitinn Comhairliúchán Poiblí
Tionscadail Leasa Choitinn Cásanna
Is féidir eolas/faisnéis a fháil ón gCoimisiún Pleanála trí Saoráil Faisnéise nó trí Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol.
Is féidir eolas a fháil chomh ag an áit Ceisteanna coitianta den suíomh idirlíon.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge