Léim go dtí an príomhábhar

Ag an éisteacht ó bhéal

Fóin phóca

Ba chóir fóin phóca a mhúchadh nó a chur ar ciúnas ag tús na héisteachta ó bhéal.

 

Wi-Fi

Déanann an Bord Pleanála gach iarracht ionaid a roghnú a bhfuil Wi-Fi ar fáil iontu, ach ní féidir é sin a ráthú.

An Ghaeilge agus éisteachtaí ó bhéal

  • Má tá an fhorbairt bheartaithe i gceantar Gaeltachta, cuirfear an éisteacht ó bhéal ar siúl trí Ghaeilge mura aontaíonn na páirtithe Béarla a úsáid.
  • Má tá cuid den fhorbairt bheartaithe i gceantar Gaeltachta, cuirfear an éisteacht ó bhéal ar siúl trí Bhéarla agus beidh áiseanna ann chun an Ghaeilge a úsáid más gá.
  • á tá an fhorbairt bheartaithe i gceantar Galltachta, cuirfear an éisteacht ó bhéal ar siúl trí Bhéarla mura aontaíonn na páirtithe Gaeilge a úsáid.

Someone speaking an at oral hearing
 

Cothromaíocht, trédhearcacht agus eolas

Ní ghlacfaidh an cigire le heolas a iarrtar a choimeád faoi rún ó rannpháirtithe eile.

Ní ceadmhach do rannpháirtithe labhairt leis an gcigire ar bhonn duine le duine i suíomh neamhphoiblí nó socruithe a dhéanamh chun tuilleadh eolais a thabhairt don chigire lasmuigh den éisteacht ó bhéal.
 

An éisteacht ó bhéal a thaifeadadh

Ní ceadmhach do rannpháirtithe in éisteacht ó bhéal aon ghrianghraif a thógáil ná íomhánna fístéipe ná fuaime a thaifeadadh le gléas ar bith (fón póca, deachtafón, táibléad, ceamthaifeadán, m.sh.) Ní ceadmhach gearrscríobhaí gairmiúil a thabhairt chuig an ionad chun trascríbhinn a ullmhú.

Féadfaidh an Bord Pleanála socrú a dhéanamh chun an éisteacht ó bhéal a thaifeadadh go digiteach nó iarraidh ar ghearrscríobhaí trascríbhinn a ullmhú, más rud é go gcabhródh sé leis an gcigire an tuarascáil deiridh a ullmhú nó leis an mBord an cás a bhreithniú. Má dhéantar taifeadadh cuirtear ar fáil don phobal é tar éis an cás a bheith cinnte.
 

Na meáin

Tá fáilte roimh bhaill de na meáin suí sna suíocháin phoiblí ag an láthair. Más mian le baill de na meáin grianghraif a thógáil nó fístaifeadadh den seomra a dhéanamh sula dtosaíonn an éisteacht ó bhéal, ní mór cead a fháil roimh ré ón gcigire. Is féidir nach gceadóidh an cigire é. Mar a mhínítear thuas, níl cead an éisteacht ó bhéal féin a thaifeadadh i bhfístéip ná i bhfuaim.

Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir éisteachtaí ó bhéal a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as Microsoft Teams. Chun a fháil amach conas freastal ar chruinniú nó éisteacht ó bhéal trí Microsoft Teams, féach ar ár leathanach treorach.