Léim go dtí an príomhábhar

Freastal ar an éisteacht ó bhéal

Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir éisteachtaí ó bhéal a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as Microsoft Teams. Chun a fháil amach conas freastal ar chruinniú nó éisteacht ó bhéal trí Microsoft Teams, féach ar ár leathanach treorach.

Baill den phobal

Is féidir le ball ar bith den phobal freastal ar éisteacht ó bhéal. Mura bhfuil aighneacht scríofa déanta agat cheana féin ar an gcás, is féidir go mbeidh tú in ann aighneacht ó bhéal a dhéanamh ag an éisteacht ach ceadú an Chigire a fháil agus an táille chuí a íoc.

Rannpháirtithe sa chás

Cuirfimid gach rannpháirtí sa chás ar an eolas go mbeidh éisteacht ó bhéal ann agus iarrfar orthu bheith i láthair. De réir dlí, ní mór dúinn fógra cúig lá oibre a thabhairt roimh thosú na héisteachta ó bhéal, ach déanaimid iarracht a mhéad fógra is féidir a thabhairt ionas go mbíonn dóthain ama ag rannpháirtithe chun ullmhúcháin a dhéanamh. Tar éis dátaí na héisteachta a shocrú, ní athrófar iad ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

Beidh cead ag rannpháirtithe aighneacht ó bhéal a dhéanamh ag an éisteacht ó bhéal ach ní bheidh aon cheangal orthu a bheith i láthair. Breithneofar i dTuarascáil an Chigire gach aighneacht scríofa atá faighte cheana féin agus breithneoidh an Bord iad sula ndéantar cinneadh ar an gcás.

Cé gur féidir go roghnóidh rannpháirtithe áirithe ionadaíocht dhlíthiúil a bheith acu ag an éisteacht ó bhéal, ní bheidh aon cheangal orthu an ionadaíocht sin a fháil Cabhróidh cigire an Bhoird Pleanála nó ball foirne eile atá i láthair le rannpháirtithe nach bhfuil taithí acu, a mhéad is féidir.

Ionadaithe poiblí

Féadfaidh ionadaithe poiblí labhairt thar ceann na rannpháirtithe sa chás.
Más mian leo aighneacht a dhéanamh ar a son féin, agus murar rannpháirtí iad sa chás, beidh ceadú an Chigire ag teastáil agus beidh táille socraithe le híoc.

Foireann an Bhoird Pleanála

Beidh cigire an cháis agus baill foirne eile ón mBord Pleanála i láthair ag an éisteacht ó bhéal. Braithfidh líon na foirne ar mhéid na héisteachta ó bhéal. Féadfaidh ár bhfoireann cabhrú leat ag an éisteacht ó bhéal le ceisteanna ginearálta nó íoc na dtáillí.

Is é ról an chigire ag an éisteacht ó bhéal:

  • an tslí a reáchtálfar an éisteacht ó bhéal a chinneadh agus gníomhú mar chathaoirleach ar an éisteacht ó bhéal
  • na saincheisteanna a phléifear ag an éisteacht ó bhéal a cinneadh
  • an t-ord ina n-éistfear leis na rannpháirtithe a chinneadh
  • a chinntiú go bhfaigheann gach rannpháirtí cothrom na féinne
  • an éisteacht ó bhéal a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse réasúnta.