Léim go dtí an príomhábhar

Roimh an éisteacht ó bhéal

Roimh an éisteacht ó bhéal

Clár oibre

Roimh an éisteacht ó bhéal, scaipfimid an clár oibre ar gach rannpháirtí sa chás agus foilseofar é ar ár suíomh gréasáin. Luafar go ginearálta an t-ord ina labhróidh na rannpháirtithe. (Sampla: an t-iarratasóir, comhlachtaí forordaithe, breathnóirí, agóideoirí in aghaidh orduithe ceannaigh éigeantaigh). Tabhair ar aird gur féidir leis an gcigire an clár oibre a athrú ag an éisteacht ó bhéal agus gur am sealadach é gach am a luafar.

Example of how a room may look at an oral hearing.

Doiciméid a bheith ar fail

Beidh gach doiciméad cáis a cuireadh isteach chuig an mBord Pleanála nár cuireadh thart iad cheana féin ar fáil lena scrúdú agus lena cheannach ag oifigí an Bhoird Pleanála. Beidh siad ar fáil chomh maith in oifigí údaráis pleanála chuí seacht lá ar a laghad roimh oscailt na héisteachta ó bhéal. Maidir le hachomharcanna, tá doiciméid airithe a cuireadh chuig an údarás pleanála ar fáil cheana féin, ar nós an iarratais phleanála. Beidh an comhad poiblí ar fáil ag an éisteacht ó bhéal chun go ndéanfar scrúdú air ach ní feidir cóipeanna a cheannach.

Cóipeanna de dhoiciméid

Más mian leat doiciméid scríofa a chur ar fáil ag an éisteacht ó bhéal, ní mór ceadú an Chigire a fháil. Ní mór dhá chóip d'aighneachtaí a chur ar fáil don Chigire agus cóip de gach duine de na rannpháirtithe eile. Cuirfear cóip amháin ar an gcomhad poiblí ionas gur féidir amharc air ag an éisteacht ó bhéal. Is faoi na rannpháirtithe a bheidh sé a gcuid socruithe féin a dhéanamh chun doiciméid a chóipeáil. Má dhéanfar cur i láthair digiteach ann, ba chóir go gcuirfear cruachóip den chur i láthair isteach chomh maith.

Léirithe digiteachta agus úsáid na teicneolaíochta

Má tá sé i gceist agat léiriú digiteach a dhéanamh ag an éisteacht ó bhéal, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil dóthain cóipeanna páipéir agat de le scaipeadh ar na rannpháirtithe eile. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an mBord Pleanála roimh ré le cinntiú go bhfuil áiseanna ríomhaire nó teicneolaíochta ar fáil.

Cabhrú leat ag an éisteacht ó bhéal

Má tá riachtanas rochtana agatsa nó ag duine de do ghrúpa, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn a luaithe is féidir agus roimh an dáta deiridh d'iarratais atá tugtha sa litir a fuair tú nó san fhógra a chonaic tú. Má dhéantar iarratas tar éis an dáta deiridh, is féidir uaireanta go dteipfidh orainn an socrú a iarrann tú a dhéanamh roimh thosú na héisteachta ó bhéal. Is féidir gur easpa ama nó nádúr an iarratais féin is cúis leis an teip sin. Ach déanfaimid iarracht cibé socrú is gá a dhéanamh a luaithe is féidir. Gheofar tuilleadh eolais ar roinn inrochtaineachta ár suímh ghréasáin.

Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir éisteachtaí ó bhéal a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as Microsoft Teams. Chun a fháil amach conas freastal ar chruinniú nó éisteacht ó bhéal trí Microsoft Teams, féach ar ár leathanach treorach.