Léim go dtí an príomhábhar

TB2019: 07 - Iarratais ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh (Údaráis Áitiula) in 2019

7. Iarratais ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh (Údaráis Áitiula) in 2019

Forbairt il-úsáide ina n-áirítear óstán sé urlár, carrchlós sé urlár, foirgneamh cónaithe cúig urlár, trí fhoirgneamh oifige cúig urlár, ionad taibhithe / cultúrtha dhá urlár, bialann / caifé / foirgneamh miondíolta speisialtóra il-úsáide dhá urlár, balla farraige nua timpeall láithreán Ché na Tríonóide atá anois ann, muiríne 64 bheart ar snámh agus gach oibreacha eile bonneagair shuímh agus oibreacha coimhdeacha, Cé na Tríonóide, Sráid na Tríonóide, Loch Garman.

Log an Tobar N16 (Tionscadal Bóthair Dhroim Chill Saileach go Log na nGall, Log an Tobair (Droim Chill Saileach go Log na nGall), Contae Shligigh.

Scéim Bóithre Ceantair Ghleann na Muc a cheanglóidh Bóthar Áth na Sceire R117 atá anois ann le Bóthar Ghleann na Muc agus an bóthar dáileacháin nua a cheanglóidh le Bóthar Bhaile Mhic Fheorais agus Bóthar Áth na Sceire R117 (bealach malartach thuaidh-theas), Tailte i gcomharsanacht Bhóthar Ghleann na Muc, Bóthar Bhaile Mhic Fheorais agus R117 (Bóthar Áth na Sceire) i mbailte fearainn Charraig Mhaighin Theas, Gleann na Muc Theas, Gleann na Muc Thuaidh, Baile Shéamais, Baile an Rí agus Cill Tiarnáin, Co. Bhaile Átha Cliath.

Cead deich mbiana chun láithreán ceoldrámaí a athfhorbairt lena n-áirítear scéim il-úsáide oifigí go príomha, arna dtacú le seirbhísí miondíola agus neamh-mhiondíola, caiféanna/bialanna, áitreabh ceadúnaithe, árastán, úsáidí cathartha/cultúrtha (lena n-airítear leabharlann cathrach i halla an bhaile mar atá), cónaithe, athchóiriú ar fhoirgnimh atá faoi chosaint cheana agus spás oscailte. Láithreán timpeallacht ag Sráid Mhichíl, Sráid Eibhlín, Sráid Rutland, Sráid Phádraig agus Plás an Bhainc, Luimneach.

Glasbhealach idir Diméin Mhullach Íde agus Diméin an Droichid Nua a dtabharfar ‘Slí an Mhóinéir Leathain’ air, Diméin Mullach Íde, Cill Chreach, Diméin an Droichid Nua, Domhnach Bat, Fine Gall, Contae Bhaile Átha Cliath.

Carr cábla agus ionad cuairteoirí Oileán Baoi, Co. Chorcaigh.

Faing go Bóthar Luimnigh (lena n-áirítear Seachbhóthar Átha Dara) lena n-áirítear gach oibreacha coimhdeacha agus iarmharacha, Seanghualainn, An Chreag, Eas Géitine Thiar, Lios Mhic Thíre, Neantanán, Baile an Ridéalaigh, Ráth Caola Tuaithe, Ráth Caola Uirbeach, An Drom Ard, Cróch, Áth Dara Thuaidh, Áth Dara Theas, Clár Aidhne agus Tobar Phádraig, Co. Luimnigh.

Tionscadal Bóthair N70 ón tSnaidhm go dtí Droichead an Phoill Ghoirm (An Eing Chaol go dtí An Dún), Co. Chiarraí.

Bearta cosanta ar thuilte timpeall Oileán an Rí, Oileán an Rí, Luimneach.