Tuairim a sheoladh chugainn leis an bpost nó í a thabhairt isteach go pearsanta
Cad é an seoladh don tuairim?
Is féidir leat:
- é a chur leis an bpost chuig: An tAonad Tithíochta Straitéisí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902, nó
- é a thabhairt do bhall d’fhoireann An Bhoird Pleanála ag ár n-oifigí i Sráid Mhaoilbhríde (seoladh thuas) le linn uaireanta oifige ¬– Ó Luan go hAoine, ón a 9.15 ar maidin go dtí 5.30 tráthnóna. Ní féidir leis an bhfoireann slándála san oifig glacadh le tuairimí.nó
- é a chur isteach i mbosca litreach na hoifige lasmuigh d’uaireanta oifige.
|
Bíonn an oifig dúnta ag an deireadh seachtaine, ar laethanta saoire phoiblí agus ar laethanta fógartha eile amhail Lá Nollag agus Aoine an Chéasta. |
An bhfaighidh mé admháil má thugaim an tuairim do dhuine san oifig?
Gheobhaidh. Má thugann tú do thuairim go dtí an oifig is féidir admháil a iarraidh, a déarfaidh go bhfuarthas do thuairim san oifig. Nuair a thugann tú do thuairim do bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála, ní féidir é a thabhairt ar ais duit ná fótachóip a dhéanamh de do dhoiciméid agus stampa dáta orthu. Ní deimhniú é an admháil seo gur tuairim bhailí í. Scríobhfaimid chugat taobh amuigh den admháil le rá leat cibé an bhfuil do thuairim bailí nó neamhbhailí.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge