Tá cineálacha éagsúla cásanna os comhair an Bhoird lena gcinneadh. Beidh tosaíochtaí difriúla á gcur i bhfeidhm ag an mBord maidir leis na cásanna sin agus mar sin ní chinnfear cásanna in ord croineolaíoch. Tá cinneadh déanta ag an mBord gurb é seo an bealach is éifeachtaí leis an riaráiste a bhainistiú.
Thar ceann an Bhoird, gabhann an Cathaoirleach leithscéal leo siúd ar cuireadh moill ar a n-achomharc nó ar a n-iarratas.
Gabhaimid buíochas leat as do chuid foighne agus muid ag obair chomh gasta agus is féidir chun riaráiste na gcásanna a ghlanadh go hiomlán sa tréimhse amach romhainn.