Léim go dtí an príomhábhar

Ról na nIonadaithe Poiblí in Achomhairc Phleanála

Is féidir le hionadaí poiblí a bheith páirteach sa phróiseas achomhairc phleanála ina cheart féin mar pháirtí don achomharc nó mar “bhreathnóir”. Sa chás sin, caithfidh sé/sí cloí leis na ngnáth riachtanais reachtúla m.sh. na sonraí a bhaineann le teorainneacha ama, íocaíocht táillí agus nach féidir le duine tuilleadh eolais a thabhairt i scríbhinn ar fhorais achomhairc nó aighneachta mura n-iarrann an Bord sin.


Aighneachtaí Scríofa

Má scríobhann ionadaí poiblí chuig an mBord ag déanamh fiosrúcháin maidir leis an seasamh in achomharc nó ag iarraidh próiseáil an achomhairc a dheifriú nó go bunúsach ag tacú le hachomhairc i dtéarmaí ginearálta gan tuilleadh eolais a sheoladh ar na forais achomhairc nó aighneachta ag an mbreathnóir, ní bhíonn táille iníoctha ag an ionadaí. Bíonn formhór an comhfhreagrais a fhaigheann an Bord ó ionadaithe poiblí laistigh de na catagóirí sin.

Sa chás, áfach, go seolann ionadaí poiblí litir chuig an mBord agus go mbreithníonn an Bord go dtugann an litir sin tuilleadh eolais ar na forais achomhairc nó ar aighneacht ag breathnóir nó go n-ardaíonn sé ceist shubstaintiúil nua, measfaidh an Bord gur ionann an litir sin agus aighneacht fhoirmiúil. Sa chás sin, ní féidir leis an mBord an litir sin a ghlacadh mura mbíonn an táille reatha ag gabháil léi agus go ndéanann an litir ar mhodh eile de réir riachtanais den alt 130 d’Acht 2000.
 

Éisteachtaí ó Bhéal

De réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, tá rogha ag an gCigire maidir le stiúradh éisteachta ó bhéal agus bíonn dualgas air / aici a rogha a chleachtadh le cúirtéis agus réasúnacht. Go háirithe, caithfidh an Cigire an éisteacht a stiúradh gan aon fhoirmiúlacht mhíchuí. Is é an Cigire a chinneann ord na gcainteoirí.

Is féidir le páirtí chuig achomharc reatha nó “breathnóir” agus / nó duine eile a bhíonn ag feidhmiú mar ionadaí (m.sh. ionadaí poiblí nó gníomhaire) labhairt / aighneachtaí a dhéanamh ag an éisteacht ó bhéal gan táille a íoc.

Is féidir le páirtí chuig achomharc reatha nó “breathnóir” agus/nó duine eile a bhíonn ag feidhmiú mar ionadaí (m.sh. ionadaí poiblí nó gníomhaire) labhairt/aighneachtaí a dhéanamh ag an éisteacht ó bhéal gan táille a íoc.


Seoladh

Ba chóir comhfhreagras maidir leis na hachomhairc a sheoladh chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.

Níor chóir comhfhreagras maidir le hachomhairc reatha nó cinntí atá déanta cheana ag an mBord a sheoladh chuig an gCathaoirleach ná chuig aon chomhalta eile den Bhord.