Léim go dtí an príomhábhar

Éisteachtaí Ó Bhéal

Is ionann éisteacht ó bhéal agus cruinniú poiblí a bhíonn ar oscailt do chách maidir le cás atá os comhair an Bhoird Pleanala, cé nach gach duine atá i dteideal a bheith páirteach sa phlé.

Cad is éisteacht ó bhéal ann?

Tá sé de chumhacht ag an mBord cinneadh a dhéanamh cibé ar chóir éisteacht ó bhéal a thionól i gcás ar leith. Féadfar éisteacht ó bhéal a thionól sna cásanna seo a leanas:

  • cásanna de bhonneagar straitéiseach
  • cásanna casta achomhairc nó cásanna mar a bhfuil saincheist shuntasach náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil le réiteach
  • orduithe ceannaigh éigeantaigh agus cásanna gaolmhara
  • cineálacha cásanna eile má mheastar gur gá.

Ní thionóltar éisteacht ó bhéal, ach i gcásanna speisialta, i dtaca le hiarratas ar fhorbairt straitéiseach tithíochta a dhéantar go díreach chuig an mBord Pleanála.

Roimh an Éisteacht

Roimh an éisteacht ó bhéal, scríobhfaimid chuig na rannpháirithe uile sa chás

Faigh amach tuilleadh faoi cad a tharlaíonn roimh éisteacht ó bhéal

Freastal ar an Éisteacht

Is féidir le ball ar bith den phobal freastal ar éisteacht ó bhéal.

Faigh tuilleadh eolais ar cé a fhreastalaíonn ar éisteacht ó bhéal
 

Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir éisteachtaí ó bhéal a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as Microsoft Teams. Chun a fháil amach conas freastal ar chruinniú nó éisteacht ó bhéal trí Microsoft Teams, féach ar ár leathanach treorach.

Ag an Éisteacht ó Bhéal

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin mhéid a tharlaíonn de ghnáth ag éisteacht ó bhéal agus ar an méid is féidir agus nach féidir leat a dhéanamh ag éisteacht ó bhéal.

Leideanna duit agus aighneacht á déanamh agat ag éisteacht ó bhéal

  • Ullmhaigh trí smaoineamh ar na saincheistanna pleanála is mian leat a tharraingt anuas. Bí chomh gonta agus is féidir Déan iarracht gan eolas a athrá.
  • Roimh thús na héisteachta, is féidir go mb’fhiú duit d’aighneacht a chleachtadh trína léamh amach os ard ag an mbaile.
  • Má tá grianghraif, fístéipeanna nó míreanna eile agat le taispeáint le linn d’aighneachta, is féidir go gceadóidh an cigire duit iad a chur i láthair na héisteachta ó bhéal. Ní mór cóipeanna a chur ar fáil agus lipéad cuí a bheith ar gach taispeáint. Déan teagmháil le foireann an Bhoird Phleanála roimh ré chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Lean treoracha agus comhairle an chigire. Tá sé ansin chun do thuairimí a chloisteáil. Le linn d’aighneachta, féadfaidh an cigire ceisteanna a chur ort nó tú a stopadh má tá athrá á dhéanamh agat.
  • Tuigeann an cigire go bhféadfá a bheith neirbhíseach agus d’aighneacht á déanamh agat. Déan iarracht labhairt go mall soiléir.
  • Déantar éisteacht ó bhéal a thaifeadadh de ghnáth le córas fuaime agus foireann micreafón. Labhair go soiléir isteach sa mhicreafón

Eolas eile uait?

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar cad a tharlaíonn tar éis éisteacht ó bhéal agus ar ghnóthaí dlí agus reachtaíocht thábhachtach inár dtreoir.

Éisteachtaí ó Bhéal a bheidh ann go luath

Feicfidh tú anseo éisteachtaí ó bhéal a bheidh ar siúl go luath