Cad is achomharc ann?
Tríd is tríd, ní mór d’aon duine atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála chuig a (h)údarás pleanála áitiúil (comhairle contae, comhairle cathrach, nó comhairle cathrach agus contae).
Déanfaidh an t-údarás pleanála cinneadh ar an iarratas, áit a ndéanfaidh sé cead pleanála a dheonú nó a dhiúltú. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin chuig an gCoimisiún Pleanála
Cé atá i dteideal achomharc a dhéanamh?
1.
Rinne tú iarratas chuig an údarás pleanála ar chead d’fhorbairt bheartaithe.
Tá iarratas chéad pháirtí á dhéanamh agat.
Tá iarratas chéad pháirtí á dhéanamh agat.
Is féidir le céad pháirtí achomharc a dhéanamh:
- maidir le cinneadh an údaráis pleanála chun cead a dhiúltú;
- maidir le haon choinníoll a chuir an t-údarás pleanála ag gabháil le deonú ceada;
- an tslí a gcuireann údarás pleanála téarmaí na Scéime Ranníocaíochta Forbartha nó na Scéime Forlíontaí Ranníocaíochta Forbartha i bhfeidhm ar choinníollacha sa deonú ceada
2.
Rinne tú iarratas chuig an údarás pleanála maidir le forbairt bheartaithe.
Tá iarratas tríú pháirtí á dhéanamh agat
Tá iarratas tríú pháirtí á dhéanamh agat
Is féidir le tríú páirtí achomharc a dhéanamh:
- maidir le cinneadh an údaráis pleanála;
- maidir le haon choinníoll a chuir an t-údarás pleanála ag gabháil le deonú ceada.
Má mheasann tú nach mbaineann tú le haon cheann den dá ghrúpa seo, tá líon beag cásanna eile inar féidir leat achomharc a dhéanamh. Gheobhaidh tú mionsonraí na gcásanna seo agus eolas ar cé hiad na daoine ar féidir leo achomharc a dhéanamh sa leathanach fíricí “Cén sórt achomhairc is féidir a dhéanamh?” nó trí theagmháil a dhéanamh linn.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge