Cineálacha Cásanna Bonneagair
Forbairt Bonneagair Straitéisigh (FBS)
Seoltar iarratais ar chead pleanála ar fhorbairt bonneagair straitéisigh go díreach chuig an mBord Pleanála i gcás mórfhorbairtí bonneagair straitéisigh de chuid údaráis áitiúla agus grúpaí eile. I measc na samplaí tá mótarbhealaí, línte iarnróid, píblínte, aerfoirt, calafoirt nó áiseanna móra ar nós ospidéil.
Tionscadail Údarás Áitiúil
Déileálann an Bord Pleanála le cásanna údaráis áitiúil agus údaráis stáit a bhaineann le talamh a cheannach go héigeantach. Ina measc seo tá Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ) agus éadáil éigeantach faoin Acht um Láithreáin Tréigthe 1990.
Pleanáil Limistéir Mhuirí
Is é an Bord Pleanála an comhlacht náisiúnta a dhéanann cinneadh cead a thabhairt nó a dhiúltú d’fhorbairt sa Limistéar Muirí.