Léim go dtí an príomhábhar

Conas a bheidh a fhios agam nuair a dhéanfar iarratas?

Sula ndéanann sé iarratas chuig an mBord Pleanála, ní mór don iarratasóir ionchasach fógra faoin iarratas beartaithe a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa cheantar ina bhfuil an fhorbairt bheartaithe le bheith suite.
Tabharfaidh na fógraí seo:
  • ainm an iarratasóra,
  • sonraí faoi nádúr agus suíomh na forbartha atá beartaithe,
  • cibé an bhfuil gá le Tuarascáil Measúnaithe Tionchair Timpeallachta (MTT) agus an bhfuil sí ullmhaithe ag an iarratasóir,
  • cibé an bhfuil Ráiteas Tionchair Natura (NIS) ag teastáil agus an bhfuil sí ullmhaithe ag an iarratasóir,
  • na hamanna agus na háiteanna inar féidir an t-iarratas, EIAR nó NIS a fheiceáil agus cóipeanna a cheannach,
  • fógra go bhfuil iarratas le déanamh chuig an mBord Pleanála ar chead pleanála,
  • sonraí na gcineálacha cinntí a fhéadfaidh an Bord a dhéanamh,
  • ráiteas go bhféadfaidh an pobal a dtuairimí a thabhairt don Bhord Pleanála maidir leis an iarratas atá beartaithe (ceadófar ocht seachtaine ar a laghad), agus
  • ráiteas go bhféadfaidh comhlachtaí forordaithe tuairimí ar an iarratas atá beartaithe a chur ar aghaidh chuig an mBord Pleanála.
Foilseoidh an Bord Pleanála sonraí faoin iarratas a gheobhaimid ar liosta seachtainiúil na gcásanna nua ar ár suíomh Gréasáin.