Léim go dtí an príomhábhar

Iniúchtaí Láithreán

Tá iniúchtaí láithreán mar chuid thábhachtach den phróiseas cruinnithe eolais ar chás pleanála. Ceadaítear do chigirí an Bhoird Pleanála dul isteach i láithreán forbartha beartaithe faoin dlí chun cabhair a thabhairt dóibh tuarascáil a chur le chéile don Bhord. Tarlaíonn sé go hannamh go rachaidh an Bord chuig láithreán chomh maith.
 

Roimh an Iniúchadh Láithreáin

Sula dtéann an cigire chuig an láithreán, is féidir go mbeidh an cigire nó ball foirne eile i dteagmháil leat chun dáta agus am a eagrú. Is dócha go n-eagrófar na sonraí roimh iniúchadh láithreáin nuair a chreidtear go bhfuil rochtain srianta ar an láithreán nó má tá gá le iniúchadh maoirsithe.

Seachas sin, rachaidh na cigirí go láithreáin ag amanna réasúnta idir 9am agus 6pm gan coinne a dhéanamh. Ma bhíonn an láithreán ar oscailt lasmuigh de na huaireanta sin, is féidir go rachaidh cigire ann laistigh de huaireanta gnó.

Ní bhíonn sé riachtanach i gcónaí go rachaidh cigirí isteach sa láithreán. Ní bhíonn i gceist le hiniúchtaí láithreán áirithe ach cuairt ar an dúiche mórthimpeall. Uaireanta beidh an cigire ag iarraidh dul go réadmhaoin an achomharcóra atá taobh leis an bhforbairt bheartaithe chomh maith le láithreán na forbartha beartaithe.

 

Céard atá le déanamh agam?

Téigh i dteagmháil linn le do thoil má tá riachtanais ag an láithreán, mar shampla:

  • Ceisteanna rochtana. Mar shampla:
    • má tá beostoc i ngort agus go mbeidh gá leo a bhogadh.
    • má tá madra cosanta nó madra oibre ar láithreán agus go mbeidh gá leo a cheangail.
    • ma tá geataí ann agus go mbeidh gá leo dhíghlasáil.
    • má tá sé deachair rochtain a fháil ar an láithreán agus go mbeidh gá le socruithe ar leith.
  • Má tá gá le trealamh cosanta pearsanta mar gheall ar bhaol nó ar chontúirt.
  • Má bheidh ar an gcigire síniú isteach/amach ag deasc slándála nó deasc fáiltithe.

Má tá beostoc ar an láithreán faoi láthair, iarrtar ort go mbogfar an beostoc ón láithreán. Murar féidir leis seo a dhéanamh, iarrtar ort go gcuirfear i gclós sábháilte ar an láithreán iad. Is féidir go mbeidh madraí ar láithreáin áirithe agus iarrtar ort go gcoimeádfar ón láithreán iad nó go gcuirfear i gclós sábháilte iad le linn an iniúchta.

 

Le linn an Iniúchta Láithreáin

Ní phléifidh an cigire an cás le linn an iniúchta láithreáin. Is féidir leat iarraidh ar an gcigire a cárta barántais nó a chárta barántais a thaispeáint duit. Is doiciméad é cárta barántais a thugtar do chigirí an Bhoird Pleanála le cinntiú gur daoine údaraithe iad chun iniúchtaí láithreán a dhéanamh. Beidh grianghraf den chigire ann, chomh maith le hainm agus síniú an chigire, dáta éaga an chárta agus síniú Rúnaí an Bhoird Pleanála.

Má tá imní ort go bhfuil duine ag ligean air nó uirthi gur ball foirne an Bhoird Pleanála iad, nó gur bréagach an cárta barántais a taispeánadh duit, breac síos an t-ainm agus iarr ar an duine fanacht taobh amuigh. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ansin ar 01 858 8100 chun seic a dhéanamh ar an duine agus ar an gcárta barántais.

Féachfaidh an cigire ar chomhad an cháis sula rachaidh siad ar an láithreán agus beidh siad ar an eolas faoin bhforbairt bheartaithe agus faoi na ceisteanna a ardaíodh san achomharc nó an iarratas.

Le linn an iniúchta, is féidir go nglacfaidh an cigire grianghraif chun chabhrú leis nó léi an tuarascáil a chur le chéile agus chun moladh a thabhairt don Bhord. Ceadaítear faoin dlí chomh maith go ndéanfaidh cigire gach rud atá ag teastáil chun an tuarascáil a chur le chéile. Mar sin, is féidir leo:

  • suirbhéireacht a dhéanamh
  • pleananna a dhéanamh
  • leibhéil a thógáil
  • tochailtí a dhéanamh
  • scrúdú a dhéanamh ar doimhneacht agus nádúr na fo-ithreach.

Ní bhíonn ach breithmheas radhairc a dhéanamh ar an láithreán den chuid is mó, áfach.


An féidir liom an cigire a stopadh as dul ar an láithreán?

Déanfar an chuid is mó de na hiniúchtaí láithreán go neamhfhoirmiúil le cabhair agus comhoibriú na n-iarratasóirí, na n-achomharcóirí agus an phobail.

Foráiltear cead an chigire iniúchadh láithreáin a dhéanamh faoi Alt 252 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, arna leasú. Mura dtabharfaidh tú cead don chigire dul isteach sa láithreán, is féidir leis an mBord iarraidh ar bhreitheamh den Chúirt Dúiche don dúiche sin cead a thabhairt dul ar an láithreán. Tabharfaidh an Bord fógra duit gur iarr sé ar an gCúirt Dúiche cead a thabhairt. Má thabharfaidh an breitheamh ordú chun an cead a thabhairt, tabharfar fógra 24 uair ar a laghad don chónaitheoir go mbeidh an cigire le dul isteach ann.

Cion atá ann cigire a stopadh as iniúchadh láithreáin a dhéanamh. Is féidir leis an gcigire cabhair a lorg ó na Gardaí Síochána más gá.