Léim go dtí an príomhábhar

Cuspóir, Fís agus Luachanna

Cuspóir, Fís agus Luachanna

Cuspóir

Mar chuid dhílis den chóras pleanála, déanfaimid cinntí atá láidir, neamhspleách agus neamhchlaon ar bhealach cóir, éifeachtúil agus trédhearcach a chuireann forbairt inchothaithe agus pleanáil chuí chun cinn. 

Fís

A bheith inár gcomhlacht náisiúnta pleanála atá iontaofa, éifeachtach agus forásach agus a oibríonn ar mhaithe leis an leas coiteann. 

Luachanna

Is iad seo na luachanna a threoróidh sinn: 

Éifeachtúlacht agus Éifeachtacht: Táimid tráthúil, gairmiúil agus láidir inár gcinnteoireacht agus inár n-oibríochtaí. Tuigimid tionchar ár róil sa phróiseas pleanála mar chomhlacht cinnteoireachta. 

Ionracas: Comhlíonaimid ár bhfeidhmeanna ar aon dul leis na caighdeáin iompraíochta agus eitice is airde. Cosnaímid neamhspleáchas agus neamhchlaontacht ár gcinnteoireachta. 

Trédhearcacht: Táimid oscailte agus cuntasach inár gcinntí, inár gcórais agus inár bpróisis. Táimid soiléir agus macánta inár gcumarsáid agus inár ngníomhartha. Táimid réamhghníomhach inár gcaidreamh le geallsealbhóirí.

Nuálaíocht: Táimid solúbtha agus comhoibríoch. Féachaimid i gcónaí le feabhas a chur ar ár gcórais, ar ár bpróisis agus ar an dóigh a n-oibrímid le chéile agus le daoine eile.

Meas: Aithnímid an luach agus an dínit atá i ngach duine. Tá tuiscint shoiléir againn ar an gceart chun rannpháirtíochta córa inrochtana atá ag gach duine sa chóras pleanála.

Cé sinn agus cad a dhéanaimid

Is é an Coimisiún Pleanála comhlacht pleanála náisiúnta na hÉireann atá freagrach as cinntí neamhspleácha tráthúla garbhreithiúnacha a dhéanamh ar achomhairc i gcoinne cinntí údaráis pleanála agus ar iarratais dhíreacha a bhaineann le tionscadail bhonneagair straitéisigh. Táimid freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh ar thograí le haghaidh fáil éigeantach talún ag údaráis áitiúla, i measc raon feidhmeanna eile pleanála atá againn. 


Is faoi reachtaíocht pleanála chasta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a oibríonn an Coimisiún Pleanála. Ní comhlacht ceapadh beartais é. Ní comhlacht forfheidhmiúcháin é ach oiread. Tá ár ról leagtha amach i reacht. Bunaíodh sinn an 18 Meitheamh 2025 faoi Chuid 17 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, agus gaireadh an Bord Pleanála (a bunaíodh sa bhliain 1977) dínn roimhe sin. 

Tá struchtúr an Choimisiúin Pleanála comhdhéanta de thrí ghné atá leithleach ó chéile ach atá idirspleách ar a chéile, áit a bhfuil gach ceann díobh cuntasach agus freagrach as ár sainordú a chomhlíonadh ar bhealach cóir, cothromasach agus tráthúil.

Tá an Bord Rialaithe freagrach as rialachas foriomlán, agus leagann sé treo straitéiseach agus cuspóirí feidhmíochta an Choimisiúin Pleanála síos. Tá an Bord Rialaithe freagrach freisin as faireachán a dhéanamh ar na cuspóirí sin agus as iad a bhaint amach. Ní fhéadfaidh an Bord Rialaithe aon ról a imirt in aon chás pleanála a bhreithniú ná a chinneadh, toisc go bhfuil an fheidhm cinnteoireachta sin forchoimeádta do na Coimisinéirí Pleanála agus dóibh sin amháin.

Tá an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin freagrach as riarachán agus gnó laethúil a bhainistiú. Níl aon ról ag an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin i gcinntí a dhéanamh ar chásanna. Mar sin, is féidir leis nó léi gabháil do thuilleadh cumarsáide seachtraí chun cur le trédhearcacht agus le hiontaoibh agus muinín an phobail as an eagraíocht.

Coimisinéirí Pleanála freagrach as cinntí neamhspleácha a dhéanamh ar gach achomharc agus ar gach iarratas díreach. Déanann an Príomh-Choimisinéir Pleanála formhaoirseacht orthu.

Tá ár mbaill foirne sheanchleachta ghairmiúla freagrach as tacú le cuspóirí agus feidhmeanna na heagraíochta agus as iad a chomhlíonadh.