Léim go dtí an príomhábhar

Iarratais MC - Alt 177AE: Aguisín - Scagadh

Aguisín - Scagadh

A.1 Déanfar iarratas chuig an mBord Pleanála faoi a.177AE i gcás ina bhfuil scagadh déanta ag údarás áitiúil ar fhorbairt bheartaithe agus é cinnte go mbeidh éifeacht shuntasach aici ina haonar, nó i dteannta forbairtí eile, ar láithreán Eorpach i bhfianaise chuspóirí caomhnaithe an láithreáin.

A.2 Meabhraítear d'údaráis áitiúla, i gcás scagadh den sórt sin a bheith déanta agus cinneadh déanta dá éis, nach dteastaíonn measúnacht chuí agus iarratas faoi a. 177AE chun an fhorbairt bheartaithe a chur i gcrích, gur féidir le páirtí eile athbhreithniú foirmiúil ar an gcinneadh seo a lorg ón mBord Pleanála (Airt 250(3)(b) de na Rialacháin). Féadfaidh údaráis áitiúla leas a bhaint as an nós imeachta sin más mian leo cinneadh a lorg ón mBord Pleanála maidir le forbairt bheartaithe.

A.3 I gcás ina ndéanann údarás áitiúil cinneadh nach dócha go mbeidh éifeacht shuntasach ag forbairt bheartaithe ar láithreán Eorpach, ba cheart an cinneadh lena n-áirítear na príomhchúiseanna agus nithe ar ar bunaíodh é, a bheith ar fáil lena iniúchadh nó lena cheannach.

A.4 Foráiltear in Airteagal 120(3)(a) de na Rialacháin i gcás go measann an Bord Pleanála go bhféadfadh éifeachtaí suntasacha ar an timpeallacht a bheith ag forbairt fo-thairseach a chuirfeadh údarás áitiúil i gcrích, iarrfaidh sé ar an údarás áitiúil ráiteas tionchair timpeallachta maidir leis an bhforbairt a ullmhú nó a chur á ullmhú. Beidh sé ina rogha ag an údarás áitiúil iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh dá shórt (ráiteas tionchair timpeallachta) agus cinneadh i dtaca le measúnacht chuí (tuarascáil tionchair Natura) i ndáil le forbairt a bheartaíonn sé a chur i gcrích. Is féidir iarratais dá sórt a dhéanamh go comhuaineach. Ní ghearrtar táille as iarratais dá sórt.