Léim go dtí an príomhábhar

Comhairleoirí Mara / Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta sa Bhord Pleanála

Comhairleoirí Mara / Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta sa Bhord Pleanála


Tá sé beartaithe ag an mBord Pleanála painéal a bhunú ar a mbeidh daoine cáilithe a bhfuil taithí acu chun comhairle a thabhairt maidir le hachomhairc agus iarratais a mbeidh an Bord freagrach astu faoi fhorálacha an Achta um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Ar an gcéad dul síos, tá sé beartaithe go dtabharfadh an painéal comhairle don Bhord maidir le gach gné de thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta lena n-áirítear cáblaí faoin bhfarraige agus bonneagar leictreach.
Mar sin, lorgaítear iarratais ó dhaoine a bhfuil taithí acu sna gairmeacha seo a leanas (nó i réimsí gaolmhara) a bhfuil saineolas acu sna réimsí atá luaite sa tábla thíos: 
 
Gairmeacha / Réimsí Saineolais
 
Dearadh, Leagan Amach agus Tógáil Eagair
Eolaithe Mara
Geolaithe Mara
Innealtóirí Mara
Éiceolaithe Mara lena n-áirítear go háirithe iad siúd a bhfuil na speisialtóireachtaí agus an saineolas seo a leanas acu: 
  • Éaneolaíocht mhara - éin mhara ar muir
  • Mamaigh Mhara
  • Éisc / sliogéisc
  • Éiceolaíocht bheantach
Iascaigh (thráchtála)
Seandálaithe Mara
Muirdhreach agus Measúnú Tionchair Amhairc
Sábháilteacht Aeir agus Loingseoireacht. 
 
Taithí Riachtanach
Eolas agus tuiscint den scoth ar an gcomhshaol amach ón gcósta agus ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus taithí ábhartha le déanaí a léiriú sna gairmeacha agus sna réimsí saineolais atá sa liosta thuas, agus ba é an rud ab fhearr ar fad ná saineolas maidir le tionscadail cháblaí faoin bhfarraige mar aon le tionscadail ghaoithe amach ón gcósta.  Go hidéalach, ba cheart go mbeadh taithí ag comhairleoirí ar bheith ag obair mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach agus ionchur a bheith acu san obair. 
 
Nádúr na hOibre
Beidh ar na comhairleoirí a cheapfar comhairle a chur ar lucht an Bhoird maidir le comhairliúcháin réamhiarratais agus comhairle shaineolach mhara a sholáthar maidir le measúnú comhshaoil, tuarascálacha teicniúla agus doiciméid i scríbhinn a chur ar fáil lena n-áirítear sonraí maidir le measúnuithe agus moltaí ar achomhairc agus iarratais a fhaigheann an Bord.  Caithfidh comhairleoirí faofa a bheith in ann tuarascálacha den sórt sin a sholáthar go tráthúil agus laistigh de spriocdhátaí dochta. 
 
Rátaí Íocaíochta
Is é €835 an táille in aghaidh an lae agus ceadaítear meastachán ama roimh ré. 
 
An Méid Oibre
Ní fhostófar na comhairleoirí páirtaimseartha mar fhostaithe agus ní bheidh aon chosaint reachtúil atá ar fáil d’fhostaithe nó cearta aoisliúntais ag bhaint leis na ceapacháin a dhéanfar.  Is ar bhonn conartha le haghaidh seirbhísí amháin a thairgfear an fhostaíocht pháirtaimseartha agus ní bheidh aon choinníollacha fostaíochta ag baint leis an obair.  Ní thabharfar aon ghealltanas maidir le líon iarbhír na gcásanna a sannfar. 
 
Coimhlint Leasa
Ní féidir aon obair don Bhord a dhéanamh a bhféadfadh leas airgid nó leas tairbhiúil eile a bheith mar thoradh uirthi (seachas íocaíocht ón mBord).  Ní féidir aon obair a dhéanamh a d’fhéadfadh teacht salach ar an obair cháis ar leith atá á déanamh ag an mBord. 
 
Cód Iompair
Baineann an Cód Iompair do Chomhaltaí Boird, d’fhostaithe agus do Dhaoine Áirithe Eile le sainchomhairleoirí.  Féach ar Ailt 13, 14 agus 15 den chód atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Bhoird (www.pleanala.ie) faoin gceannteideal ‘About Us’. 
 
Iarratais
Ba cheart iarratais agus CVanna a sheoladh trí ríomhphost chuig Gavin Duffy Uasal, Acmhainní Daonna, An Bord Pleanála, ag recruitment@pleanala.ie
.

Dáta deiridh: 09 / 02 / 2024   11 : 42