Léim go dtí an príomhábhar

Cód Iompair do Bhaill agus d’Fhostaithe An Bhoird agus do Dhaoine Áirithe Eile

An Bord Pleanála

 

CÓD IOMPAIR DO BHAILL AGUS D’FHOSTAITHE AN BHOIRD AGUS DO DHAOINE ÁIRITHE EILE

Arna ghlacadh ag An mBord Pleanála ar an 8 Meitheamh, 2011.

 

CLÁR na nÁBHAR

 

1.

TÚS EOLAIS

2.

BALLRAÍOCHT IN EAGRAÍOCHTAÍ, I GCUMAINN AGUS I GCOMHLACHTAÍ EILE

3.

BALLRAÍOCHT/LEAS AIRGEADAIS I GCUIDEACHTAÍ, I GCOMHPHÁIRTÍOCHTAÍ NÓ I BHFORAIS EILE

4.

OBAIR A DHÉANAMH LE LINN AGUS TAR ÉIS BALLRAÍOCHTA/FOSTAÍOCHTA

5.

BRONNTANAIS A GHLACADH

6.

ÉIFEACHTÚLACHT AIRGEADAIS, ÉILEAMH COSTAS AGUS COSC CALAOISE

7.

NOCHTADH FAISNÉISE/FOILSIÚ TUAIRIMÍ/DEARCTHAÍ

8.

SOLÁTHAR POIBLÍ / COTHROMAÍOCHT I NDÉILEÁLACHA GNÓ

9.

CRUINNEAS FAISNÉISE

10.

AN TIMPEALLACHT OIBRE/SHEACHTRACH

11.

ACHOMHAIRC/IARRATAIS A BHREITHNIÚ

12.

CUMARSÁID MHÍCHUÍ

13.

NÓSANNA IMEACHTA DO BHAILL AN BHOIRD

14.

NÓSANNA IMEACHTA D’FHOSTAITHE/DO DHAOINE EILE A DHÉILEÁLANN LE CÁSANNA

15.

COMHAID AGUS OBAIR EILE A SHANNADH

16

AN CÓD IOMPAIR A SCAIPEADH

 

 

AGUISíN 1 RIACHTANAIS REACHTÚLA

AGUISÍN 2 MíNITHE

CÓD IOMPAIR DO BHAILL AGUS D’FHOSTAITHE AN BHOIRD AGUS DO DAOINE ÁIRITHE EILE

 

1. TÚS EOLAIS

 

Tuairisc Ghinearálta

 

Comhlacht neamhspleách riaracháin is ea An Bord Pleanála, a bunaíodh sa bhliain 1977 faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, ar a bhfuil cúram as cinneadh a dhéanamh ar iarratais ar fhorbairtí údaráis áitiúla agus ar fhorbairtí bonneagair straitéisigh eile, ar achomhairc phleanála, ar tharchuir, ar orduithe ceannaigh éigeantaigh, agus ar nithe áirithe eile faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2011. Is ar an mBord, leis, atá an cúram déileáil le hachomhairc faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta, 1990 agus 2007, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990 agus faoin Acht um Thruailliú Aeir, 1987. Cinneann sé iarratais, leis, ar Orduithe Iarnróid faoin Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001.

Ceanglaíonn Alt 150 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Aguisín 1) ar an mBord cód iompair a ghlacadh dá bhaill agus dá fhostaithe. Ceapadh an Cód seo chun géilleadh don riachtanas reachtach sin. Tá i gceist go gcloífeadh baill agus fostaithe ní amháin leis an gCód focal ar fhocal ach go gcloífidís chomh maith le spriorad an Chóid ar shlí a fhágfaidh go mbeidh lánmhuinín agus lán-iontaoibh ag an bpobal as an mBord mar chomhlacht a sheolann a oibríochtaí go neamhspleách, go neamhchlaon agus go trédhearcach.

Ba chóir do bhaill agus d'fhostaithe an Bhoird a admháil, leis, go bhfuil sé de fhreagracht orthu a bheith dílis don eagraíocht. Ba chóir do gach ball agus fostaí de chuid an Bhoird a áirithiú nach n-úsáidtear acmhainní ar bith de chuid na heagraíochta, agus am foirne san áireamh, chun tairbhe pearsanta nó le haghaidh gníomhaíochtaí nach bhfuil baint acu leis an eagraíocht ach sa chás go n-údaraítear iad. Níor chóir do bhaill foirne gnóthú go feasach, ach oiread, d’aon fhaisnéis íogair a d’fhéadfaidís seilbh a fháil air agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Ceanglaíonn Alt 147 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ar bhaill an Bhoird agus ar fhostaithe áirithe den Bhord dearbhú leasa a thabhairt don Bhord ina mbeidh leas i dtalamh nó in aon ghnó a bhfuil baint aige le forbairt talún. Coimeádann an Bord clár de na leasanna sin ar fad atá ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal.

In Alt 148 d’Acht na bliana 2000 leagtar amach riachtanais atá le comhlíonadh ag baill an Bhoird, ag fostaithe/comhairligh an Bhoird agus mar sin de, i staideanna mar a bhféadfadh trasnaíl leasa teacht chun cinn.

Ní mór do gach ball den Bhord agus gach duine a bhfuil post ainmnithe fostaíochta acu a áirithiú go ngéilleann sé nó sí d’fhorálacha ábhartha an Achta um Eitic in Oifig Phoiblí 1995 agus an Achta um Chaighdeáin in Oifig Phoiblí 2001.

Gheofar in Aguisín Uimh. 1 faisnéis mhionsonraithe ar ailt 147, 148 agus 150 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.


Ráiteas Misin

Ár gcion a dhéanamh mar chomhlacht neamhspleách chun a áirithiú go mbeidh forbairt fhisiciúil agus tionscnaimh mhóra bhonneagair in Éirinn ag luí le prionsabail na forbartha inbhuanaithe agus go bpleanálfar iad go héifeachtach, go cothrom agus go hoscailte.

 

Cuspóirí

1. Comhlíonadh a dhéanamh ar a dhualgas reachtúil chun iarratais, achomhairc agus nithe eile a chinneadh go pras agus go háirithe faoi chomhair an chuspóra reachtúil chun achomhairc, tarchuir, orduithe ceannaigh éigeantaigh, iarratais maidir le tionscadail bhonneagair agus nithe eile a chinneadh laistigh de 18 seachtaine (sprioc straitéiseach 90%).

 

2. Gach gnó a thagann faoina bhráid a chinneadh de réir:

 

(a) phrionsabail an cheartais nádúrtha agus an cheartais bhunreachtúil,

 

(b) phrionsabail na forbartha inbhuanaithe, agus

 

(c) phleanáil chóir agus forbairt inbhuanaithe an cheantair i dtrácht.

 

3. Seirbhís éifeachtach agus éifeachtúil ar ardchaighdeán a chur ar fáil ó fhoireann oilte inspreagtha.

 

4. A chuid oibre a dhéanamh ar bhealach neamhspleách a léireoidh an t-éiteas seirbhíse poiblí de bheith macánta, neamhchlaon agus fonnmhar chun fónamh do leas an phobail agus aird chuí á tabhairt ar gach seasamh agus leas dleathach.

 

5. A áirithiú:

 

(a) go ndéanfar acmhainní daonna, eagraíocht, cóiríocht agus seirbhísí tacaíochta lárnacha an Bhoird a sholáthar agus a fhorbairt go héifeachtach ( le béim ar leith ar oiliúint i dteicneolaíocht na faisnéise agus in oiliúint foirne),

 

(b) go ndéanfar a acmhainní airgeadais a bhainistiú agus a rialú go cuí, agus

 

(c) go mbeidh seirbhís éifeachtach faisnéise/cumarsáide le fáil ag an bpobal.

 

6. Aird chuí a thabhairt ar bheartais ábhartha Rialtais agus Aireachta agus bheith feasach ar údair imní na bpáirtithe leasmhara.

 

7. Cuntasacht ag an gcéim is airde a léiriú de réir nádúr gar-bhreithiúnach fheidhmeanna an Bhoird.

 

8. A áirithiú go mbíonn cinntí bunaithe ar dhálaí agus ar chúiseanna a chuirfear in iúl i bhfocail shoiléire.

 

 

2. BALLRAÍOCHT IN EAGRAÍOCHTAÍ, I GCUMAINN AGUS I GCOMHLACHTAÍ EILE

 

2.1 Ní ceadmhach do bhall ar bith den Bhord, don Phríomh-Oifigeach, do Stiúrthóir Pleanála/Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha ná don Rúnaí bheith ina b(h)all de pháirtí polaitiúil.

 

2.2 I gcás ina mbaineann fostaí, seachas duine atá i gceann de na poist dá dtagraítear in alt 2.1, le páirtí polaitiúil nó go dtagann sé/sí le bheith ina b(h)all de pháirtí polaitiúil, ní mór dó/di é sin a dhearbhú don Rúnaí. Thairis sin, i gcás inar sealbhóir oifige nó sealbhóir aon phoist eile, cibé ainmnithe nó tofa, i bpáirtí polaitiúil é/í an fostaí sin, nó go dtagann sé/sí chun bheith ina s(h)ealbhóir oifige nó ina s(h)ealbhóir d'aon phost eile, cibé ainmnithe nó tofa, i bpáirtí polaitiúil, nó ina dtoghtar é in oifig phoiblí, ní mór é sin a dhearbhú don Rúnaí.

 

2.3 Is ceadmhach do bhaill agus d’fhostaithe an Bhoird a bheith ina mbaill dá bhforais/dá n-institiúidí gairmiúla agus/nó de cheardchumainn, agus bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na bhforas sin.

 

2.4 Ball nó fostaí ar bith atá bainteach le heagraíochtaí lasmuigh, ba cheart de ghnáth go mbeadh an bhainteacht sin teoranta do bhallraíocht ina f(h)oras gairmiúil agus do bhallraíocht i gclubanna, in eagraíochtaí nó i ngrúpaí nach bhféachann mar chuid dá n-aidhmeanna ná dá gcuspóirí ná dá ngnáthghníomhaíochtaí ná dá ngnáthchláir le tionchar a imirt ar bheartais a bhaineann le pleanáil nó leis an gcomhshaol agus/nó le cinntí pleanála. Ní bhainfidh an tsriantacht sin le ballraíocht i gcumainn chónaitheoirí áitiúla. I gcás ina mbeidh ceist ann cibé an dtagann eagraíocht faoi chuimsiú an fho-ailt sin, ba cheart an cheist sin a atreorú chuig an gCathaoirleach.

2.5Ní bheidh ball ná fostaí de chuid an Bhoird bainteach le gníomhaíochtaí eagraíocht ar bith a bhféadfadh trasnaíl leasa idir a leasa féin agus leasa an Bhoird bheith de thoradh air. Ní bheidh ball ná fostaí bainteach le gníomhaíochtaí aon eagraíochta lasmuigh i slí a d’fhéadfaí a léirmhíniú go réasúnta mar shlí a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar a c(h)umas chun a d(h)ualgais leis an mBord a chomhlíonadh go neamhchlaon nó a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar chumas an Bhoird chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go neamhchlaon oibiachtúil.

 

3. BALLRAÍOCHT/LEAS AIRGEADAIS I GCUIDEACHTAÍ, I GCOMHPHÁIRTÍOCHTAÍ NÓ I BHFORAIS EILE

 

3.1 Aon bhallraíocht de chineál airgid, agus aon leas airgeadais i gcuideachta, i gcomhpháirtíocht nó i bhforas eile, dearbhófar é agus ba cheart go leanfadh baill agus fostaithe an Bhoird na nósanna imeachta atá leagtha amach i bparagraif 13 agus 14 maidir lena mbainteacht/a mballraíocht mar a bhféadfadh trasnaíl leasa a bheith ann maidir le haon chás ar leith, nó mar a bhféadfaí a mheas go raibh trasnaíl leasa ann.

3.2 Ní mór géilleadh, leis, do na riachtanais reachtacha faoi ailt 147 agus 148 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus faoi Acht um Eitic in Oifig Phoiblí 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifig Phoiblí 2001 dá dtagraítear i gCuid 1 .i. Tús Eolais.

 

 

4. OBAIR A DHÉANAMH LE LINN AGUS TAR ÉIS BALLRAÍOCHTA/

FOSTAÍOCHTA

 

4.1 Ceaptar baill an Bhoird i gcáil lánaimseartha. Ní ghlacfaidh ball ar bith le luach saothair as aon fhostaíocht, aon chomhairliú ná aon seirbhís chomhairleach lasmuigh ach amháin le cead scríofa an Chathaoirligh.

 

4.2 Ar chríoch a t(h)éarma oifige ní ghlacfaidh ball ar bith de chuid an Bhoird le fostaíocht a bhfuil baint aici le haon chás a bhí faoi bhráid an Bhoird le linn a t(h)réimhse oifige, ná ní ghníomhóidh sé/sí mar chomhairleach ná ní sholáthróidh sé/sí comhairle ar aon slí eile maidir le cás dá shórt.

 

4.3 Ní ghlacfaidh fostaí ar bith le luach saothair as aon fhostaíocht lasmuigh a d’fhéadfaí a léirmhíniú ar shlí ar bith nó a d'fhéadfaí a léirmhíniú go réasúnta mar fhostaíocht a bheadh ina thrasnaíl leasa maidir le haon ghné a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird Phleanála seachas le cead scríofa an Phríomh-Oifigigh.

 

4.4 Ar chríoch a t(h)éarma oifige ní ghlacfaidh ball ar bith de rang, de thuairisc ná de ghrád arna bhforordú chun críocha alt 147 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 le fostaíocht a bhfuil baint aici le haon chás a bhí faoi bhráid an Bhoird le linn a t(h)réimhse oifige, ná ní ghníomhóidh sé/sí mar chomhairleach ná ní sholáthróidh sé/sí comhairle ar aon slí eile i gcás dá shórt.

 

 

5. BRONNTANAIS A GHLACADH

 

5.1 Ní ghlacfaidh ná ní bhfaighidh ball ná fostaí, ná ní aontóidh ball ná fostaí aon bhronntanas, aon chuireadh, aon urraíocht, aon chomaoin ná aon ghar a ghlacadh ná a fháil, ó aon duine ná ó aon fhoras ar a s(h)on féin ná ar son aon duine eile a d'fhéadfaí a léirmhíniú mar mhealladh nó mar luach saothair as aon ghníomh a dhéanamh nó gan é a dhéanamh nó as tionchar a imirt ar fheidhmeanna nó ar ghnó an Bhoird.

 

6. ÉIFEACHTÚLACHT AIRGEADAIS, ÉILEAMH COSTAS AGUS COSC CALAOISE

6.1Agus a gcuid dualgas á gcur i gcrích ag baill agus fostaithe an Bhoird, déanfaidh siad a ndícheall a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as acmhainní airgeadais, comhshaoil agus daonna na heagraíochta.

6.2 Ní mór costais a éileoidh ball nó fostaí de chuid an Bhoird nó a n-íocfar leis/léi bheith bainteach le riachtanais chuí ghnó na heagraíochta agus leo siúd amháin agus ní mór dóibh bheith de réir an dea-chleachtais sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne.

6.3 Beidh rialuithe i bhfeidhm ag an mBord chun calaois a chosc lena n-áirítear nósanna imeachta leordhóthanacha chun géilliúlacht a áirithiú do nósanna imeachta atá leagtha síos maidir le costais taisteal gnó a éileamh agus áiritheoidh gach ball agus fostaí go gcloífear leis na rialuithe agus leis na nósanna imeachta sin.

7. NOCHTADH FAISNÉISE/FOILSIÚ TUAIRIMÍ/DEARCTHAÍ

 

7.1 Toirmisctear in Alt 113 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 ar bhaill agus ar fhostaithe an Bhoird faisnéis shonrach a nochtadh gan cead an Bhoird. Níl feidhm ag an alt sin maidir le faisnéis arna nochtadh ag an mBord (a) don Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, (b) de réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus (c) de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 1998.

7.2Ní léirmhíneofar rud ar bith a bhaineann le nochtadh faisnéise sa Chód seo mar ní a thoirmisceann, a shrianann ná a choisceann ar aon slí nochtadh faisnéise maidir le calaois, míchleachtas nó mírialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus a ndéileáltar leo i gCód an Bhoird um Nochtadh Faoi Rún de réir na bhforálacha atá leagtha amach sa chód sin.

 

7.3 Ní nochtfaidh baill ná fostaithe de chuid an Bhoird aon tuairim le haon bhall den phobal maidir le haon ní atá faoi bhráid an Bhoird, seachas faisnéis maidir le nósanna imeachta agus géilliúlacht don chuspóir reachtúil a thabhairt, faoi mar is cuí dóibh a thabhairt.

 

7.4 Ní thabharfaidh ball ná fostaí ar bith de chuid an Bhoird d’aon pháirtí,d’aon iarratasóir, d’aon bhreathnóir ná d’aon bhall eile den phobal faisnéis i dtaobh na nithe seo a leanas:-

 

• ainm bhall an Bhoird nó an Chigire atá ag déileáil le cás ar leith nó a d'fhéadfadh a bheith ag déileáil leis;

• faisnéis shonrach i dtaobh chruinnithe den Bhord,

• an freastal ar chruinnithe den Bhord sa todhchaí,

• socruithe saoire bhaill an Bhoird sa todhchaí,

• a bhfuil i moladh/tuarascáil an Chigire, nó i dtéarmaí ordú an Bhoird, le linn d’achomharc nó do tharchur a bheith á dhéanamh nó go mbeidh siad ar fáil don phobal i gcoitinne de réir na nósanna imeachta cuí.

 

7.5 Ba cheart ceist ar bith ó na meáin chumarsáid ar bhall nó ar fhostaí de chuid an Bhoird a atreorú go dtí an Rúnaí ar an gcéad dul síos.

 

7.6 Ní ceadmhach do bhall ná d’fhostaí ar bith de chuid an Bhoird, ach le cead scríofa an Chathaoirligh,

 

(i) ráiteas a dhéanamh ná agallamh a thabhairt do na meáin mar gheall ar an tslí a gcomhlíontar feidhmeanna an Bhoird,

 

(ii) aon ní a bhaineann leis an tslí a gcomhlíontar feidhmeanna an Bhoird a ullmhú lena fhoilsiú, a fhoilsiú ná a chur á fhoilsiú nó a fhoilsiú a cheadú ar shlí ar bith eile,

 

(iii) páipéar a thabhairt mar gheall ar an tslí a gcomhlíontar feidhmeanna an Bhoird,

 

 

Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (i) go (iii) thuas maidir le sealbhóirí oifige de chuid foras gairmiúil le linn thréimhse a n-oifigí.

7.7Ní ceadmhach do bhall ná d’fhostaí de chuid an Bhoird trasnaíl leasa a cheadú maidir lena d(h)ualgais oifigiúla, nó staid a d'fhéadfadh a bheith ina thrasnaíl leasa. Ní fhoilseoidh ná ní nochtfaidh ball ná fostaí de chuid an Bhoird go poiblí dearcthaí ná tuairimí pearsanta a d’fhéadfaí a léirmhíniú go réasúnta i slí a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar a c(h)umas chun a d(h)ualgais leis an mBord a chomhlíonadh go neamhchlaon ná a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar chumas an Bhoird chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go neamhchlaon oibiachtúil.

7.8 Ní choimeádfaidh ball de chuid an Bhoird doiciméad a fuarthas le linn a t(h)éarma mar bhall agus ba cheart gach doiciméad dá shórt a thabhairt ar ais don Rúnaí nó é a chur in iúl don Rúnaí gur cuireadh gach doiciméad dá shórt de láimh go cuí. I gcás ina dteastaíonn ó iarbhall de chuid an Bhoird teacht a fháil ar pháipéir óna t(h)réimhse ar an mBord is féidir é sin a éascú.

 

8. SOLáTHAR POIBLÍ / COTHROMAíOCHT I NDéILEáLACHA GNó

 

8.1 Ceannófar gach earra/seirbhís de réir Threoirlínte Soláthair Phoiblí an Bhoird Phleanála. Ní mór do bhaill agus d’fhostaithe an Bhoird a bheith meabhrach ar a bhfreagrachtaí maidir le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a fhaightear i dtaca le tairiscintí agus gan aon fhaisnéis dá sórt a nochtadh seachas de réir na gcleachtas bunaithe.

8.2 Tá an Bord faoi ghealltanas cothromaíocht a áirithiú i ngach déileáil gnó agus beidh gach ball agus fostaí meabhrach ar an ngealltanas sin agus a gcuid feidhmeanna agus freagrachtaí á gcomhlíonadh acu.

 

9. CRUINNEAS FAISNÉISE

 

9.1 Áiritheoidh fostaithe cruinneas gach cuntais, tuarascála agus staitistice a bhaineann le gnó an Bhoird agus féachfar chuige nach mbeidh aon cheann díobh míthreorach.

 

10. TIMPEALLACHT OIBRE/SHEACHTRACH

 

10.1 Beidh sé den tábhacht is mó ó thaobh an Bhoird de sláinte agus sábháilteacht na mball agus na bhfostaithe a chur ar aghaidh agus a chosaint. Tá sé faoi ghealltanas géilleadh do na cóid agus do na rialacháin lena mbaineann lena n-áirítear reachtaíocht maidir le comhionannas fostaíochta agus stádas comhionann. Déanfaidh an Bord a ghnó i slí a áiritheoidh go gcuirfear san áireamh go hiomlán údair imní an phobail áitiúil sa cheantar mar a bhfuil a oifigí suite agus go mbeidh a chleachtais ag luí le caomhnú an chomhshaoil.

 

NÓS IMEACHTA CUÍ

 

 

11 ACHOMHAIRC/IARRATAIS A BHREITHNIÚ

 

 

11.1 Is den riachtanas é go gcloífí le nósanna imeachta cuí ar mhaithe le cothromaíocht agus le ceartas nádúrtha agus bunreachtúil.

11.2 Ceanglaíonn an dlí ar an mBord a áirithiú nach mbíonn aon mhoill inseachanta ann ag céim ar bith den phróiseas achomhairc agus tá cuspóir reachtúil aige cásanna a chinneadh laistigh de ocht seachtaine déag nó de cheithre mhí, de réir mar is cuí.

 

11.3 Is de dhualgas gach ball/fostaí de chuid an Bhoird -

 

(a) gan é/í féin a iompar ar shlí mhímhacánta ná ar shlí a d'fhéadfadh droch-chlú a tharraingt ar an mBord nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d'éifeacht na slí ina gcomhlíonann an Bord a fheidhmeanna, agus

 

(b) bheith inniúil, éifeachtach, cúirtéiseach agus proifisiúnta agus a d(h)ualgais á gcomhlíonadh aige/aici.

 

 

12. CUMARSÁID MHíCHUÍ

 

12.1 Faoi Alt 114 d’Acht na bliana 2000 ní ceadmhach de réir dlí do dhuine ar bith cumarsáid a dhéanamh leis an gCathaoirleach, le gnáthbhall de chuid an Bhoird, le fostaí, le comhairleach ná le comhairleoir ná le duine ar bith eile a mbaineann an Bord leas as a s(h)eirbhísí chun críche tionchar míchuí a imirt ar bhreithniú nithe is cúram don Bhord ná ar chinneadh an Bhoird maidir le haon ní dá shórt. Is de dhualgas aon duine mar sin, ar chumarsáid mar sin a fháil, gan aon aird eile a thabhairt air ach í a chur i láthair an Bhoird gan mhoill.

 

 

13. NÓSANNA IMEACHTA DO BHAILL AN BHOIRD

 

13.1 Leagtar amach i bhfo-alt 148(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú na riachtanais reachtacha a bhaineann leis an ní seo.

 

13.2 I gcás ina bhfuil leas airgid nó aon leas tairbhiúil eile ag ball de chuid an Bhoird in iarratas nó achomharc ar bith nó in aon ghnó eile a thagann faoi bhráid an Bhoird lena chinneadh faoi achtachán ar bith, nó a bhaineann le haon cheann díobh sin, seo mar a dhéanfaidh sé/sí:

 

(a) nochtfar nádúr an leasa don Chathaoirleach agus do bhaill eile an Bhoird; cuirfidh sé/sí in iúl don Rúnaí é, leis, agus coimeádfaidh an Rúnaí clár de gach fógra dá shórt;

 

(b) ní bheidh sé/sí rannpháirteach ná ní fhreastalóidh sé/sí ar chruinniú ar bith ag a bpléifear ná ag a gcinnfear an ní;

 

(c) ní fhéachfaidh sé/sí le tionchar a imirt ar chinneadh ná ar aon nós imeachta de chuid an Bhoird maidir leis an ní sin.

 

13.3 Nuair a bhíonn comhad á chur i láthair ag ball ag cruinniú den Bhord, ní foláir do gach ball eile atá i láthair aon trasnaíl leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a nochtadh. I gcás ina gcinneann Cathaoirleach an chruinnithe go bhfuil trasnaíl leasa ann ní bheidh an ball i gceist rannpháirteach ina dhiaidh sin ná ní fhreastalóidh sé/sí ar aon chruinniú ag a mbeidh an cás sin á phlé ná á chinneadh.

 

13.4 I gcás ina dtagann ceist chun cinn cibé an bhfuil trasnaíl leasa ann nó nach bhfuil (seachas sa chás dá dtagraítear ag 13.3) is é Cathaoirleach an Bhoird, nó an Leas-Chathaoirleach in éagmais an Chathaoirligh, a chinnfidh an ní.

 

13.5 Nuair a bhíonn comhad á chur i láthair an Bhoird ag ball, ní foláir gach ceist a bhfuil tábhacht léi a tharraingt anuas, lena n-áirítear nithe a bhaineann le nós imeachta agus pointí teicniúla. Is de dhualgas gach baill an t-achomharc a chur i láthair go hoibiachtúil agus ní foláir deis chuí a thabhairt do na baill eile atá i láthair chun a dtuairimí a thabhairt sula ndéanfar cinneadh.

14. NÓSANNA IMEACHTA D’FHOSTAITHE/DO DHAOINE EILE A DHÉILEÁLANN LE CÁSANNA

 

14.1 Leagtar amach i bhfo-alt 148(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú na riachtanais reachtacha a bhaineann leis an ábhar seo.

 

14.2 I gcás ina bhfuil leas airgid nó aon leas tairbhiúil eile ag fostaí de chuid an Bhoird, ag Cigire a fhaigheann táille in aghaidh an cháis, ag comhairleach nó ag comhairleoir in achomharc nó i ní ar bith eile atá le cinneadh ag an mBord, nó a bhaineann le haon cheann díobh sin, géillfidh sé/sí do na riachtanais seo a leanas:

 

(a) ní imreoidh sé/sí tionchar ná ní fhéachfaidh sé/sí le tionchar a imirt ar phróiseáil an cháis ná ar chinneadh an Bhoird maidir leis an ní;

 

(b) nochtfaidh sé/sí i scríbhinn don Rúnaí nádúr a leasa agus géillfidh sé/sí d’aon orduithe a d’fhéadfadh an Bord a thabhairt maidir leis an ní;

14.3 I gcás ina meastar go bhfuil leas airgid nó aon leas tairbhiúil eile ag fostaí de chuid an Bhoird, ag Cigire a fhaigheann táille in aghaidh an cháis, ag comhairleach nó ag comhairleoir in achomharc nó i ní ar bith eile atá le cinneadh ag an mBord, nó a bhaineann le haon cheann díobh sin, taifeadfar é sin i bhfoirm mheabhráin agus tabharfar an comhad ar ais don Stiúrthóir Pleanála, don Leas-Stiúrthóir Pleanála nó do mhaoirseoir eile, mar is cuí, lena athshannadh. Cuirfidh an té atá i gceist an meabhrán ar aghaidh chuig an Rúnaí a choimeádfaidh clár de nithe mar sin.

 

15. COMHAID AGUS OBAIR EILE A SHANNADH

 

15.1 Is é is brí le sannadh,

1. obair lena n-áirítear comhad nó ní eile a shannadh d’fhostaí, do Chigire, do chomhairleach, do chomhairleoir nó do dhuine eile a mbaineann an Bord leas as a seirbhísí chun tuarascáil/moladh a ullmhú nó chun gnó eile a dhéanamh a bhaineann le cás, nó

2. comhad nó ní eile a leithdháileadh ar bhall de chuid an Bhoird lena bhreithniú nó lena chur faoi bhráid an Bhoird.

 

15.2 Ní dhéileálfaidh ball ná duine eile dá dtagraítear i 15.1 le haon chás i gcáil ar bith thar ceann an Bhoird mar a raibh baint aige/aici leis uair ar bith roimhe sin, ar bhonn pearsanta ná thar ceann fostóra a bhí aige/aici roimhe sin ná mar bhall d'aon eagraíocht eile ná d'aon chomhlacht deonach.

15.3 Ní dhéileálfaidh ball ná duine eile dá dtagraítear i 15.1 go feasach le comhad ná le haon ghnó eile ná ní bheidh sé/sí rannpháirteach i gcinneadh cáis maidir lena g(h)archomharsanacht féin ná maidir le daoine atá ar aithne go maith aige/aici ar bhonn pearsanta.

 

15.4 Ní dhéileálfaidh ball ná duine eile dá dtagraítear i 15.1 go feasach le comhad a bhaineann le húdarás pleanála ná le cleachtas príobháideach mar a raibh sé/sí fostaithe sa dá bhliain díreach roimhe sin ná le haon eagraíocht dheonach ná gairmiúil ar bhall nó ar ball di an té i dtrácht sa tréimhse dhá bhliain díreach roimhe sin.

15.5 Ní dhéileálfaidh ball ná duine eile dá dtagraítear i 15.1 go feasach le comhad ná ní bheidh sé/sí rannpháirtach i gcinneadh aon cháis a bhaineann le talamh, gnó ná leasanna gairmiúla atá ainmnithe ina d(h)earbhú leasanna ná a bhféadfadh impleachtaí a bheith aige d’aon ní atá ainmnithe sa dearbhú sin.

 

15.6 I gcás ina bhfuil amhras mar gheall ar aon cheist a eascraíonn faoi 15.2, 15.3, 15.4 nó 15.5 is é an Cathaoirleach a réiteoidh an cheist (i gcás bhaill de chuid an Bhoird), an Rúnaí (i gcás na foirne riaracháin) nó an Stiúrthóir Pleanála (i gcás fhoireann na Cigireachta).

15.7 Ní dhéileálfaidh ball ná fostaí de chuid an Bhoird leis an bpróiseas cinnteoireachta ná ní bheidh sé/sí rannpháirteach in aon chás mar a measann sé/sí go bhféadfadh an bhainteacht sin dealramh de chlaonadh oibiachtúil a thabhairt, is é sin go bhféadfadh an bhainteacht sin bheith ina údar réasúnta le himní go mb’fhéidir go raibh an cinnteoir nó an próiseas as ar lean an cinneadh claon nó go measfadh breathnóir réasúnta nár phróiseas cinnteoireachta neamhchlaon a bhí ann.. In aon chás ina bhfuil amhras maidir leis an gceist sin ba cheart do bhall rialú a lorg ón gCathaoirleach agus ba cheart d'fhostaí rialú a lorg ón bPríomh-Oifigeach.

15.8 Ní iarrfaidh aon bhall ná aon fhostaí, seachas an Cathaoirleach, comhad ar leith a bheith sannta dó/di.

 

15.9 I gcás ina sanntar comhad ar bhall nó ar fhostaí de chuid an Bhoird nó ar dhuine eile atá in aon cheann de na catagóirí a dtugtar breac-chuntas orthu i bparaghraif 15.2, 15.3, 15.4, 15.5 nó 15.r 7 cuirfear an comhad ar ais go dtí an sannóir lena athshannadh.

 

16. AN CÓD IOMPAIR A SCAIPEADH

16.1 Scaipfidh an Bord an Cód Iompair ar gach ball agus fostaí agus cuirfidh sé daoine eile lena mbaineann ar an eolas mar gheall ar an gcód de réir mar is gá. Gach duine a fhaigheann an cód, admhóidh siad go bhfuair agus go dtuigeann siad é.

AGUISíN 1

 

RIACHTANAIS REACHTÚLA

1. CÓD IOMPAIR - ALT 150 MAR A BHAINEANN SÉ LEIS AN MBORD PLEANÁLA

 

1.1 Foráiltear in Alt 150 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go nglacfaidh An Bord Pleanála cód iompair chun déileáil le trasnaíl leasa agus le muinín an phobail a chur ar aghaidh in a sláine a seoltar a ghnó.

 

1.2 Is éard a bheidh i gcód iompair ráiteas scríofa ina leagfar amach beartas an

Bhoird ar na nithe seo a leanas ar a laghad:

 

1. nochtadh leasanna agus gaolta i gcás gur ní ábhartha maidir le hobair an Bhoird na leasanna agus na gaolta;

2. ballraíocht in eagraíochtaí, i gcumainn agus i gcomhlachtaí eile, cibé gairmiúil nó eile;

3. ballraíocht nó leasanna airgeadais eile i gcuideachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó i bhforais eile;

4. dul i mbun oibre, nach obair í thar ceann an Bhoird, le linn aon tréimhse fostaíochta leis an mBord nó ina dhiaidh, cibé mar chomhairleach, mar chomhairleoir nó i gcáil éigin eile;

5. glacadh le bronntanas, le hurraíocht, le comaoin nó le gar;

6. nochtadh eolais maidir le nithe a bhaineann le hobair an Bhoird;

7. an nós imeachta cuí a leanúint maidir le feidhmeanna an Bhoird lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir le –

 

▪ achomhairc agus iarratais phleanála a phróiseáil,

▪ deonú ceada a bheadh ina shárú ábhartha ar an bplean forbartha, agus

▪ baill nó fostaithe ag nochtadh aon uiríoll a rinneadh leis na baill nó leis na fostaithe sin cibé i scríbhinn nó ar shlí eile maidir leis na nithe sin.

 

 

1.3 Beidh feidhm ag an chuid seo maidir le –

o ball de chuid an Bhoird, agus

o fostaí de chuid an Bhoird nó le duine ar bith eile –

▪ a mbaineann an Bord leas as a s(h)eirbhísí, agus

▪ atá de rang, de thuairisc nó de ghrád arna bhforordú chun críocha an ailt seo.

(féach alt 3 den Aguisín seo do shonraí daoine forordaithe)

1.4 Coinníoll de bheith ceaptha mar bhall de chuid an Bhoird a bheidh i ngéilleadh don chód iompair.

 

Coinníoll fostaíochta a bheidh ann i gcás daoine arna liostú ag fo-alt (3)(c) in Acht na bliana 2000 géilleadh don chód iompair.

 

1.5 Féadfaidh an Bord uair ar bith cód iompair a ghlacfar faoin gcuid seo a athbhreithniú agus –

 

o an cód iompair a leasú, nó

o cód iompair nua a ghlacadh.

 

 

2. NOCHTADH LEASANNA – FORÁLACHA REACHTúLA ÁBHARTHA ALT 147

 

2.1 Deirtear in Alt 147(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 gur de dhualgas duine dearbhú leasanna arna shíniú aige nó aici a bheith tugtha a fhad a mbeidh feidhm ag an alt maidir leo. Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na daoine seo a leanas:

 

o ball de chuid an Bhoird,

o fostaí de chuid an Bhoird nó duine ar bith eile –

a mbaineann an Bord leas as a s(h)eirbhísí, agus

atá de rang, de thuairisc nó de ghrád arna bhforordú chun críocha an ailt seo.

 

2.2 Ceanglaíonn fo-alt 147(2) go ndéanfaí dearbhú faoin alt uair sa bhliain ar a laghad.

2.3 Ar a gceapadh ar an mBord, nó ar thús na fostaíochta, ní foláir do bhaill nó d’fhostaithe an Bhoird nó d’aon duine eile a mbaineann an Bord leas as a s(h)eirbhísí, agus atá de rang, de thuairisc nó de ghrád arna fhorordú chun críocha an ailt seo dearbhú reachtúil a chomhlánú ina mbeidh sonraí gach leasa lena mbaineann an t-alt seo:

 

1. maidir le haon eastát nó leas in aon talamh atá ina s(h)eilbh aige/aici, ach gan aon leas comhdhéanta de theach teaghlaigh a bheith ar áireamh, laistigh de chiall pharagraf 1(4) den Dara Sceideal leis an Acht um Eitic in Oifig Phoiblí, 1995;

2. maidir le haon ghnó ina ndéileáltar i dtalamh nó i bhforbairt talún ina bhfuil sé/sí bainteach nó fostaithe agus aon ghnó den sórt sin arna dhéanamh ag cuideachta nó ag foras eile ar ball de é nó í, nó aon ainmní dá chuid nó dá cuid;

3. maidir le haon ghairm, aon ghnó nó aon slí bheatha ina bhfuil sé/sí gníomhach cibé ar a s(h)on féin nó nach ea, agus a bhaineann le déileáil i dtalamh nó le forbairt talún. [Féach a.147(3)(b)]

 

2.4 Coimeádfar an clár leasanna ag oifigí an Bhoird agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal le linn uaireanta oifige. Cuirfear dearbhú ar fáil uair sa bhliain ar a laghad nó i gcás ina mbíonn athrú maidir le sonraí an leasa. An fhoirm dhearbhúcháin reachtúil a úsáidfear chuige sin. [féach a.147(a)]

 

2.5 Ní áireofar go bhfuil leas ag duine más amhlaidh go bhful an leas sin chomh fada amach nó chomh neamhthábhachtach sin nach bhféadfaí a cheapadh go réasúnta go mbeidh tionchar aige air/uirthi agus é/í ag plé aon ghné a thiocfadh chun cinn maidir le haon ní a d’éireodh nó a thiocfadh os comhair an bhoird nó ag caitheamh vóta uirthi, nó ar an tslí a chomhlíonfadh sé/sí aon fheidhm maidir leis an ní sin. [féach a.147(6)]

 

2.6 (1) I gcás ina bhfuil leas airgid nó leas tairbhiúil eile dá dtagraítear i bhfo-ailt (3), (4) nó (5) d’alt 147 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, ag duine ar an aon-chúis go bhfuil úinéireacht thairbhiúil scaireanna aige/aici i gcuideachta nó i gcomhlacht eile nó ag a (h)ainmní agus nach sáraíonn luach na scaireanna sin an ceann is lú díobh seo -

 

1. €13,000 nó

2. an céadú cuid de luach ainmniúil iomláin an scairchaipitil eisithe sa chuideachta nó sa chomhlacht nó, i gcás inar eisíodh an caipiteal sin i scaireanna de bhreis is aicme amháin, an scairchaipiteal eisithe den aicme nó de na haicmí scaireanna ina bhfuil leas aige nó aici,

 

ní bheidh feidhm ag na riachtanais reachtúla maidir le rudaí a dhearbhú agus a nochtadh maidir leis an leas sin. [féach a.147(7)]

 

2.7Duine ar bith nach gcomhlíonfaidh fo-ailt (1) agus (2) d’alt 147 nó a thabharfaidh sonraí atá bréagach nó ar fios dó/di iad a bheith míthreorach go hábhartha nuair a airbheartóidh sé/sí a bheith ag comhlíonadh riachtanais fho-alt 1, beidh sé/sí ciontach i gcion [féach a.147(11)]

3. DAOINE FORORDAITHE I GCÁS AILT 147 AGUS 150

3.1 In Airteagal 180 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 leagtar amach aicme, tuairisc nó grád daoine forordaithe mar seo a leanas:

 

(1) Forordaítear leis seo na haicmí, na tuairiscí agus na gráid seo a leanas d’fhostaithe an Bhoird agus de dhaoine eile chun críocha ailt 147 agus 150 den Acht –

 

(a) gach fostaí de chuid an Bhoird, ach amháin iad siúd atá i bhfostaíocht –

(i) ina dteastaíonn cáilíochtaí nach cáilíochtaí iad atá gairmiúil nó teicniúil go hiomlán nó go páirteach, agus

(ii) inar lú an luach saothair uasta ná an luach saothair uasta d’oifig an Oifigigh Fheidhmiúcháin sa Státseirbhís;

(b) (i) gach oifigeach de chuid an Aire, de bhun socrú arna dhéanamh faoi alt 122(1) den Acht,

 

(ii) gach duine atá fostaithe i gcáil pháirt-aimseartha ag an mBord de réir alt 120(2) den Acht,

 

atá gníomhach i ndualgais a bhaineann le hachomhairc, le tarchuir nó le nithe eile atá le cinneadh ag an mBord faoin Acht nó faoi aon achtachán eile.

 

(2) Forordaítear leis seo chun críocha alt 150 den Acht gach duine a fhostófar mar chomhairleach nó mar chomhairleoir don Bhord faoi alt 124.

 

4. RIACHTANAIS MAIDIR LE DAOINE A BHFUIL LEASANNA TAIRBHIÚLA ÁIRITHE ACU (ALT 148)

4.1 Leagtar amach in Alt 148 ag fo-ailt (1) agus (5) riachtanais i gcás ball agus fostaithe/comhairligh a bhfuil leas airgeadais nó leas tairbhiúil eile acu in aon achomharc nó in aon cheist os comhair an Bhoird.

4.2 Ní foláir don té a bhfuil leas aige/aici dá dtagraítear i 3.1 an leas sin a nochtadh má tá baint ag ball de chuid an Bhoird nó aige/aici féin leis an ní mar fhostaí/mar chomhairleach. Más ball de chuid an Bhoird é/í ní bheidh aon pháirt aige/aici i bplé ná i mbreithniú an ní agus ní bheidh tionchar aige/aici ná ní fhéachfaidh sé/sí le tionchar a bheith aige/aici ar chinneadh an Bhoird más fostaí é/í nó eile é/í. [Féach a.148(1) agus 148(5)]

4.3 Chun críocha alt 148 measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine más amhlaidh:

 

1. gur ball é nó í nó a c(h)éile/a p(h)áirtnéir sibhialta, nó ainmní dá c(h)uid nó dá c(h)éile/dá p(h)áirtnéir sibhialta i gcuideachta nó i bhforas eile a bhfuil leas tairbhiúil aige/aici i ní dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) go (5) d’alt 148 den Acht Pleanála, 2000, nó a bhaineann leis an ní sin,

2. go bhfuil sé/sí nó a c(h)éile/a p(h)áirtnéir sibhialta i gcomhpháirtíocht le duine nó fostaithe ag duine a bhfuil leas tairbhiúil aige/aici sa ní sin, nó a bhaineann leis an ní sin,

3. gur páirtí é/í nó a c(h)éile/p(h)áirtnéir sibhialta i socrú nó i gcomhaontú ar bith (cibé an bhfuil sé infheidhmithe nó nach bhfuil) maidir le talamh a mbaineann an ní sin leis, nó

4. go bhfuil leas tairbhiúil ag a c(h)éile/a p(h)áirtnéir sibhialta sa ní sin, nó a bhaineann leis an ní sin. [Féach a.148(6)]

 

4.4 I gcás ina bhfuil leas tairbhiúil dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) go (5) d’alt 148 ag duine ar an aon-chúis go bhfuil úinéireacht thairbhiúil scaireanna aige/aici i gcuideachta nó i gcomhlacht eile nó ag a (h)ainmní agus nach sáraíonn luach na scaireanna sin an ceann is lú díobh seo -

 

1. €13,000 nó

2. an céadú cuid de luach ainmniúil iomlán an scairchaipitil eisithe sa chuideachta nó sa chomhlacht nó, i gcás inar eisíodh an caipiteal sin i scaireanna de bhreis is aicme amháin, an scairchaipiteal eisithe den aicme nó de na haicmí scaireanna ina bhfuil leas aige nó aici,

ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) go (5) dá dtagraítear maidir leis an leas tairbhiúil sin. [féach a.148(8)]

4.5 Duine a sháraíonn nó a dteipeann air/uirthi géilleadh do riachtanas de chuid alt 148, beidh sé/sí ciontach i gcion [féach as.148(10)]

AGUISÍN 2 MíNITHE

 

Ar mhaithe le háisiúlacht, ba cheart tagairt sa Chód seo d’achomharc a léirmhíniú mar thagairt d’achomharc nó do ní eile lena bhfuil baint ag an mBord. Ba cheart tagairt sa Chód seo d’fheidhm atá le comhlíonadh ag an gCathaoirleach a léirmhíniú mar fheidhm atá le comhlíonadh ag an Leas-Chathaoirleach in éagmais an Chathaoirligh.

 

Ciallaíonn Ball an Cathaoirleach nó gnáthbhall de chuid an Bhoird mura sonraítear a mhalairt.

 

Ciallaíonn fostaí, i gcás ina n-úsáidtear é gan cháilíocht, duine atá fostaithe ag an mBord faoi chonradh seirbhíse cibé ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha ach ní áirítear air, mura ndeirtear a mhalairt, daoine ar sos gairme nó ar saoire speisialta eile seachas saoire bhreoiteachta i gcás ina maireann an tsaoire sin tréimhse is faide ná sé mhí agus áireofar air daoine atá fostaithe ag an mBord ar shocrú iasachta nó ar shocrú sealadach eile.