Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Mheasúnacht Chuí

Páirt XAB den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 a chuirtear isteach le halt 57den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2010, déileálann sé le saincheist an mheasúnaithe chuí i gcás gur gá a leithéid faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga. (Treoir 92/43/CEE An 21 Bealtaine, 1992 (arna leasú) ón gComhairle).

Ceanglaíonn Páirt XAB ar an mBord Pleanála scagadh a dhéanamh ar aon fhorbairt bheartaithe dá ndéantar iarratas chuig an mBord maidir leis nó is ábhar d'achomhairc chun a chinneadh an gá an measúnú cuí agus chun an measúnú a dhéanamh i gcás inar cuí.

Alt 177AE

Ní mór d'údaráis áitiúla iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála maidir le haon fhorbairt bheartaithe ina limistéar feidhme siúd, nó ar an urthrá, más gá measúnú cuí faoin Treoir maidir le Gnáthóga.

Alt 181A

I gcás leasuithe ar an alt ní mór d'údarás stáit iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála maidir le forbairt ar bith arna fhorordú faoi alt 181 i gcás inar gá measúnú cuí a dhéanamh. (Ní raibh feidhm ag an alt seo roimhe seo ach amháin i gcás inar ghá Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol).

Airteagal 250 - Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 - arna leasú

Féadfaidh duine ar bith iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh cibé an éilíonn forbairt arna bheartú ag údarás áitiúil measúnú cuí a bheith déanta. I gcás ina gcinneann an Bord gur gá measúnú cuí a dhéanamh ní mór iarratas a dhéanamh chuig an mBord faoi alt 177AE den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú.