Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Achomhairc Phleanála (Alt 37)

Cion suntasach d’obair an Bhoird is ea na hachomhairc a dhéantar faoin alt 37 d’Acht Pleanála 2000, arna leasú, dá ngairtear go hiondúil gnáthachomhairc phleanála, agus is leo a bhaineann bunáite na gcinntí a dhéanann sé. Is iad na cinntí a dhéanann na húdaráis phleanála ar iarratais ar chead talamh a fhorbairt (lena n-áirítear iarratais ar chead struchtúir a choinneáil nó leanúint dá n-úsáid) is bonn leis na hachomhairc seo. Roinntear na hachomhairc ina gceithre chatagóir, eadhon:

  • Achomhairc chéad pháirtí in aghaidh cinntí de chuid na n-údarás pleanála inar dhiúltaigh siad cead.
  • Achomhairc chéad pháirtí in aghaidh coinníollacha a theastaíonn ó na húdaráis phleanála a chur le ceadanna.
  • Achomhairc chéad pháirtí in aghaidh coinníoll lena gceanglaítear ranníoc airgid.
  • Achomhairc tríú páirtí, de ghnáth in aghaidh cinntí de chuid na n-údarás pleanála inar dheonaigh siad cead.

I gcásanna áirithe, b'fhéidir go mbeadh achomhairc chéad pháirtí agus tríú páirtí araon in aghaidh cinnidh údaráis phleanála.

I dteannta na bpáirtithe san achomharc, féadfaidh daoine eile aighneachtaí nó tuairimí a chur chuig an mBord maidir le hachomharc. "Breathnóirí" a thugtar ar na daoine sin.