Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Forbairt Bonneagair Straitéisigh

Is le hiarratais ar chomhthoiliú maidir le forbairt bheartaithe a aicmítear mar fhorbairt bonneagair straitéisigh a bhaineann an catagóir cásanna seo. Gheofar na forálacha agus na sainmhínithe a bhaineann leis an gcatagóir seo forbartha san Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 (I.R. 27 de 2006) lena leasaítear Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus Achtanna eile. I gceist i gcásanna den chineál seo bíonn iarratais ar chomhthoiliú pleanála arna ndéanamh díreach chuig an Bord Pleanála agus iarratais ghaolmhara ar fháil éigeantach talún. Bíonn comhchomhairliucháin éigeantacha réamhiarratais i gceist i gcásanna áirithe. Rialaíonn forálacha reachtúla ar leith catagóirí difriúla d'fhorbairt bonneagair straitéisigh agus tagraítear dóibh sin thíos.