Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Choimisiúin: Toiliú Ionadach

Is féidir iarratais dhíreacha ar Thoiliú Ionaid a dhéanamh chuig an gCoimisiún Pleanála faoi alt 177E den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Baineann na hiarratais sin le forbairt atá déanta agus a raibh Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus/nó Measúnacht Chuí ag teastáil ina leith.

Ní féidir iarratais den sórt sin a dheonú ach amháin in imthosca eisceachtúla agus i gcás go mbeidh an fhorbairt i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir. Féadfar iarratas faoi alt 37L, a bhaineann le forbairt bhreise, a dhéanamh tar éis an iarratais. Féadfaidh iarratasóir ionchasach cruinniú/cruinnithe comhchomhairliúcháin réamhiarratais a iarraidh sula gcuirfidh sé nó sí a iarrata(i)s nó a hiarrata(i)s isteach.

Ullmhaíodh treoirlínte d’iarratasóirí ionchasacha agus is féidir iad a íoslódáil anseo.