Léim go dtí an príomhábhar

An Ghaeilge

Cuireann an Bord Pleanála fáilte roimh dhaoine a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid gnó leis agus geallann an eagraíocht a oibleagáidí agus a ghealltanais i leith na Gaeilge, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, faoina Phlean Gníomhaíochta do Chustaiméirí agus faoina Scéim Ghaeilge féin, a chomhlíonadh Ghlacamar ár gceathrú Scéim Ghaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2015.

Féachtar sa scéim nua le tógáil ar na scéimeanna roimhe seo trí sheirbhísí sa dá theanga oifigiúil (Gaeilge agus Béarla) a choimeád agus a fheabhsú.