Léim go dtí an príomhábhar

Príomhthréithe an chórais achomharc pleanála

Is iad seo trí phríomhthréith an chórais:

  • Tá sé neamhspleách,
  • tá sé arna leagan amach le go mbeadh sé cothrom neamhchlaon, agus
  • tá sé oscailte.

Tá forálacha soiléire sna hAchtanna Pleanála faoi neamhspleáchas an Bhoird. Tá líon foirne agus caiteachas an Bhoird faoi réir rialú an Aire. Tá cumhacht freisin ag an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil treoracha polasaí ghinearálta a eisiúint maidir leis an bpleanáil agus leis an bhforbairt agus tá iallach ar an mBord aird a thabhairt ar na treoracha seo.. Mar sin féin, forálann an dlí nach gcuireann an chumhacht seo ar chumas an Aire aon chumhacht ná rialú a chur i bhfeidhm i leith aon achomhairc áirithe. Sa bhliain 1976, glacadh leis go ginearálta nár mhór an Bord a bhunú mar d'aontaigh na páirtithe polaitíochta an uair sin gur cheart gur bhinse neamhspleách a bheadh ag plé le cinntí achomhairc i réimse íogair mar an fhorbairt talún. Is maith a thuigeann an Bord cé chomh riachtanach atá sé an fhreagracht seo a chomhlíonadh go sásúil. Gan dochar dá neamhspleáchas, tugann an Bord comhairle don Roinn faoi athruithe polasaí a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar an bpleanáil fhisiceach, ag baint leasa as an taithí atá aige ar achomhairc aonair pleanála a mheas ar an leibhéal náisiúnta.

Ag socrú achomharc aonair dó, tá ról samhailbhreithiúnach ag an mBord, de réir phrionsabail an cheartais aiceanta. Ní hionann agus bunáite na gcóras achomharc pleanála san Eoraip, is féidir le tríú páirtithe achomhairc a dhéanamh faoi chóras na hÉireann. Tá riar na n-achomharc seo ag fás agus sa bhliain 2003 bhí baint ag tríú páirtithe le 48% de na hachomhairc phleanála a cinneadh. Tionóladh éisteachtaí ó bhéal i 46 cás (achomhairc phleanála, orduithe ceannaigh éigeantaigh na n-údarás áitiúil agus scéimeanna bóthair) sa bhliain sin d'fhonn cabhrú leis an mBord i gcásanna a bhí thar a bheith casta nó a raibh fadhbanna suntasacha i gceist iontu ó thaobh an náisiúin nó na háite.

Ní chuireann an pholaitíocht isteach ar chinntí an Bhoird in aon chás faoi leith. Faoi Alt 114 d'Acht Pleanála na bliana 2000, tá sé in aghaidh an dlí dul i dteagmháil le ball ar bith den Bhord, le fostaí nó le comhairleoir atá ar fostú ag an mBord, d'fhonn dul in éifeacht go míchuí ar a m(h)eas ar achomharc nó ar chinneadh de chuid an Bhoird. Tá dualgas dlíthiúil freisin ar bhaill, ar fhostaithe agus ar chomhairleoirí an Bhoird leasanna áirithe a thabhairt le fios. Tá de thoradh ar nósanna imeachta an Bhoird nach féidir le haon duine uaidh féin, cuma an Ball den Bhord é nó cigire nó duine ar bith eile, a chinntiú cén cinneadh a dhéanfaidh an Bord in aon achomharc faoi leith. Triúr an córam do chruinnithe an Bhoird agus go hiondúil freastalaíonn gach ball ar chruinniú Boird má bhíonn cás casta nó íogair i gceist. Agus achomharc á mheas, cuirtear na haighneachtaí go léir atá sa chomhad san áireamh, mar aon le tuarascáil an chigire (an moladh san áireamh). Tugann an Bord an aird is cuí ar an tuarascáil, ach ní gá go gcloífeadh an cinneadh leis an moladh i gcónaí; i 2003, ghlac an Bord tríd is tríd le moladh an chigire in 89% de na cásanna. De réir Acht Pleanála na bliana 2000, mura nglacann an Bord le moladh an Chigire i dtaca le cead a dheonú nó a dhiúltú, caithfidh an Bord an phríomhchúis a bhí aige leis seo a thabhairt le fios ina ordú cinnidh.

Tugann an teideal fada ar Acht Pleanála na bliana 2000 (a thógann áit na nAchtanna Pleanála 1963 go 1999) le tuiscint gurb é príomhaidhm an Achta, ar mhaithe leis an leas poiblí, socruithe a dhéanamh ar son na dea-phleanála agus na forbartha inbhuanaithe, lena n-áirítear soláthar tithíochta. Agus achomharc á dhéanamh leis an mBord, caithfear de ghnáth an t-iarratas a chinneadh amhail is dá mba leis an mBord a dhéanfaí é ar na gcéad ásc. Mar sin tá iallach ar an mBord de ghnáth na critéir chéanna a chur i bhfeidhm agus a rinne an t-údarás pleanála; go háirithe, ní chuirfidh sé san áireamh de ghnáth ach dea-phleanáil agus forbairt inbhuanaithe an limistéir. Caithfidh na húdaráis phleanála aird a thabhairt ar na treoirlínte agus cloí leis na treoracha a eisíonn an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil i dtaobh a gcuid feidhmeanna. Caithfidh an Bord freisin aird a thabhairt ar na treoirlínte seo agus cloí leis na treoracha seo, a mhéid is infheidhmithe iad.

Sa chiall a bhaineann sé as "dea-phleanáil agus forbairt inbhuanaithe" an limistéir, tá an chumhacht ag an mBord forálacha pleananna forbhartha a shárú, ach is annamh is riachtanach leis an chumhacht seo a chur i bhfeidhm. Ar a shon sin, i gcás ar bith a ndiúltaíonn an t-údarás pleanála cead ar an ábhar go sáródh an fhorbairt a bhí á beartú forálacha an phlean forbartha go suntasach, ní fhéadfaidh an Bord cead a dheonú ach in imthosca áirithe, m.sh. má tá tábhacht straitéiseach nó náisiúnta leis an bhforbairt. Nuair is cuí é, cuirfidh an Bord an polasaí poiblí ar shaincheisteanna móra san áireamh, ó tharla go gcuireann Alt 143 d'Acht na bliana 2000 iallach ar an mBord aird a thabhairt ar bheartais agus aidhmeanna Airí, údarás pleanála agus údarás poiblí áirithe eile. Más eilimintí ábhartha iad an fhorbairt agus soláthar fostaíochta san achomharc, is é cleachtas an Bhoird é tagairt a dhéanamh dóibh sa chinneadh aige, ach ní eilimintí ábhartha iad ach i gcásanna eisceachtúla. Bíonn an Bord ag iarraidh caitheamh go cothrom leis an gcomhshaol agus leis an eacnamaíocht agus é ag cinneadh achomharc.

Nuair a chinneann an Bord an t-achomarc amhail is dá mba leis a dhéanfaí é ar an gcéad ásc, cuireann sé an cinneadh in iúl trí bhíthin orduithe shéalaithe, a chaithfidh na cúiseanna agus na dálaí is bun leis an gcinneadh a thabhairt. Mar gheall ar chineál agus ar fhairsinge an chórais achomharc agus mar gheall air gur féidir athbhreithniú breithiúnach a iarraidh i gcás cinnidh achomhairc aonair, ní phléann an Bord na hargóintí ar son nó in aghaidh na gcinntí aige go poiblí. Bíonn an Bord ag iarraidh go mbeadh cáilíocht ard ag baint lena chuid cinntí agus go mbeidís comhsheasmhach soiléir.

Tréith shuntasach a bhaineann leis an gcóras achomharc faoi láthair go bhfuil sé oscailte follasach. Is féidir le ball ar bith den phobal comhad iomlán aon achomhairc a rinneadh leis an mBord a iniúchadh go ceann cúig bliana ar a laghad ón tríú lá oibre tar éis don achomharc a bheith cinnte. Tá cóip d'Ordú agus de Threoir an Bhoird agus de thuarascáil an Chigire le fáil ar an suíomh gréasáin seo freisin. Is féidir cóip de cháipéis ar bith sa chomhad a cheannach in oifigí an Bhoird. Ní bhíonn aon "aidhm folaigh" ag baint le haon chomhad achomhairc faoi leith. I gcomhthéacs Sheirbhís Phoiblí na hÉireann, tá an córas achomhairc thar a bheith oscailte. Tá ráchairt mhór ar an áis rochtana seo.