Léim go dtí an príomhábhar

Costais a Bhaineann le hAchomhairc agus Tarchuir

Tá sé de chumhacht ag an mBord ordú a thabhairt d’údarás pleanála cúiteamh a íoc le hachomharcóir, nó le duine a dhéanann achomharc, as na costais a bhaineann le hachomharc nó tarchur a dhéanamh. Ní tharlaíonn sé seo ach i gcásanna an-eisceachtúla.
 
Tá sé de chumhacht ag an mBord freisin a ordú don achomharcóir nó don duine a dhéanann tarchur cúiteamh a íoc leis an údarás pleanála, nó le haon duine eile a bhfuil baint aige leis an gcás nó leis an mBord. Ní tharlaíonn sé seo ach i gcásanna eisceachtúla agus nuair nár aontaigh an Bord le príomhphointí an achomhairc nó an tarchuir nó má mheas an Bord gurbh é rún an achomhairc nó an tarchuir moill a chur ar an bhforbairt nó brabús a dhéanamh.
 
Tá sé de chumhacht ag an mBord cinneadh a dhéanamh faoi na costais a mheasann sé atá réasúnta sna cásanna seo. Tá an chumhacht seo leagtha amach in Alt 145 den Acht um Pleanáil & Forbairt 2000 arna leasú.
 

Tréimhsí Ama chun Éileamh a Dhéanamh

 
Ba cheart éilimh a dhéanamh chomh luath agus is féidir, mar chuid de na forais achomhairc nó tarchuir. D’fhéadfaí éilimh a dhéanamh freisin mar fhreagairt ar chuireadh ón mBord trácht a dhéanamh ar an gcás. Má tá cinneadh déanta caithfear éileamh a dhéanamh laistigh de 4 seachtaine ó dháta chinneadh an Bhoird. Caithfidh aon éileamh na cúiseanna leis an éileamh agus méid na gcostas a éilítear a leagan amach.
 
Tá sé de chumhacht ag an mBord cinneadh a dhéanamh faoi na costais atá réasúnta agus is féidir leis a chinneadh na costais go léir, cuid díobh nó aon cheann de na costais a iarrann an rannpháirtí a dhámhachtain. De ghnáth iompraíonn rannpháirtithe sa phróiseas pleanála a gcostais féin ach ní gnách costais a dhámhachtain faoi Alt 145 den Acht ach amháin i gcásanna eisceachtúla.