Léim go dtí an príomhábhar

Peter Mullan

Cathaoirleach

Peter Mullan

Cathaoirleach


Is aturnae é Peter Mullan agus thosaigh sé ag obair sa tseirbhís phoiblí in 2012 tar éis beagnach 20 bliain a chaitheamh i gcleachtas príobháideach mar aturnae agus é ag sainfheidhmiú sa dlí coiriúil agus sa dlíthíocht.
D’aistrigh sé go dtí an Bord Pleanála i mí Eanáir 2023 nuair a d’aistrigh sé ón tSeirbhís Chúirteanna áit a raibh sé ina Rúnaí Cúnta, agus é freagrach as Oibríochtaí na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche ó 2018 i leith. Roimhe sin, bhí Peter ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar feadh roinnt blianta agus ina Phríomh-Aturnae Ionchúisimh in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Ba é sin a chéad ról sa tSeirbhís Phoiblí.
Ceapadh Peter ina Chathaoirleach Eatramhach ar an mBord Pleanála agus chuir sé tús lena ról an 2 Meán Fómhair 2023.