Stephen Bohan
Coimisinéir Pleanála
Ceapadh Stephen Bohan mar ghnáth-Bhall den Bhord an 11 Meitheamh 2018 go dtí an 10 Meitheamh 2023 ar feadh téarma cúig bliana agus athcheapadh é ar feadh cúig bliana eile go dtí an 10 Meitheamh 2028.
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis an aon comhaltaí den bhord a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.
Ina phost is déanaí, bhí Stephen ina hInnealtóir Sinsearach le Roughan & O'Donovan Consulting Engineers. D'oibrigh sé mar Innealtóir Sinsearach/Cónaitheach ar an iomaí scéim tógála innealtóireachta sibhialta le luach na milliúin euro ar fun na hÉireann, le tionscadail ar phríomhbhóithre agus ar dhroichid a chuireadh i bhfeidhm ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus Údaráis Áitiúla eile ina measc. D'oibrigh sé chomh maith ar thionscadail innealtóireachta sibhialta sa Ríocht Aontaithe, san Astráil agus sa Mheánoirthear.
Tá Baitsiléir Eolaíochta (Ardchéim) i Suirbhéireacht Chainníochta ó Ollscoil Lár-Shasana agus Baitsiléir Innealtóireachta (Ardchéim) san Innealtóireacht Shibhialta ó Ollscoil Ulaidh aige. Tá dioplóma iarchéime aige san Innealtóireacht Timpeallachta agus i Ríomhairí d'Innealtóirí ó Choláiste na Tríonóide, BÁC, agus is ball é d'Institiúid Innealtóirí na hÉireann.