Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim ar iarratas as fhorbairt bonneagair straitéisigh ar line

Is féidir le duine ar bith tuairim scríofa a thabairt don Bhord Pleanála ar iarratas as Forbairt Bonneagair Straitéisigh

Nuair a thugann tú do thuairim, deirtear go bhfuil tuairim á tabhairt agat nó aighneacht á déanamh agat. Ní mór duit é seo a dhéanamh laistigh den tréimhse shonraithe ó dháta an fhógra a d’fhoilsigh an t-iarratasóir.Ní mór duit táille a íoc ach amháin más comhlacht forordaithe thú. Ní mór dúinn do thuairim ar líne a bheith againn faoi 5.30 tráthnóna ar an lá deiridh chun tuairim a chur isteach.

Trí chéim atá i gceist i dtuairim a thabhairt ar líne.
 

1. Na rudaí is gá a chur san áireamh sa tuairim
Chun tuairim bhailí a chur chuig an mBord Pleanála, ní mór duit:

do thuairim a thabhairt i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa)
d’ainm agus do sheoladh poist féin a thabhairt go soiléir. Más gníomhaire atá ag tabhairt na tuairime ar do shon, ní mór don ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainmse agus do sheoladh.
dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is ábhar don tuairim a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:
  • ainm agus suíomh na forbartha beartaithe san achomharc (mar shampla: Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile) 
  • uimhir thagartha an Bhoird Pleanála don iarratas. Uimhir shé dhigit is ea an cás-uimhir thagartha: 300000).
  • na forais phleanála le do thuairim (cúiseanna agus argóintí), agus
  • aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le forais do thuairime
a thabhairt dúinn
fáil a bheith agat ar chárta sochair nó creidmheasa a bheith agat lenar féidir an táille cheart a íoc.
  • tuairim ar forbairt bonneagair straitéisigh - €50 (Más comhlacht forordaithe, thú, ní ghearrfar aon táille.)
  • Má d’íoc tú an táille iarratais nó an táille € 50 chun tuairim a thabhairt, níl aon táille bhreise ann chun éisteacht ó bhéal a iarraidh.
an tuairim a thabhairt in am agus laistigh den teorainn ama cúig seachtaine ag tosú ar an lá a fhaigheann An Bord Pleanala an t-iarratas. Téigh i dteagmháil le sids@pleanala.ie
an doiciméad tuairime a chríochnú agus a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF ina mbeidh d’ainm agus sonraí an cháis. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 10MB). Tar éis é a shábháil, ba chóir an chuma seo a leanas a bheith ar theideal an doiciméid:
  • 300000 - Ann Duine.docx, or
  • Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile) - Seán Ó Murchú.pdf
 

Má tá eolas breise uait faoi na riachtanais éagsúla, leigh Tuairim a thabhairt ar iarratas ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh | An Bord Pleanála (pleanala.ie)

 

2. Conas tuairim a thabhairt

Chun tuairim a thabhairt, is féidir leat aon cheann díobh seo a dhéanamh:
 
Rogha 1
An Fhoirm Tuairime  (link to form) a íoslódáil. Tá i sé i bhfoirm Microsoft Word agus méid 109Kb
 ann.
 Beidh ort an fhoirm a líonadh isteach agus é a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word. 

 

Rogha 2
Is féidir leat do dhoiciméad tuairime féin a ullmhú in ionad an fhoirm a úsáid.
Mar shampla, seans gur mhaith leat tuairim a thabhairt i bhfoirm litreach i bhfoirm doiciméad
Microsoft Word. Beidh ort an doiciméad a shábháil nó a scanadh i gcónaí mar dhoiciméad
Microsoft Word nó mar PDF chun an t-uaslódálaí a úsáid. 
(Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 30MB).


Nótae: Má chuir An Bord Pleanála cóip den achomharc chugat, agus má iarradh ort aighneacht /tuairim a thabhairt ar an achomharc, ní bhíonn táille le híoc. Ní mór na cineálacha achomhairc seo a chur isteach le agus ní féidir iad a chur isteach tríd an tairseach ar líne.
 

3. An tuairim iomlán a chur isteach ar líne

Tar éis an tuairim a chríochnú, bíodh do chárta sochair nó creidmheasa réidh agat don táille.




Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear an áis “Sonraí Teagmhála” ar líne ach amháin le cur in iúl duit go bhfuarthas do thuairim/d’aighneacht ar líne. Caithfear d’ainm agus do sheoladh poist a leagan amach sa tuairim/aighneacht féin.