Léim go dtí an príomhábhar

Treoir maidir le Scóipeáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta faoin Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite Aguisín

rural03.png (600×600)

Aguisín:

Aguisín 1 - Airteagal 94 – Ábhar na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta
Aguisín 2 - Comhlachtaí Forordaithe faoi Airteagal 213 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú. 
Aguisín 3 - Sceideal (Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú)
Aguisín 4 - Alt 233 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024
Aguisín 5 - Samplaí de Thuarascálacha Scóipeála
 

Aguisín 1 - Airteagal 94 – Ábhar na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta

Airteagal 94 – Ábhar na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta

Leagtar amach in Airteagal 94 ábhar na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, agus foráiltear leis don mhéid seo a leanas:
Cuirfear san áireamh i dtuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta na torthaí atá ar fáil ó mheasúnachtaí iomchuí eile faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh nó faoin reachtaíocht náisiúnta d’fhonn dúbláil measúnachtaí a sheachaint, agus beidh na nithe seo a leanas inti——

(a) an fhaisnéis atá sonraithe i mír 1 de Sceideal 6, 
(b) aon fhaisnéis bhreise atá sonraithe i mír 2 de Sceideal 6 atá iomchuí do na saintréithe sonracha atá ag an bhforbairt nó ag an gcineál forbartha lena mbaineann agus do na gnéithe comhshaoil ar dóigh go ndéanfar difear dóibh, agus modhanna measúnachta, 
(c) achoimre i dteanga neamhtheicniúil ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna (a) agus (b), 
(d) liosta tagartha ina mionsonraítear na foinsí a úsáideadh do na tuairiscí agus na measúnachtaí atá ar áireamh sa tuarascáil, agus 
(e) liosta de na saineolaithe a rannchuidigh leis an tuarascáil a ullmhú, ina sainaithnítear do gach saineolaí den sórt sin— 

(i) an chuid nó na codanna den tuarascáil as a bhfuil sé nó sí freagrach nó lenar rannchuidigh sé nó sí, 
(ii) a inniúlacht agus a thaithí nó a hinniúlacht agus a taithí, lena n-áirítear cáilíochtaí iomchuí, más ann, i ndáil leis na codanna sin, agus 
(iii) cibé faisnéis bhreise i ndáil lena shaineolas nó lena saineolas a measann an duine nó na daoine atá ag ullmhú na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta go dtaispeántar léi inniúlacht an tsaineolaí maidir leis an tuarascáil a ullmhú agus go gcinntítear léi iomláine agus cáilíocht na tuarascála.
 

Aguisín 2 - Comhlachtaí Forordaithe faoi Airteagal 213 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú. 

Nóta – athraíonn ainm Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais ó am go chéile. Mar sin, ba cheart an t-ainm reatha a áireamh.

Is iad seo a leanas na comhlachtaí forordaithe atá leagtha amach in Airteagal 213(1): 

a) an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, 
(b) an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, 
(c) an t-údarás pleanála nó na húdaráis phleanála sa limistéar nó sna limistéir ina mbeartaítear an fhorbairt bheartaithe a shuíomh, 
(d) an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, 
(e) i gcás go bhfuil an talamh nó an déanmhas suite i limistéar taitneamhachta speisialta, cibé acu a daingníodh nó nár daingníodh ordú i leith an limistéir sin faoi alt 203 (nó cibé acu a mheastar nó nach meastar ordú a bheith daingnithe amhlaidh faoi alt 268(1)(c)) den Acht, nó go bhféadfadh forbairt nó coinneáil an déanmhais bac a chur ar aon radharc nó aon amharc a bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag baint leis – an Chomhairle Ealaíon, Fáilte Éireann agus an Taisce - an tIontaobhas Náisiúnta d’Éirinn, 
(f) i gcás go bhféadfadh an fhorbairt bac a chur, nó cur isteach, ar luach aon taitneamhachta turasóireachta nó ar aon oibreacha taitneamhachta turasóireachta – Fáilte Éireann, 
(g) i gcás, maidir leis an bhforbairt— 
(i) gurbh é a bheadh i gceist léi oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhas cosanta nó ar dhéanmhas cosanta beartaithe, nó ar an taobh amuigh de dhéanmhas atá suite laistigh de limistéar caomhantais ailtireachta, 
(ii) go bhféadfadh sí cur isteach ar an gcuma atá ar dhéanmhas dá dtagraítear i bhfomhír (i), 
(iii) go bhféadfadh sí difear a dhéanamh do na nithe seo a leanas nó a bheith róghar dóibh— 
(I) uaimh, láithreán, gné nó rud eile is ábhar spéise ó thaobh seandálaíochta, geolaíochta, eolaíochta, éiceolaíochta nó staire, 
(II) séadchomhartha nó áit atá taifeadta faoi alt 12 d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1994 (Uimh. 17 de 1994), 
(III) séadchomhartha stairiúil nó limistéar seandálaíochta atá taifeadta i gClár na Séadchomharthaí Stairiúla faoi alt 5 d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987 (Uimh. 17 de 1987), 
(IV) séadchomhartha náisiúnta atá faoi úinéireacht nó faoi chaomhnóireacht an Aire faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1994, 
nó 
(iv) go bhféadfadh sí bac a chur ar aon scéim chun feabhas a chur ar thimpeallacht aon déanmhais, aon áite, aon ghné nó aon ruda dá dtagraítear i bhfomhír (iii) nó ar aon mhodh rochtana air nó uirthi, 
(h) i gcás go bhféadfadh an fhorbairt difear a dhéanamh do limistéar aon údaráis áitiúil - an t-údarás áitiúil sin, 
(i) i gcás nach mbeadh an fhorbairt i gcomhréir le haon treoirlínte pleanála réigiúnaí (nó le haon chuspóir díobh) de chuid údaráis réigiúnaigh nó go sáródh sí go hábhartha iad – an t-údarás réigiúnach sin, 
(j) i gcás, maidir leis an bhforbairt— 
(i) go bhféadfadh sí a bheith ina cúis le hastógáil shuntasach uisce ó uiscí dromchla nó ó screamhuiscí, nó le huisce suntasach a chur leo, cibé acu a tharlaíonn sé sin go nádúrtha nó go saorga, 
(ii) go bhféadfadh sí a bheith ina cúis le scaoileadh suntasach ábhar truaillithe nó ábhar eile isteach in uiscí den sórt sin nó gur dóigh go mbeidh sí ina cúis le truailliú tromchúiseach uisce nó le baol truaillithe den sórt sin, nó 
(iii) gurbh é a bheadh i gceist léi oibreacha a dhéanamh i mbruacha na n-uiscí sin, thar na bruacha sin, feadh na mbruach sin nó in aice leis na bruacha sin, nó ar aon déanmhas i mbruacha na n-uiscí sin, thar na bruacha sin nó feadh na mbruach sin, arbh oibreacha iad a bhféadfadh éifeacht ábhartha a bheith acu ar na huiscí – Iascach Intíre Éireann agus, in aon chás ina bhfuil na huiscí lena mbaineann liostaithe i gCuid 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 (Uimh. 1 de 1999) – Uiscebhealaí Éireann, 
(k) i gcás go bhféadfadh an fhorbairt sábháilteacht aerárthaí, nó loingseoireacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí, a chur i mbaol nó cur isteach uirthi – Údarás Eitlíochta na hÉireann, 
(l) i gcás go bhféadfadh an fhorbairt cur isteach ar oibriú agus forbairt aon aerfoirt cheadúnaithe, nach lú a thrácht bliantúil ná 1 mhilliún gluaiseacht paisinéirí – oibritheoir an aerfoirt, 
(m) i gcás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an bhforbairt ar iompar de bhus nó d’iarnród – Córas Iompair Éireann agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnróid, de réir mar is cuí, 
(n) i gcás go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an bhforbairt ar iompar de mhuir is tír i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath – Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath (nó aon chomhlacht a chuirfear in ionad na hoifige sin), 
(o) i gcás go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an bhforbairt ar iompar nó ar loingseoireacht mhuirí – an tAire Iompair, 
(p) i gcás go mbaineann an fhorbairt le gníomhaíocht, nó go bhfuil sí chun críocha gníomhaíochta, a bhfuil gá le ceadúnas um rialú comhtháite ar thruailliú nó le ceadúnas dramhaíola ina leith – an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil; 
(q) i gcás go bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith ag an bhforbairt i ndáil le caomhnú an dúlra – an Chomhairle Oidhreachta agus an Taisce - an tIontaobhas Náisiúnta d’Éirinn, 
(r) i gcás go bhfuil an fhorbairt suite i limistéar Gaeltachta agus gur dealraitheach don Bhord go bhféadfadh sí difear ábhartha a dhéanamh d’oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail – an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, 
(s) i gcás go bhfuil an fhorbairt suite i gcóngaracht monarchan pléascán, armlainne stórála nó stórais pléascán údaráis áitiúil – an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, 
(t) i gcás go bhféadfadh foraoisiú tosaigh nó baint foraoise airde leathanduillí a bheith mar thoradh ar an iarratas, nó go gceanglaítear foraoisiú tosaigh nó baint foraoise airde leathanduillí leis an iarratas – an tAire Talmhaíochta agus Bia agus an Chomhairle Oidhreachta, 
(u) i gcás go bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith ag an bhforbairt ar an tsláinte phoiblí – Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, 
(v) i gcás go mbaineann an t-iarratas le bonneagar fuinnimh a fhorbairt nó go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar bhonneagar fuinnimh – an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh, agus  
(w) i gcás, maidir leis an bhforbairt— 
(i) go bhféadfadh sí a bheith ina cúis le méadú suntasach ar an méid tráchta nó ar an gcineál tráchta (lena n-áirítear trácht tógála) a théann faoi bhun droichead iarnróid atá srianta ó thaobh airde de, nó a úsáideann crosaire comhréidh iarnróid, nó droichead thar iarnród, 
(ii) go bhféadfadh, mar gheall ar a gaireacht d’iarnród, tionchar a bheith aici ar shláine struchtúrach aon bhonneagair iarnróid le linn an fhorbairt a thógáil, nó
(iii) go bhféadfadh sí oibriú sábháilte aon iarnróid a chur i mbaol nó cur isteach air, le linn na tógála nó ina diaidh 
– an t-oibritheoir iarnróid, an Coimisiún Sábháilteachta Iarnróid agus, i gcás forbairt a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar iarnród éadrom nó ar mheitreo, an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnróid, 
(x) Uisce Éireann. 

(2) Léireofar in aon fhógra chuig comhlachtaí forordaithe faoi ailt 37E(3)(c), 181A(3)(b), 182A(4)(a) nó 182C(4)(a) na cineálacha cinntí a fhéadfaidh an Bord a dhéanamh i ndáil leis an iarratas, agus áireofar ann cóip amháin den iarratas agus den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta agus, i gcás go mbeidh ráiteas tionchair Natura ag gabháil leis an iarratas, den ráiteas tionchair Natura (nó, i gcás go dtoileoidh an duine nó an comhlacht le faisnéis a fháil san fhoirm seo, i bhfoirm leictreonach). 

(3) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, a cheangal ar an iarratasóir cóipeanna nó cóipeanna breise d’iarratas agus de thuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta agus, i gcás go mbeidh ráiteas tionchair Natura ag gabháil leis an iarratas, den ráiteas tionchair Natura (lena n-áirítear cóipeanna i bhfoirm leictreonach) a sheoladh chuig aon chomhlacht nó aon duine a chinnfidh sé (béim curtha leis).

 

Aguisín 3

SCEIDEAL 6
(Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú)
FAISNÉIS ATÁ LE BHEITH I dTUARASCÁIL AR MHEASÚNACHT TIONCHAIR TIMPEALLACHTA

  • 1.     (a) Tuairisc ar an bhforbairt bheartaithe, ina mbeidh faisnéis faoi láithreán, dearadh agus méid na forbartha beartaithe agus faoi ghnéithe iomchuí eile di.
    (b) Tuairisc ar na héifeachtaí suntasacha is dóigh a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol.
    (c) Tuairisc ar na gnéithe, más ann, den fhorbairt bheartaithe agus ar na bearta, más ann, atá beartaithe chun éifeachtaí dochracha suntasacha is dóigh a bheidh ag an bhforbairt ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus, más féidir, a chúiteamh.
    (d) Tuairisc ar na roghanna eile réasúnacha a ndearna an duine nó na daoine a d’ullmhaigh an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta staidéar orthu, atá iomchuí don fhorbairt bheartaithe agus dá saintréithe sonracha, agus léiriú ar na príomhchúiseanna leis an rogha a roghnaíodh, agus aird á tabhairt ar éifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol.

  • 2.    Faisnéis bhreise, atá iomchuí do na saintréithe sonracha atá ag an bhforbairt nó ag an gcineál forbartha lena mbaineann agus do na gnéithe comhshaoil ar dóigh go ndéanfar difear dóibh, maidir leis na nithe seo a leanas, ar faisnéis í ina míneofar nó ina soiléireofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

    (a) tuairisc ar an bhforbairt bheartaithe, lena n-áirítear, go háirithe—
    (i) tuairisc ar shuíomh na forbartha beartaithe,
    (ii) tuairisc ar shaintréithe fisiciúla na forbartha beartaithe ar fad, lena n-áirítear, i gcás gurb iomchuí, na hoibreacha riachtanacha scartála, agus na ceanglais maidir le húsáid talún le linn na céime tógála agus na céime oibríochtúla,
    (iii) tuairisc ar phríomh-shaintréithe na céime oibríochtúla den fhorbairt bheartaithe (go háirithe aon phróiseas táirgthe), mar shampla, an t-éileamh ar fhuinneamh agus an fuinneamh a úsáidfear, cineál agus cainníocht na n-ábhar, agus na hacmhainní nádúrtha a úsáidfear (lena n-áirítear uisce, talamh, ithir agus bithéagsúlacht), agus
    (iv) meastachán, de réir cineáil agus cainníochta, ar na hiarmhair agus na hastaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo (amhail truailliú uisce, aeir, ithreach agus fo-ithreach, torann, tonnchrith, solas, teas agus radaíocht) agus ar na cainníochtaí agus na cineálacha dramhaíola a tháirgfear le linn na céime tógála agus na céime oibríochtúla;

    (b) tuairisc ar na roghanna eile réasúnacha (mar shampla, roghanna eile i ndáil le dearadh, teicneolaíocht, suíomh, méid agus scála an tionscadail de) a ndearna an duine nó na daoine a d’ullmhaigh an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta staidéar orthu, atá iomchuí don fhorbairt bheartaithe agus dá saintréithe sonracha, agus léiriú ar na príomhchúiseanna ar roghnaíodh an rogha roghnaithe, lena n-áirítear comparáid idir na héifeachtaí comhshaoil;

    (c) tuairisc ar na gnéithe iomchuí de staid reatha an chomhshaoil (cás bonnlíne) agus breac-chuntas ar an athrú ar dóigh go dtiocfaidh sé orthu gan an fhorbairt a bheith ann, a mhéid is féidir athruithe nádúrtha ar an gcás bonnlíne a mheasúnú le hiarracht réasúnach bunaithe ar an bhfaisnéis comhshaoil agus ar an eolas eolaíoch atá ar fáil;

    (d) tuairisc ar na tosca atá sonraithe i mír (b)(i)(I) go (V) den mhíniú ar ‘measúnacht tionchair timpeallachta’ in alt 171A den Acht ar dóigh go ndéanfaidh an fhorbairt bheartaithe difear suntasach dóibh: daonra, sláinte an duine, bithéagsúlacht (mar shampla, fána agus flóra), talamh (mar shampla, tógáil talún), ithir (mar shampla, ábhar orgánach, creimeadh, balcadh, séalú), uisce (mar shampla, athruithe hidreamoirfeolaíocha, cainníocht agus cáilíocht), aer, aeráid (mar shampla, astaíochtaí gás ceaptha teasa, tionchair atá iomchuí don oiriúnú), sócmhainní ábhartha, oidhreacht chultúrtha, lena n-áirítear gnéithe ailtireachta agus seandálaíochta, agus tírdhreach;

    (e)(i) tuairisc ar na héifeachtaí suntasacha is dóigh a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol a thiocfaidh as na nithe seo a leanas, i measc nithe eile—
    (I) an fhorbairt bheartaithe a thógáil agus a bheith ann, lena n-áirítear, i gcás gurb iomchuí, oibreacha scartála,
    (II) acmhainní nádúrtha a úsáid, go háirithe talamh, ithir, uisce agus bithéagsúlacht, agus infhaighteacht inbhuanaithe na n-acmhainní sin á breithniú a mhéid is féidir,
    (III) truailleáin, torann, tonnchrith, solas, teas agus radaíocht a astú, núiseanna a chruthú, agus dramhaíl a dhiúscairt agus a aisghabháil,
    (IV) na rioscaí do shláinte an duine, don oidhreacht chultúrtha nó don chomhshaol (mar shampla, de dheasca timpistí nó tubaistí),
    (V) carnadh na n-éifeachtaí in éineacht le forbairtí eile atá ann cheana nó atá ceadaithe, nó leis an dá cheann díobh, agus aird á tabhairt ar aon fhadhbanna comhshaoil atá ann cheana a bhaineann le limistéir a bhfuil tábhacht comhshaoil ar leith ag baint leo ar dóigh go ndéanfar difear dóibh nó a bhaineann le hacmhainní nádúrtha a úsáid,
    (VI) tionchar na forbartha beartaithe ar an aeráid (mar shampla, cineál agus méid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa) agus leochaileacht na forbartha beartaithe i leith an athraithe aeráide, agus
    (VII) na teicneolaíochtaí agus na substaintí a úsáidfear, agus

    (ii) ba cheart a chumhdach sa tuairisc ar na héifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann ar na tosca atá sonraithe i mír (b)(i)(I) go (V) den mhíniú ar ‘measúnacht tionchair timpeallachta’ in alt 171A den Acht na héifeachtaí díreacha agus aon éifeachtaí indíreacha, tánaisteacha, carnacha, trasteorann, gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, idir éifeachtaí buana agus éifeachtaí sealadacha, idir éifeachtaí dearfacha agus éifeachtaí diúltacha, a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe, agus aird á tabhairt ar na cuspóirí cosanta comhshaoil arna mbunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nó ag Ballstát den Aontas Eorpach atá iomchuí don fhorbairt bheartaithe;

    (f) tuairisc ar na modhanna réamhaisnéisithe nó ar an bhfianaise a úsáideadh chun na héifeachtaí suntasacha ar an gcomhshaol a shainaithint agus a mheasúnú, lena n-áirítear mionsonraí faoi dheacrachtaí (mar shampla, easnaimh theicniúla nó easpa eolais) ar thángthas orthu agus an fhaisnéis riachtanach á cur le chéile, agus na príomhéiginnteachtaí lena mbaineann;

    (g) tuairisc ar na bearta atá beartaithe chun aon éifeachtaí dochracha suntasacha ar an gcomhshaol a sainaithníodh a sheachaint, a chosc, a laghdú nó, más féidir, a chúiteamh agus, i gcás gur cuí, ar aon socruithe beartaithe faireacháin (mar shampla, anailís a ullmhú tar éis an fhorbairt a chríochnú), ina míneofar a mhéid a dhéantar éifeachtaí dochracha suntasacha ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc, a laghdú nó a chúiteamh le linn chéim tógála na forbartha agus chéim oibríochtúil na forbartha araon;

    (h) tuairisc ar na héifeachtaí dochracha suntasacha a mheasfar a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol mar thoradh ar a leochaileacht i leith rioscaí mórthionóiscí agus/nó tubaistí atá iomchuí di. Féadfar faisnéis iomchuí atá ar fáil agus a fuarthas trí mheasúnachtaí riosca de bhun reachtaíocht an Aontais Eorpaigh amhail Treoir Seveso III nó an Treoir maidir le Sábháilteacht Núicléach nó trí mheasúnachtaí iomchuí a rinneadh de bhun reachtaíocht náisiúnta a úsáid chun na críche sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais na Treorach maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta. I gcás gur cuí, ba cheart a áireamh sa tuairisc sin bearta atá beartaithe chun na héifeachtaí dochracha suntasacha a bheidh ag eachtraí den sórt sin ar an gcomhshaol a chosc nó a mhaolú agus mionsonraí faoin ullmhacht d’éigeandálaí a eascróidh as eachtraí den sórt sin agus faoin bhfreagairt atá beartaithe dóibh.
     

Aguisín 4

Alt 233 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024

Foráiltear don mhéid seo a leanas le halt 233: 
(1) Aon duine a bheartóidh iarratas a dhéanamh ar chead le haghaidh forbairt iomchuí ar ina leith a cheanglaítear measúnacht tionchair timpeallachta a dhéanamh de réir alt 225, féadfaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí iarratas ar chead, a iarraidh ar an údarás inniúil a gceanglaítear iarratas den sórt sin ar chead a dhéanamh chuige faoi Chuid 4 tuairim i scríbhinn (dá ngairtear “tuairim scóipeála” san alt seo) a thabhairt dó nó di maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise ba cheart a áireamh i dtuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta atá le cur isteach in éineacht leis an iarratas ar chead.
(2) Beidh in aon iarraidh faoi fho-alt (1) faisnéis maidir le saintréithe sonracha na forbartha iomchuí lena mbaineann, lena n-áirítear a suíomh agus a hacmhainn theicniúil, agus an tionchar is dóigh a bheidh aici ar an gcomhshaol.
(3) Aon iarratasóir ar chead le haghaidh forbairt iomchuí ar sheirbheáil údarás inniúil fógra air nó uirthi faoi fho-alt (10) nó (14) d’alt 229 lena gceanglaítear ar an iarratasóir tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a chur isteach, féadfaidh sé nó sí, sula gcuirfidh sé nó sí an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta isteach, a iarraidh ar an údarás inniúil lena mbaineann tuairim i scríbhinn (dá ngairtear “tuairim scóipeála” freisin san alt seo) a thabhairt maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise ba cheart a áireamh sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta.
(4) Agus iarraidh ar thuairim scóipeála á breithniú aige, maidir leis an údarás inniúil—
(a) cuirfidh sé na nithe seo a leanas san áireamh—
(i) i gcás iarraidh arna déanamh faoi fho-alt (1), an fhaisnéis arna soláthar, de réir fho-alt (2), ag an duine a rinne an iarraidh, nó
(ii) i gcás iarraidh arna déanamh faoi fho-alt (3), an fhaisnéis arna soláthar don údarás inniúil chun scagadh a dhéanamh le haghaidh measúnacht tionchair timpeallachta faoi alt 229 agus conclúidí an scagtha le haghaidh measúnacht tionchair timpeallachta,
(b) rachaidh sé i gcomhairle le cibé daoine a fhorordóidh an tAire, agus
(c) féadfaidh sé aon fhaisnéis nó aon doiciméadacht eile atá ar fáil don údarás inniúil agus a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iomchuí a chur san áireamh.
(5)(a) Tabharfaidh an t-údarás inniúil tuairim scóipeála do dhuine a rinne iarraidh faoi fho-alt (1) a luaithe is indéanta agus, ar a dhéanaí, sula ndéanfar iarratas ar chead le haghaidh na forbartha iomchuí lena mbaineann.
(b) Tabharfaidh an t-údarás inniúil tuairim scóipeála do dhuine a rinne iarraidh faoi fho-alt (3) a luaithe is indéanta agus, ar a dhéanaí, sula gcuirfear an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta faoi bhráid an údaráis inniúil.
(6) Ní dhéanfaidh mainneachtain an údaráis inniúil mír (a) d’fho-alt (5) a chomhlíonadh aon difear do theidlíocht an duine a rinne an iarraidh faoi fho-alt (1) iarratas a dhéanamh ar chead le haghaidh na forbartha iomchuí lena mbaineann.
(7) I gcás go mbeidh tuairim scóipeála soláthartha faoin alt seo, maidir leis an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta—
(a) beidh sí i gcomhréir leis an tuairim sin a mhéid a bhaineann le hábhar agus le modh a hullmhúcháin, agus
(b) áireofar léi cibé faisnéis a bheidh ag teastáil le réasún chun a chur ar chumas an údaráis inniúil teacht ar chonclúid réasúnaithe ar na héifeachtaí suntasacha a bheidh ag an bhforbairt iomchuí ar an gcomhshaol.
(8) Ní oibreoidh tabhairt aon tuairime scóipeála faoin alt seo chun cosc a chur ar an údarás inniúil aon fheidhm faoin Acht seo a chomhlíonadh chun a cheangal ar an duine ar tugadh an tuairim dó nó di tuilleadh faisnéise a chur faoi bhráid an údaráis inniúil i ndáil leis an iarratas ar chead le haghaidh na forbartha iomchuí lena mbaineann.

Aguisín 5

Samplaí de Thuarascálacha Scóipeála

Samplaí de Thuairimí Scóipeála