Léim go dtí an príomhábhar

Rialacha rannpháirtíochta in Éisteachtaí ó Bhéal

Cé a bheas i gceannas ar an éisteacht ó bhéal?

Cigire a roghnóidh an Bord is ea a bheidh i gceannas ar an éisteacht ó bhéal. Is é gnó an Chigire éisteacht le gach taobh agus leis na haighneachtaí a rinneadh sula n-ullmhaíonn sé nó sí tuarascáil agus sula ndéanann sé nó sí moladh don Bhord maidir le cibé ar chóir cead a thabhairt nó a dhiúltú don fhorbairt seo. Is é an Bord a dhéanfaidh an cinneadh deiridh.
 

Conas a reáchtáilfear an éisteacht ó bhéal?

Reáchtáilfear an éisteacht ó bhéal de réir an chláir oibre a chuirfear ar fáil sula dtosaíonn an éisteacht ó bhéal. Ceanglaítear ar an gCigire an éisteacht a sheoladh go héifeachtach tráthúil agus is aige/aici atá an chumhacht cinneadh a dhéanamh faoin tslí a reáchtáilfear an éisteacht ó bhéal.

Ní mór do gach rannpháirtí cloí leis na rialacha más mian leo bheith rannpháirteach san éisteacht. Más amhlaidh go mbeidh gníomhaire nó saineolaithe i láthair ar do shon, ní mór duit a chinntiú go dtuigeann siad na rialacha agus go gcloífidh siad leo.
 

Na rialacha a gcaithfear cloí leo le bheith rannpháirteach

  1. Ní mór aon fhadhb leis an gclár oibre nó leis an leithdháileadh ama a chur in iúl don Bhord Pleanála roimh an éisteacht. Ní mór don uile dhuine cloí leis na teorainneacha ama a shocraíonn an Cigire agus atá leagtha amach sa chlár oibre. Má sháraíonn tú an t-am seo, iarrfar ort d’aighneacht a thabhairt chun críche ionas gur féidir le daoine eile a n-aighneacht siúd a dhéanamh.
  2. Ní mór don uile dhuine meas a léiriú ar phróiseas na héisteachta ó bhéal agus ar an gCigire atá ceaptha ag an mBord chun an éisteacht ó bhéal a reáchtáil. Má eisíonn an Cigire iarratas nó treoir le linn na héisteachta, ní mór duit déanamh de réir an iarratais nó de réir na treorach sin.

  3. Ní mór don uile dhuine caitheamh leis na rannpháirtithe eile go measúil. Ní ghlacfar le hiompar ionsaitheach ná maslach ná le caint ionsaitheach ná maslach.

  4. Níor chóir aighneachtaí a rinneadh cheana a athrá. Más dóigh leis an gCigire go ndearnadh pointe áirithe cheana féin, iarrfaidh sé ort dul ar aghaidh go dtí an chéad phointe eile.

  5. Ba chóir don uile dhuine ag éisteacht ó bhéal labhairt go soiléir, go cúramach agus meas a léiriú ar dhaoine eile. Ná húsáid teanga dhlíthiúil. Mar shampla: ba chóir an focal ‘aighneacht’ a úsáid in ionad an fhrása ‘cruthúnas ar fhianaise’.

  6. Ní mór ceisteanna a chur de ghuth measúil agus seans a thabhairt do rannpháirtithe freagra a thabhairt gan briseadh isteach orthu. Ba chóir cloí le hábhar na ceiste agus gan tosú ar aighneacht eile as sin.

  7. Ba chóir freagraí simplí, mar shampla ‘is ea’ nó ‘ní hea’ a thabhairt ar cheisteanna simplí. Brisfidh an cigire isteach má mheasann sé nó sí go bhfuil gá le sonraí breise.

  8. Níl cead éisteacht ó bhéal a thaifeadadh nó a shruthú. Ní mór fóin phóca, ceamaraí agus trealamh taifeadta a chasadh as le linn na héisteachta ó bhéal.
     

Cad a tharlóidh mura gcloím leis na rialacha?

Tagann daoine chuig éisteachtaí ó bhéal ar bhonn deonach agus glacann siad páirt iontu ar an tuiscint go gcloíonn siad na rialacha thuas. Má bhraitheann an Cigire nach bhfuil tú ag cloí leis na rialacha, cuirfidh sé/sí é sin in iúl duit. Má leanann tú ar aghaidh, tabharfar rabhadh foirmiúil duit agus iarrfar ort an éisteacht ó bhéal a fhágáil más gá.
 

Eolas agus gearáin bhreise

Gheofar eolas inár dtreoir don éisteacht ó bhéal ag: http://www.pleanala.ie/OralHearings/Oral_hearing_guide.htm nó trí theagmháil a dhéanamh linn. Is féidir gearáin faoi na rialacha in éisteachtaí ó bhéal a chur i scríbhinn: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902.