Léim go dtí an príomhábhar

FST Tástáil agus Staidéar Scóipe MTT / MC: Próiseáil iarratais

Próiseáil iarratais Alt 7 ag an mBord Pleanála

Tá nósanna imeachta an Bhoird Phleanála maidir le hiarratais ar chinneadh tástála agus / nó tuairim staidéir scóipe maidir le MTT / MC leagtha amach thíos:

  1. Tréimhsí ama: Bíonn ocht seachtaine ag an mBord Pleanála chun cinneadh tástála a dhéanamh nó 16 seachtaine chun tuairim staidéir scóipe a thabhairt.
  2. I gcás ina n-iarrtar cinneadh tástála agus tuairim staidéir scóipe, ní mór an dá cheann a iarraidh ag an am céanna. Bíonn suas le 8 seachtaine ag an mBord Pleanála chun cinneadh tástála a dhéanamh agus ansin ní mór an tuairim staidéir scóipe a sholáthar laistigh de 16 seachtain ón uair a fhaightear an t-iarratas / na hiarratais.
  3. Iarratas a dhiúltú: Féadfaidh an Bord Pleanála diúltú déileáil le hiarratas mura soláthraíonn an t-iarratasóir ionchasach na sonraí a chaithfear a chur ag gabháil leis an iarratas mar atá leagtha amach thuas nó mura gcuirtear an táille chuí isteach. I gcás mar sin, ní mór don Bhord Pleanála na cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh seo gan an t-iarratas a bhreithniú agus cóipeanna den iarratas agus aon chuid den táille a bhí ag gabháil leis a chur ar ais laistigh de 2 sheachtain ón dáta a fhaightear an t-iarratas.
  4. I gcás ina ndiúltaítear iarratas a bhreithniú féadfaidh an Bord Pleanála cóip a dhéanamh de na doiciméid, cóip leictreonach de na doiciméid a choimeád nó i gcomhaontú leis an iarratasóir ionchasach na doiciméid is ábhar don iarratas / do na hiarratais a choimeád.
  5. Comhairliúcháin le comhlachtaí forordaithe: Rachaidh an Bord Pleanála i gcomhairle le comhlachtaí forordaithe (nó daoine nó comhlachtaí eile a mheasann sé a bheith cuí) ar an iarratas ar thuairim staidéir scóipe MTT a bheith faighte. Cuirfear scéala chuig an iarratasóir ionchasach maidir le haon duine nó comhlacht a ndeachthas i gcomhairle leis. Beidh 3 seachtaine ag an duine nó an comhlacht a ndeachthas i gcomhairle leis chun freagairt a thabhairt ar an bhfógra agus cuirfear cinneadh tástála / tuairim scóipe an Bhoird Phleanála ar an FST in iúl dóibh.
  6. Eolas breise: Féadfaidh an Bord Pleanála eolas breise a iarraidh ar iarratasóir ionchasach maidir le hiarratas ar chinneadh tástála nó tuairim scóipe. Bíonn 2 sheachtain ag an iarratasóir ionchasach chun freagairt a thabhairt ar fhógra mar sin.

 


Comhlachtaí forordaithe maidir le Staidéar Scóipe

Seo a leanas na comhlachtaí forordaithe maidir le Staidéar Scóipe MTT:

  • An tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil,
  • An tAire Talmhaíochta, Bia agus Muirí,
  • An tAire Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí agus Gnóthaí Gaeltachta,
  • An tAire Cumarsáide, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaoil,
  • An Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil, agus
  • Údaráis Phleanála lena mbaineann.

Ní dhéantar comhlachtaí a fhorordú go foirmiúil sna Rialacháin ach amháin le haghaidh staidéar scóipe MTT le haghaidh FST ach is faoi lánrogha an Bhoird Phleanála a bheidh sé cibé a rachfar i gcomhairle maidir le tástáil agus staidéar scóipe maidir le MC.