Léim go dtí an príomhábhar

An Údaráis Pleanála Cósta

Ról An Údaráis Pleanála Cósta

1. Tuarascáil an Údaráis Pleanála Cósta

I gcás ina ndéantar iarratas muirí faoi alt 291 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú, féadfaidh an t-údarás pleanála cósta nó na húdaráis pleanála cósta don limistéar nó do na limistéir, de réir alt 291(4) den Acht, tuarascáíl a ullmhú agus a chur isteach chuig an mBord laistigh de 10 seachtaine ón uair a dhéantar an t-iarratas chuig an mBord. Táthar ag súil nach gceadófar síneadh ama ach amháin i gcúinsí fíor-eisceachtúla. Ba cheart go leagfaí amach sa tuarascáil tuairimí an údaráis ar éifeachtaí na forbartha atá beartaithe ar an gcomhshaol, ar impleachtaí na forbartha atá beartaithe ar phleanáil spásúlachta mhuirí, ar na héifeachtaí dóchúla ar aon láithreán Eorpach nuair is ábhartha agus ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe limistéar an údaráis, ag féachaint, go háirithe, do na nithe a shonraítear in alt 34(2) agus in alt 282(2) d’Acht 2000.
Iarrtar ar an údarás pleanála cósta scrúdú luath a dhéanamh ar na doiciméid a sheoltar chuige chun a leordhóthanaí atá siad d’ullmhú a thuarascála a chinneadh. Ba chóir aon easnamh a fheictear a chur in iúl don Bhord i scríbhinn go luath.
Sula gcuirtear an tuarascáil faoi bhráid an Bhoird maidir le forbairt atá beartaithe, ní mór do bhainisteoir an údaráis pleanála cósta cóip den tuarascáil a chur faoi bhráid chomhaltaí an údaráis ag lorg a dtuairimí.  Féadfaidh na comhaltaí, trí rún, a chinneadh moltaí a shonrófar sa rún a chur ag gabháil leis an tuarascáil agus i gcás ina gcinnfidh na comhaltaí sin amhlaidh déanfar na moltaí sin agus taifead an riarthóra a chur i gceangal leis an tuarascáil a chuirfear isteach. Ba cheart an tuarascáil a chur chuig an mBord i gcóip chrua nó le ríomhphost chuig marine@pleanala.ie (Féach alt 2, leis, i dtaca le saincheisteanna ar cheart díriú orthu de ghnáth sa tuarascáil).
Foráiltear in alt 291(5) go bhféadfaidh an Bord a cheangal ar údarás pleanála cósta nó ar aon údarás pleanála ar dóigh leis an mBord go mbeidh éifeacht shuntasach ag an bhforbairt atá beartaithe ar a limistéar feidhme cibé faisnéis a shonróidh an Bord a sholáthar don Bhord maidir le himpleachtaí na forbartha atá beartaithe do phleanáil spásúlachta mhuirí; impleachtaí maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe sa limistéar feidhme lena mbaineann; agus, na héifeachtaí dóchúla a bheidh ag an bhforbairt atá beartaithe ar chomhshaol aon láithreáin Eorpaigh.
Má chuirtear an t-iarratas pleanála in iúl don údarás pleanála mar chomhlacht forordaithe ní gá tuarascáil a chur faoi bhráid an Bhoird mar a luaitear thuas.  Is féidir aighneacht/tuairim a chur faoi bhráid an Bhoird laistigh den fhráma ama dá dtagraítear san fhógra poiblí.  Níl an t-údarás pleanála mar chomhlacht forordaithe faoi réir táille a íoc as aighneacht nó tuairim a chur isteach.

09-Coastal-area-with-hills-in-background.jpg

2. Saincheisteanna a ndíreofar orthu i dTuarascáil an Údaráis Pleanála Cósta

Athróidh na saincheisteanna sonracha nach mór díriú iontu i dtuarascáil an údaráis phleanála a chuirtear isteach faoi alt 291(4) d’Acht 2000 ó thuarascáil go tuarascáil ag brath ar nádúr na forbartha atá beartaithe agus na timpeallachta glactha. Tabharfaidh an liosta topaicí seo a leanas treoir ghinearálta d’údaráis phleanála ach d’fhéadfadh go mbeadh gá é a leasú chun freastal ar thuarascáil ar leith.

  • Beartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha. 
  • Forálacha ábhartha an Ráitis Beartais um Pleanáil Mhuirí (MPPS) agus an Chreata Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí (NMPF). 
  • A chomhsheasmhaí atá an t-iarratas le forálacha na dtreoirlínte muirí arna soláthar faoi alt 7 den Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021 agus/nó alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) lena n-áirítear aon SPPRanna atá sna treoirlínte seo. 
  • Príomhfhorálacha ábhartha an Phlean Forbartha a bhaineann leis an gceantar cois cladaigh, an láithreán talún agus an ceantar máguaird. Ba chóir léiriú soiléir a thabhairt ar stádas reatha an Phlean Forbartha ábhartha agus aon Dréachtphleananna, mar aon le haon saincheisteanna ábhartha a thagann chun cinn.
  • Sonraí ar fhorálacha ábhartha eile an Phlean (m.sh. Pleananna Limistéir Áitiúil) agus ráiteas maidir le stádas na bPleananna seo (arna nglacadh nó i bhfoirm dhréachta).
  • Stair phleanála ábhartha a bhaineann le limistéar feidhme an údaráis phleanála lena n-áirítear an limistéar cois cladaigh.
  • A chomhoiriúnaí atá an fhorbairt atá beartaithe le forálacha na Creat-Treorach um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/AE arna leasú le Treoir 2017/845) agus na himpleachtaí d’idirghníomhaíochtaí talún / farraige dá bhforáiltear sa Treoir um Pleanáil Spásúlachta Muirí (Treoir 2014/ 89/AE). 
  • Faisnéis forfheidhmithe ábhartha a bhaineann le limistéar feidhme an údaráis phleanála lena n-áirítear an limistéar cois cladaigh.
  • Aon SAAO a bhféadfadh an fhorbairt atá beartaithe difear a dhéanamh dó.
  • Ainmniúcháin Eorpacha, Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, a bhféadfadh tionchar a bheith ag an bhforbairt atá beartaithe orthu (bíodh sé laistigh de nó cóngarach dó).
  • Déanmhais Chosanta, LCA srl. más infheidhme.
  • A leordhóthanaí atá an soláthar uisce poiblí más infheidhme.   
  • Áiseanna séarachais poiblí agus cumas chun an fhorbairt atá beartaithe a éascú más infheidhme. 
  • Infhaighteacht agus acmhainn áiseanna draenála uisce dromchla poiblí más infheidhme.
  • Measúnú riosca tuilte de réir an Chórais Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuilte – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (Samhain 2009) más infheidhme
  • Measúnú faoin gCreat-Treoir Uisce agus rialacháin ghaolmhara más infheidhme.
  • Measúnuithe hidreolaíocha agus hidrigeolaíocha de réir mar a bhaineann le hábhar.
  • Measúnú cuí faoin Treoir maidir le Gnáthóga.
  • Tuairimí maidir le leordhóthanacht, an mhodheolaíocht a glacadh, conclúidí etc. an EIAR a cuireadh isteach leis an iarratas.
  • Measúnú ar mhuirdhreach, stádas tírdhreacha agus tionchar amhairc, mar is cuí.
  • Acmhainn iompair agus sábháilteacht an ghréasáin bóithre a fhreastalaíonn ar an bhforbairt atá beartaithe nó a mbeidh tionchar aige uirthi.
  • Cumas iompair comhshaoil ​​an láithreáin is ábhar agus an cheantair máguaird, agus an tionchar suntasach is dócha a bheidh ag an bhforbairt atá beartaithe, má dhéantar é.
  • Cur síos ar aon úsáid phoiblí a bhaintear as tailte tadhlacha nó fogasacha atá faoi úinéireacht an iarratasóra, agus dearcadh an údaráis pleanála ar aon choinníoll a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach chun críche taitneamhacht phoiblí a choimeád ar na tailte sin.
  • Dearcadh an údaráis phleanála maidir leis an gcinneadh atá le déanamh ag an mBord.
  • Dearcadh an údaráis phleanála ar na coinníollacha ba chóir a chur leis i gcás go gcinnfidh an Bord cead a thabhairt. (Tabhair faoi deara sa chás go bhfuil gá le ceadúnas um Rialú Comhtháite ar Thruailliú, Astaíochtaí Tionsclaíocha nó Dramhaíl, ní féidir leis an mBord coinníollacha a fhorchur maidir le rialú astaíochtaí ón ngníomhaíocht a bhfuil ceadúnas ag teastáil ina leith).
  • Dearcadh an údaráis phleanála ar choinníollacha sochair phobail a d’fhéadfadh a bheith cuí.
  • Sonraí maidir le haon choinníollacha ranníocaíochta speisialta ar cheart a chur ag gabháil leis i gcás deonú ceada mar aon le ríomhanna mionsonraithe agus údar maith leis na coinníollacha.
  • Aon ábhair eile a bhaineann leis an tionchar ar an gcomhshaol, más ábhartha, cuspóirí na pleanála spásúlachta muirí, pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir nó na héifeachtaí ar láithreán nó láithreáin Eorpach(a) a mheasann an t-údarás pleanála a bheith ábhartha don chás.