Léim go dtí an príomhábhar

Cad é an táille don rud a theastaíonn uaim a dhéanamh?

Cad é an táille don rud a theastaíonn uaim a dhéanamh?

Chun an táille chuí a bheidh i gceist agat a chinntiú i gceart, léigh na cuntais seo a leanas go cúramach. Nuair a fheiceann tú cuntas éigin a oireann don chas agat, dar leat, cliceáil air. Cuirfear ar aghaidh tú chuig an táille cheart. Feiceann tú an téarma oifigiúil maidir le do chineál cháis i gcló trom.

Mura bhfuil tú cinnte den bhrí atá le cuid de na téarmaí, is féidir iad a chuardach ar ghluais ár dtéarmaí.

Achomhairc phleanála

Chuir mé iarratas chuig an údarás pleanála ar chead d'fhorbairt bheartaithe. Is mian liom cinneadh an údaráis pleanála nó cuid de a achomharc. Is Céad Pháirtí thú.

Chuir mé aighneacht chuig an údarás pleanála maidir le hiarratas. Is mian liom cinneadh an údaráis pleanála a achomharc. Is Tríú Páirtí thú.

Rinneadh achomharc maidir le cinneadh údarás pleanála agus is mian liom tuairim a chur chuig an mBord Pleanála. Is Breathnóir thú.

Tá cóip d'achomharc nó de dhoiciméid achomhairc faighte agam ón mBord Pleanála. Ba mhaith liom a fháil amach an gá táille a íoc as aighneacht a dhéanamh ar achomharc nó ar dhoiciméid achomhairc.

Táim ag iarraidh iarratas a chur chuig an mBord chun achomharc a chur isteach toisc nár chuir mé aighneacht isteach ar an iarratas, ach go mbeadh tionchar ag na coinníollacha anois ar thalamh a bhfuil leas agam ann agus atá in aice leis an bhforbairt bheartaithe dá dtabharfadh an údarás pleanála cead don iarratas. Is iarratas ar achomharc a chur isteach é seo.

Cheadaigh an Bord Pleanála dom iarratas a achomharc. An táille chun achomharc a dhéanamh atá uaim.

Ba mhaith liom go dtionólfadh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal ar achomharc pleanála.

Ba mhaith liom go ndéanfadh an Bord Pleanála tarchur.

An táille do chomhlacht forordaithe chun achomharc a dhéanamh atá uaim.

An táille le haghaidh iarratas ar thoiliú ionaid atá uaim.

An táille le haghaidh iarratas ar thoiliú ionaid atá uaim.

An táille chun ceadúnas chun gléas, trealamh, struchtúr, cábla nó aon rud eile a chur ar bhóthar poiblí a achomharc, atá uaim.

IAn táille chun achomharc nár luadh thuas a dhéanamh faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, atá uaim.



Staidéar scóipe nó scagadh TMTT nó RTN

An táille chun TMTT nó RTN a scóipeáil nó a chur isteach.



Cásanna d'fhorbairt bonneagair straitéisigh

Is mian liom comhairliúchán a iarraidh maidir le hiarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh sula gcuirim isteach é. (Is iarratas ar chomhairliúchán réamhiarratais é seo).

Is mian liom iarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh nó ar thionscadal údaráis áitiúil a dhéanamh.

Is mian liom tuairim nó aighneacht a chur isteach maidir le forbairt bonneagair straitéisightionscadal údaráis áitiúil atá os comhair an Bhoird Pleanála.



Cásanna d'fhorbairt straitéiseach tithíochta

Is mian liom comhairliúchán a iarraidh maidir le hiarratas ar fhorbairt straitéiseach tithíochta sula gcuirim isteach é. (Is iarratas ar chomhairliúchán réamhiarratais é seo).

Is mian liom iarratas ar fhorbairt straitéiseach tithíochta a dhéanamh.

Is mian liom aighneacht a chur isteach maidir le forbairt straitéiseach tithíochta atá os comhair an Bhoird Pleanála.

Ba mhaith liom go dtionólfadh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal ar iarratas.



Achomhairc faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta

Ba mhaith liom cinneadh a rinneadh ar cheann díobh seo a leanas a achomharc:



Achomhairc faoin Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht

Is mian liom achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh údaráis pleanála chun láithreán a chur ar chlár na láithreán folamh nó íocaíocht de thobhach na láithreán folamh faoin Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht 2015 a éileamh.



Achomhairc truaillithe uisce

Seo an rud atá uaim a dhéanamh:

ar cheadúnas a eisíodh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977 nó faoin Acht um Sheirbhísí Uisce 2007.



Féachaint ar Chomhad Cáis atá Socraithe: Rochtain Poiblí

Na táillí ar amharc ar chomhaid cás cinnte tríd an tseirbhís fála ag an bpobal atá uaim.



Iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Na táillí chun eolas a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise atá uaim.



Teacht ar eolas ar iarratais maidir leis an gcomhshaol

Na táillí chun eolas a iarraidh faoi Rialacháin an Chomhphobail Eorpaigh (Rochtain ar Eolas ar an gComhshaol) atá uaim.

 

 

Mura bhfeiceann tú cur síos ar an méid a theastaíonn uait a dhéanamh, déan teagmháil linn. Beidh ball foirne sásta cabhrú leat an táille nó an muirear ceart a fháil amach.