Léim go dtí an príomhábhar

Táillí: Cásanna d'Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh

Táillí: Cásanna d'Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh

Mura bhfuil tú cinnte den bhrí atá le cuid de na téarmaí, is féidir iad a chuardach ar ghluais ár dtéarmaí.

 

Comhairliúcháin réamhiarratais

Iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais Táille

SP1**

Iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais faoi:

  • Alt 37B den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 181C den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 182E den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 47B den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid)

€4,500**

Nóta maidir le táille SP1
**Mura mbíonn cruinniú comhairliúcháin réamhiarratais agat nó mura mbíonn ach cruinniú amháin den sórt sin agat, aisíocfar €3,500 den táille.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais Táille

SP2

Iarratas ar chomhairliúchán réamhiarratais faoi Alt 51A d'Acht na mBóithre.

Níl aon táille ann.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Iarratais

Iarratais ar fhorbairt bonneagair straitéisigh Táille

SA1*

Iarratas faoi:

  • Alt 37A den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 182A den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 182C den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 47 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid).

€100,000

SA2*

Iarratas faoi Alt 181A den Acht um Pleanáil agus Forbairt.

€60,000

SA3*

Iarratas ó údarás bóthair faoi:

  • Alt 49 d'Acht na mBóithre, nó
  • Alt 51 d'Acht na mBóithre.

€60,000

SA4*

Iarratas ó údarás bóthair faoi:

  • Alt 175 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 226 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.

€30,000

SA5*

Iarratas ar cheannach éigeantach talún faoi:

  • Alt 214 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 215A den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 215B den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó
  • Alt 215C den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, agus
  • cineálacha táillí SA1, SA3 or SA4.

Féach an táille le haghaidh SA1, SA3 nó SA4

*Nóta maidir le táillí SA1 go SA5
Má tá costais le haisghabháil, fritháirítear táillí in aghaidh costais tabhaithe. Iarr tuilleadh eolais orainn.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Iarratais ar athrú

Iarratais ar athrú Táille

SA6*

Iarratas ar athrú faoi Alt 146B den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.

€30,000

*Nóta maidir le táillí SA6
Má tá costais le haisghabháil, fritháirítear táillí in aghaidh costais tabhaithe. Iarr tuilleadh eolais orainn.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Tuairim nó aighneacht maidir le hiarratas

Tuairim nó aighneacht a chur isteach ar fhorbairt bonneagair straitéisigh nó ar thionscadal údaráis áitiúil Táille

SA7

Is mian leat tuairim nó aighneacht a chur isteach maidir le hiarratas atá os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair.

€50

SA8

Tá tú ar liosta na n-eagraíochtaí a fhaigheann díolúine ó tháillí (féach an liosta) agus is mian leat tuairim nó aighneacht a chur isteach maidir le hiarratas atá os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair.

Níl aon táille ann.


Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

TMTT a scóipeáil

TMTT a scóipeáil Táille

Q1

Is mian leat go ndéanfadh an Bord Pleanála TMTT a scóipeáil.

€5,000

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Eagraíochtaí nó daoine nach gá dóibh táillí a íoc as aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach maidir le hiarratais nó iarratais Alt 146B

(a) Comhlacht dá dtagraítear in airteagal 211, 213 nó 215 de na Rialacháin Pleanála agus Forbairt 2001 leasaithe. Is iad seo na comhlachtaí sin:

  • Údarás áitiúil nó pleanála
  • Airí áirithe rialtais
  • An Chomhairle Ealaíon
  • Fáilte Ireland
  • An Taisce
  • An Chomhairle Oidhreachta
  • Údarás réigiúnach
  • Iascach Intíre Éireann
  • Uiscebhealaí Éireann
  • Údarás Eitlíochta na hÉireann
  • CIÉ
  • Bonneagar Iompair Éireann
  • An Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil (EPA)
  • Údarás na Gaeltachta
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Coimisiún um Rialáil Fóntas
  • Oibreoir iarnróid
  • An Coimisiún um Rialáil Iarnród
  • An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
  • An tÚdarás Náisiúnta Iompair
  • Uisce Éireann
  • Oibreoir aerfoirt*

(b) An t-úinéir, an sealbhóir nó duine eile a bhfuil leas dlí aige sa talamh is ábhar don iarratas chun an talamh sin nó cuid den talamh sin a cheannach go héigeantach faoi alt 214 nó 215 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt nó aon fhoráil eile de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt agus mar a bhfuil iarratas ar cheannach éigeantach á bhreithniú ag an mBord mar aon le hiarratas ar cheadú nó toiliú forbartha.

*Baineann sé le hoibreoirí aerfort ceadúnaithe mar a dtéann milliún paisinéirí nó níos mó tríd an aerfort gach bliain. Faoi láthair, ciallaíonn sin aerfoirt Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Sionna.

Ar ais chuig clár na n-ábhar