Léim go dtí an príomhábhar

Táillí: Cásanna d'Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta

Cásanna d'fhorbairt straitéiseach tithíochta: Táillí

Sainítear iarratais ar fhorbairtí straitéiseacha tithíochta san Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2016, leasaithe. Cuirtear na hiarratais seo go díreach chuig an mBord Pleanála tar éis comhairliúchán réamhiarratais.

Mura bhfuil tú cinnte den bhrí atá le cuid de na téarmaí, is féidir iad a chuardach ar ghluais ár dtéarmaí.

 

Comhairliúcháin réamhiarratais

Comhairliúcháin réamhiarratais Táille

HP1

Is mian leat comhairliúchán réamhiarratais a iarraidh.

€1,500

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Iarratais (Alt 4)

Iarratais Táille

HA1A

Tá iarratas á dhéanamh agat chun tithíocht a thógáil. Buntáille in aghaidh an aonaid tithíochta.

Má tá tú ag déanamh iarratais chun cóiríocht do mhic léinn a thógáil, 2 spás leapa = 1 aonad tithíochta. Mar sin más 200 spás leapa is ábhar do d'iarratas, beidh do tháille ionann agus an táille do 100 aonad tithíochta.

€130 an t-aonad

HA1B

Tá iarratas á dhéanamh agat chun an talamh a úsáid ar shlite eile, úsáidí a cheadaítear faoin gcriosú. An costas in aghaidh gach méadar cearnach de spás comhlán urláir suas le 4,500 méadar cearnach.

€7.20 an méadar cearnach suas go €32,400

Nóta tábhachtach maidir le táillí HA1A go HA3
Tá teorainn leis an táille iomlán is féidir a ghearradh. Ní féidir táille is airde ná €80,000 a ghearradh i gcás HA1A, HA1B, HA1C, HA2, nó HA3 i dteannta a chéile. Ní bhaineann an teorainn le táillí HA4 go HA11.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Iarratas a dhéanamh ar athrú ar an gcead reatha pleanála a tugadh faoi Alt 34 den Acht um Pleanáil agus Forbairt

Iarratas ar athrú Táille

HA1C

Má tá iarratas á dhéanamh agat faoi fhorálacha na forbartha straitéisí tithíochta agus cead pleanála reatha a tugadh faoi alt 34 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2018 (leasaithe) á athrú, laghdaítear an táille do chineálacha táille HA1A agus HA1B de 50%.

50% de HA1A nó HA1B

Nóta tábhachtach maidir le táillí HA1A go HA3
Tá teorainn leis an táille iomlán is féidir a ghearradh. Ní féidir táille is airde ná €80,000 a ghearradh i gcás HA1A, HA1B, HA1C, HA2, nó HA3 i dteannta a chéile. Ní bhaineann an teorainn le táillí HA4 go HA11.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

TMTT nó RTN a chur isteach le d'iarratas

TMTT nó RTN a chur isteach le d'iarratas Táille

HA2

TMTT a chur isteach

€10,000

HA3

RTN a chur isteach

€10,000

Nóta tábhachtach maidir le táillí HA1A go HA3
Tá teorainn leis an táille iomlán is féidir a ghearradh. Ní féidir táille is airde ná €80,000 a ghearradh i gcás HA1A, HA1B, HA1C, HA2, nó HA3 i dteannta a chéile. Ní bhaineann an teorainn le táillí HA4 go HA11.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Iarratais ar athrú

Iarratais ar athrú Táille

HA4*

Iarratas ar athrú faoi Alt 146B den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.

€30,000

*Nóta maidir le táillí HA4
Má tá costais le haisghabháil, fritháirítear táillí in aghaidh costais tabhaithe. Iarr tuilleadh eolais orainn.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Iarratais ar scagadh agus ar scóipeáil

Iarratais ar scagadh agus ar scóipeáil Táille

HA5

Scagadh le haghaidh tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta (TMTT)

€1,000

HA6

Scagadh le haghaidh measúnú oiriúnachta (MO)

€1,000

HA7

Scóipeáil le haghaidh tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta (TMTT)

€5,000

HA8

Scóipeáil le haghaidh ráiteas tionchair Natura (RTN)

€5,000

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Iarratas ar éisteacht ó bhéal

  Táille

HA9

Is mian leat go dtionólfadh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal ar iarratas forbartha straitéisí tithíochta.

€50

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Aighneacht nó tuairim maidir le hiarratas a chur isteach (Alt 8)

Aighneacht nó tuairim maidir le hiarratas a chur isteach Táille

HA10

Is mian leat aighneacht nó tuairim maidir le hiarratas forbartha straitéisí tithíochta a chur isteach.

€20

HA11

Is duine nó eagraíocht thú a bhfuil díolúine agat ó tháillí a íoc i gcás aighneacht nó tuairim maidir le hiarratas ar fhorbairt straitéiseach tithíochta (féach an liosta).

Níl aon táille ann.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Eagraíochtaí nó daoine a íocann táillí laghdaithe ar achomhairc nó tarchuir, agus nach n-íocann táille ar aighneachtaí

(a) Údarás áitiúil nó pleanála

(b) Comhlacht dá dtagraítear in airteagal 28 nó 137 de na Rialacháin Pleanála agus Forbairt 2001 leasaithe, mar shampla:

  • Údarás áitiúil nó pleanála
  • Airí áirithe rialtais
  • An Chomhairle Ealaíon
  • Fáilte Ireland
  • Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta
  • An Taisce
  • An Chomhairle Oidhreachta
  • Údarás réigiúnach
  • Iascach Intíre Éireann
  • Uiscebhealaí Éireann
  • Údarás Eitlíochta na hÉireann
  • Oibreoir aerfoirt
  • CIÉ
  • An Coimisiún um Rialáil Iarnród
  • Bonneagar Iompair Éireann
  • An tÚdarás Náisiúnta Iompair
  • An Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Coimisiún um Rialáil Fóntas
  • Údarás na Gaeltachta
  • An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
  • Uisce Éireann

(c) Acadamh Ríoga na hÉireann

(d) Údarás Stáit, mar shampla:

  • Aire rialtais
  • Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí

(e) Stát Trasteorann atá ina bhall den Aontas Eorpach seachas Éire nó páirtí sa Choinbhinsiún Trasteorann.

(f) Gníomhaireacht forbartha, mar shampla:

  • An Ghníomhaireacht um Fhorbairt Thionsclaíoch (Éire)
  • Fiontraíocht Éireann
  • Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta
  • Údarás na Gaeltachta
  • An Áisíneacht Náisiúnta Tógála
  • Gníomhaireacht Forbartha an Ghráinseach Ghormáin
  • Údarás áitiúil

(g) Aon duine a fhorordaíonn an tAire chun críoch Chuid IX den Acht um Pleanáil agus Forbairt 20001

1 Faoi Alt 179 de na Rialacháin Forbartha agus Pleanála 2001, a chlúdaíonn scéimeanna pleanála a dhéanamh ar son limistéar forbartha straitéisí, ainmnítear mar údaráis forordaithe faoi alt 169 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt údarás réigiúnach a bhfuil dréachtscéim pleanála chrios forbartha straitéisí laistigh dá limistéar agus údarás pleanála nó áitiúil a bhfuil a limistéar suite laistigh de nó láimh le suíomh(anna) chrios forbartha straitéisí.

Ar ais chuig clár na n-ábhar