Léim go dtí an príomhábhar

SF - Eolas Ginearálta faoin mBord Pleanála

Eolas Ginearálta faoin mBord Pleanála

Cuireadh an Bord Pleanála ar bun faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, agus cuireadh an Dlí sin i bhfeidhm ar 5 Iúil, 1976. De thoradh Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976 tugadh feidhmeanna achomhairc an Aire faoin Acht don Bhord. Cuireadh tús leis an mBord go hoifigiúil mar an eagraíocht ainmnithe ar an 1 Eanáir, 1977.

I gcomhair breis eolais air seo, le do thoil cliceáil anseo.

Is féidir sonraí faoi láithreach agus sonraí teagmhála an eagraíochta a fháil le cliceáil anseo.

Leagadh amach rólanna, freagrachtaí agus feidhmeanna an Bhoird san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú.

Tá Bord Pleanála faoi réir an Chóid Chleachtais reatha maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit. Bunaíodh na coistí seo a leanas mar chuidiú le stiúradh na heagraíochta:

  • Coiste an Bhoird ina iomlán,
  • Coiste Bainistíochta an Bhoird,
  • An Coiste Comhpháirtíochta
Tá roinnt straitéisí agus pleananna curtha i bhfeidhm ag an mBord don phobal agus d’fhostaithe an Bhoird araon:

Cuireann Bord Pleanála “Tuarascáil agus Cuntais Bhliantúla” faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidreachta chun cloí le halt 118 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú.

Is féidir cóip den Tuarascáil agus Cuntais Bhliantúla 2019 a fheiceáil ar shuíomh idirlín an Bhoird.

Is féidir iar-thuarascálacha bliantúla an Bhoird a aimsiú anseo.

Faoi Struchtúr an Bhoird na linne seo, tá na daoine seo a leanas fostaithe ag an mBord Pleanála:

  • 1 Cathaoirleach,
  • 1 Leas-Chathaoirleach,
  • 7 mBall den Bhord.

Tá gach duine thuasluaite fostaithe ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus maidir le haon cheist ar earcaíocht ba chóir iad a sheoladh chuig an Roinn féin.

Chun eolas a fháil ar bhaill an bhoird, is féidir cliceáil ar an nasc seo.

Faoi láthair tá an méid daoine seo a leanas fostaithe ag an mBord:

  • 1 Príomhoifigeach.

Faoi rólanna riaracháin, tá na daoine seo a leanas fostaithe ag an mBord:

  • 1 Stiúrthóir ar Gnóthaí Corparáideacha,
  • 9 n-Oifigeach Sinsearach Riaracháin,
  • 15 n-Oifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin,
  • 49 Oifigeach Feidhmiúcháin, agus
  • 35 Cúntóir Riaracháin.

Faoi rólanna proifisiúnta, tá na daoine seo a leanas fostaithe ag an mBord:

  • 1 Stiúrthóir Pleanála,
  • 4 Stiúrthóir Cúnta Pleanála,
  • 31 Cigire Pleanála Sinsearacha, agus
  • 25 gCigire Pleanála.

Tá an Bord Pleanála faoi réir na scálaí pá atá leagtha amach sa chomhaontú "Public Service Stability Agreement 2018-2020". Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Meabhráin Tuisceana socraithe ag an mBord Pleanála leis na heagraíochtaí seo a leanas:

  • an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh,
  • an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil,
  • an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
  • an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh.

Tá Comhaontú Seirbhíse socraithe idir an Bord agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Tá na Cóid Chleachtais agus na Treoirlínte mar atá siad thíosluaite déanta ag an mBord:

  1. Cód Iompair
  2. Féachaint ar Chomhad Cáis atá Socraithe: Rochtain Poiblí
  3. Conas Achomharc Pleanála a Dhéanamh
  4. Táillí agus muirir
  5. Forbairt Straitéiseach Bonneagar - Treoirlínte d’Iarratasóirí
  6. Forbairt Straitéiseach Bonneagar - Baill den phobal
  7. Forbairt Straitéiseach Bonneagar -Treoirlínte d’Údaráis Phleanála
  8. Beartas agus Cód Cleachtais maidir le Nochtadh faoi Rún
  9. Iarratais maidir le Measúnachtaí Chuí