Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna An Coimisiún

Bunaíodh an Coimisiún Pleanála go foirmiúil an 18 Meitheamh 2025, faoi Chuid 17 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024. B’ionann an eagraíocht agus an Bord Pleanála roimhe sin, rud a bunaíodh sa bhliain 1977 faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976. Tá an Coimisiún Pleanála freagrach as achomhairc, cásanna a bhaineann le hiarratais dhíreacha ar fhorbairt bonneagair straitéisigh, agus nithe áirithe eile a chinneadh faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt (2000 agus 2024, arna leasú) agus faoi reachtaíocht ghaolmhar. Tá sé freagrach freisin as déileáil le tograí le haghaidh fáil éigeantach talún ag údaráis áitiúla agus ag comhlachtaí eile faoi achtacháin éagsúla. Tá feidhmeanna ag an gCoimisiún freisin maidir le hachomhairc a chinneadh faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) agus faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta.
 
Is é an Coimisiún Pleanála an tÚdarás Inniúil do Thionscadail Leasa Choitinn faoi Rialachán Eorpach Uimh. 347/2013, lena ndéileáiltear le bonneagar fuinnimh tras-Eorpach.

Ar mhaith leat leagan inphriontáilte?


Feidhmeanna an Bhoird (PDF, 372 KB)