Cá mhéad ama atá agam le tuairim a thabhairt?
Más mian leat tuairim a thabhairt, ní mór duit é seo a dhéanamh laistigh den tréimhse shonraithe ó dháta an fhógra a d’fhoilsigh an t-iarratasóir. De ghnáth bíonn an tréimhse seo sé seachtaine ar a laghad ach ní mór duit an tréimhse shonraithe a sheiceáil go cúramach.
Is é an teorainn ama a shonraítear ná 6 seachtaine don iarratas seo ó dháta an fhógra.
Sampla: Foilsítear an fógra poiblí Dé hAoine 1 Meitheamh, mar sin is é Déardaoin 12 Iúil an lá deiridh le do thuairim a fháil, roimh 5.30 san iarnóin.
Is é an teorainn ama a shonraítear ná 6 seachtaine don iarratas seo ó dháta an fhógra.
Sampla: Foilsítear an fógra poiblí Dé Céadaoin 19 Meán Fómhair, mar sin is é Dé Máirt 30 Deireadh Fómhair an lá deiridh le do thuairim a fháil, roimh 5.30 san iarnóin.
Tá rialacha difriúla ann mar gheall teorainneacha ama idir an 24 Nollaig agus 1 Eanáir (agus an dá dháta san áireamh) ar féidir leo difríocht a dhéanamh don dáta deiridh.
An féidir tuairim dhéanach a thabhairt?
Ní féidir. Tá toirmeasc dlí ar an gCoimisiún Pleanála glacadh le tuairim dhéanach ar chúis ar bith.
Cá mhéad a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt?
€50 a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt. Más comhlacht forordaithe, thú, ní ghearrfar aon táille.
Conas is féidir liom íoc as tuairim a thabhairt?
| Modh | Ag an Deasc Fáilte | Leis an bPost | Ar Líne |
|---|---|---|---|
| Airgead Tirim | ✔ Glactar leo | Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost. | ✘ Ní ghlactar leo |
| Cártaí Dochair/Creidmheasa | ✔ Glactar leo | ✘ Ní ghlactar leo | ✔ Glactar leo |
| Seiceanna | ✔ Glactar leo | ✔ Glactar leo | ✘ Ní ghlactar leo |
| Dréachtaí Baincéara | ✔ Glactar leo | ✔ Glactar leo | ✘ Ní ghlactar leo |
| Orduithe poist | ✔ Glactar leo | ✔ Glactar leo | ✘ Ní ghlactar leo |
Cad é an seoladh don tuairim?
- Cuir é leis an bpost chuig: An Coimisiún Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902, nó
- Tabhair é do bhall d’fhoireann ag ár n-oifigí (seoladh thuas) le linn uaireanta oifige (Ó Luan go hAoine, óna 9.15 ar maidin go dtí 5.30 tráthnóna).
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge