Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim (FBS): Tar éis do thuairim a thabhairt

An bhfuil mo thuairim bailí nó neamhbhailí?

Tar éis do thuairim a fháil, seiceálfaimid é féachaint an gcomhlíonann na riachtanais reachtúla chun tuairim bhailí a dhéanamh. Mura gcomhlíonann, beidh sé neamhbhailí. An chéad rud eile ná go bhfaighidh tú litir uainn le rá leat:

  • go bhfuaireamar do thuairim, agus
  • cibé an bhfuil do thuairim bailí neamhbhailí.


Céard é an chéad rud eile a dhéanaim más tuairim bhailí é?

Más tuairim bhailí í, ní gá duit aon rud eile a dhéanamh ag an bpointe seo. Má scríobhaimid chugat, iarrtar ort déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle sa litir. Má bhíonn cabhair uait chun déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Tabhair uimhir thagartha an cháis ar an litir, ionas gur féidir linn do chás a aithint.


Cad a tharlaíonn i gcás tuairim neamhbhailí?

Más tuairim neamhbhailí í, cuirfimid na doiciméid ar ais chugat. Aisíocfaimid do tháille i bhfoirm seic. Ní féidir an tuairim a chur isteach arís ach amháin má chomhlíonann tú gach ceann de na riachtanais reachtúla. Mar shampla, más mian leat an tuairim a thabhairt arís, ní mór duit a bheith cinnte go dtugtar é laistigh den tréimhse chúig seachtaine chun tuairim a thabhairt. Ní ghlacfar le tuairimí déanacha ar chúis ar bith.


Cén fáth gur tuairim neamhbhailí í mo thuairim?

Ní chomhlíonann an tuairim gach ceann de na riachtanais reachtúla a ndéantar cur síos orthu sa treoir seo mar shampla:

  • fuarthas é lasmuigh den tréimhse chúig seachtaine a cheadaítear chun tuairim a thabhairt,
  • níl an táille €50 istigh leis (ach amháin i gcás comhlachtaí forordaithe).


Cad é an chéad rud eile a dhéanann an Bord Pleanála?

Breithneoidh cigire do thuairim agus gach doiciméad ar cháschomhad an iarratais. De ghnáth, tabharfaidh siad cuairt ar an láithreán chun tuilleadh eolais a bhailiú agus grianghraif a ghlacadh dá dtuarascáil. Is féidir go dteastóidh ón gcigire féachaint ar an láithreán ó do réadmhaoin. Más amhlaidh atá, beimid i dteagmháil leat chun socruithe a dhéanamh do chuairt láithreáin.

Tar éis an éisteacht ó bhéal a chríochnú, ullmhaíonn an cigire tuarascáil agus moladh don Bhord. Ansin déanfaidh an Bord cinneadh bunaithe ar dhoiciméid uile an cháis.


Cad é an teorainn ama chun iarratais a chinneadh?

Tá cuspóir reachtúil ag an mBord cásanna a chinneadh, más féidir, laistigh de 18 seachtaine. Mura féidir leis an mBord cinneadh a dhéanamh laistigh de 18 seachtaine, scríobhfaimid chuig na rannpháirtithe sa chás chun é sin a chur in iúl dóibh.

I measc na gcúiseanna nach féidir leis an mBord cinneadh a dhéanamh laistigh de 18 seachtaine tá:

  • tionóladh éisteacht ó bhéal ar an gcás, nó
  • theastaigh tuilleadh faisnéise faoin iarratas.

Nuair a dhéanann an Bord cinneadh, seolfaimid litir agus cóip d’Ordú an Bhoird chugat chun an cinneadh a chur in iúl dúit. Gheofar tuilleadh eolais ar chinneadh an Bhoird ar ár suíomh gréasáin.


An féidir liom mo thuairim a aistarraingt?

Is féidir tuairim a aistarraingt uair ar bith sula ndéantar an cinneadh. Ní mór duit scríobh chugainn á rá gur mian leat an tuairim a aistarraingt. Ní féidir an táille a aisíoc, faraor.


An mbreithneoidh an Bord mo thuairim má tá an t-iarratas aistarraingthe ag an iarratasóir?

Ní bhreithneoidh. Ní féidir tuairim bhailí a thabhairt i gcás ina bhfuil iarratas aistarraingthe ag an iarratasóir.


Cá háit a bhfaighidh mé tuilleadh eolais ar phróiseas na Forbartha Bonneagair Straitéisigh?

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais inár Forbairtí Bonneagair Straitéisigh: Do Threoir ar ár suíomh gréasáin.