Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim a thabhairt ar iarratas ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh

Cad is forbairt bonneagair straitéisigh ann?

Is é an Bord Pleanála an comhlacht náisiúnta a dhéanann cinneadh cead a thabhairt nó cead a dhiúltú do mhórthionscadail bhonneagair atá tábhachtach d’Éirinn, don réigiún nó don cheantar áitiúil. I measc na samplaí tá mótarbhealaí, línte iarnróid, píblínte, calafoirt nó saoráidí móra mar ospidéil. Tugtar Forbairtí Bonneagair Straitéisigh ar na hiarratais bhonneagair seo. .
 
Cuimsíonn Forbairtí Bonneagair Straitéisigh forbairt:

  • a chuirfeadh go mór le haon cheann de chuspóirí an Chreata Pleanála Náisiúnta a chomhlíonadh, nó
  • a chuirfeadh go mór le haon straitéis spásúil agus eacnamaíoch réigiúnach do limistéar a chomhlíonadh, nó
  • beidh éifeacht shuntasach acu ar réimse níos mó ná údarás pleanála amháin.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoin bpróiseas Forbartha Bonneagair Straitéisigh inár Forbairtí Bonneagair Straitéisigh: Do Threoir..
 

Conas a bheidh a fhios agam go ndearnadh iarratas?

Sula ndéanfaidh sé iarratas chuig an mBord Pleanála, ní mór don iarratasóir ionchasach fógra faoin iarratas beartaithe a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa limistéar ina bhfuil an fhorbairt bheartaithe le lonnú.

I bhformhór na gcásanna, beidh fógraí suímh ag teastáil freisin. Déanfaidh na fógraí seo:

  • ainm an iarratasóra a thabhairt,
  • sonraí faoi nádúr agus suíomh na forbartha beartaithe a thabhairt,
  • a rá cibé an gá Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (EIAR) ag teastáil agus an bhfuil ceann ullmhaithe ag an iarratasóir,
  • a rá cibé an gá Ráiteas Tionchair Natura (NIS) agus an bhfuil ceann ullmhaithe ag an iarratasóir,
  • na hamanna agus na háiteanna inar féidir an t-iarratas, EIAR nó NIS a fheiceáil agus cóipeanna a cheannach a thabhairt,
  • a rá cibé an gá iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chead nó formheas pleanála ag brath ar an gcineál cáis,
  • a rá cad iad na cineálacha cinntí is féidir leis an mBord a dhéanamh,
  • a rá gur féidir leis an bpobal tuairimí a thabhairt don Bhord Pleanála ar an bhforbairt bheartaithe (tabharfar sé seachtaine ar a laghad chuige sin), agus
  • a rá gur féidir le comhlachtaí forordaithe tuairimí a thabhairt don Bhord Pleanála ar an iarratas beartaithe.

Foilseoidh an Bord Pleanála sonraí an iarratais a fuaireamar sa liosta seachtainiúil de chásanna nua ar ár suíomh gréasáin.
 

Cá bhfaighidh mé cóipeanna den iarratas nó cá háit is féidir é a fheiceáil?

Tá dhá shlí le cóipeanna d.iarratas a fheiceáil nó a fháil.

Suíomh Gréasáin an Iarratasóra

Ní mór don iarratasóir láithreán gréasáin a chur ar fáil mar ar féidir féachaint ar an iarratas. Gheobhaidh tú seoladh an láithreáin ghréasáin ar an bhfógra nuachtáin agus ar an bhfógra láithreáin. Tabharfaidh na fógraí eolas don phobal ar an tslí le tuairim a thabhairt don Bhord Pleanála i dtaobh iarratais.

 

Caithfidh an t-iarratasóir cóipeanna páipéir den iarratas a thabhairt don Bhord Pleanála agus don údarás pleanála áitiúil agus bíonn siad ar fáil lena léamh ar feadh sé seachtaine ar a laghad. Is féidir féachaint ar na hiarratais in oifig an Bhoird Pleanála agus in oifig an údaráis pleanála áitiúil. Má tá an fhorbairt i níos mó ná limistéar údaráis phleanála amháin, beidh cóipeanna den iarratas ar fáil i ngach údarás pleanála áitiúil. Beidh na doiciméid ar fáil le léamh saor in aisce. Nó is féidir cóip den iarratas a cheannach ar tháille réasúnta ag brath ar líon agus leagan amach na leathanach sna doiciméid iarratais.
 
Má chuirtear Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta (EIAR) isteach leis an iarratas, is féidir féachaint air agus cóip de a cheannach ag oifig an Bhoird Pleanála agus in oifig an údaráis pleanála.


An féidir liom féachaint ar chóipeanna den chomhairliúchán réamhiarratais nó iad a fháil?

Is féidir. Beidh comhaid an chomhairliúcháin réamhiarratais nó an cháis scóipe ar fáil nuair a bheidh an cás socraithe ag an mBord.

Is féidir leat na cáschomhaid chinnte seo a léamh trínár seirbhís rochtana poiblí. Beidh cuntas sa cháschomhad d’aon chruinniú idir An Bord Pleanála agus an t-iarratasóir ionchasach a thionóltar le linn an phróisis chomhairliúcháin réamhiarratais.