Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim (FBS): Tuairim a thabhairt

Cá mhéad ama atá agam le tuairim a thabhairt?

Más mian leat tuairim a thabhairt, ní mór duit é seo a dhéanamh laistigh den tréimhse shonraithe ó dháta an fhógra a d’fhoilsigh an t-iarratasóir. De ghnáth bíonn an tréimhse seo sé seachtaine ar a laghad ach ní mór duit an tréimhse shonraithe a sheiceáil go cúramach.

Cás: Forbairt bheartaithe do stáisiún iarnróid

Is é an teorainn ama a shonraítear ná 6 seachtaine don iarratas seo ó dháta an fhógra.

Sampla: Foilsítear an fógra poiblí Dé hAoine 1 Meitheamh, mar sin is é Déardaoin 12 Iúil an lá deiridh le do thuairim a fháil, roimh 5.30 san iarnóin.

Cás: Forbairt bheartaithe do shreang tarchuir leictreachais

Is é an teorainn ama a shonraítear ná 6 seachtaine don iarratas seo ó dháta an fhógra.

Sampla: Foilsítear an fógra poiblí Dé Céadaoin 19 Meán Fómhair, mar sin is é Dé Máirt 30 Deireadh Fómhair an lá deiridh le do thuairim a fháil, roimh 5.30 san iarnóin.

Tá rialacha difriúla ann mar gheall teorainneacha ama idir an 24 Nollaig agus 1 Eanáir (agus an dá dháta san áireamh) ar féidir leo difríocht a dhéanamh don dáta deiridh.

An féidir tuairim dhéanach a thabhairt?

Ní féidir. Tá toirmeasc dlí ar an gCoimisiún Pleanála glacadh le tuairim dhéanach ar chúis ar bith.

Cá mhéad a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt?

€50 a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt. Más comhlacht forordaithe, thú, ní ghearrfar aon táille.

Conas is féidir liom íoc as tuairim a thabhairt?

Modh Ag an Deasc Fáilte Leis an bPost Ar Líne
Airgead Tirim ✔ Glactar leo Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost. ✘ Ní ghlactar leo
Cártaí Dochair/Creidmheasa ✔ Glactar leo ✘ Ní ghlactar leo ✔ Glactar leo
Seiceanna ✔ Glactar leo ✔ Glactar leo ✘ Ní ghlactar leo
Dréachtaí Baincéara ✔ Glactar leo ✔ Glactar leo ✘ Ní ghlactar leo
Orduithe poist ✔ Glactar leo ✔ Glactar leo ✘ Ní ghlactar leo

Cad é an seoladh don tuairim?

  • Cuir é leis an bpost chuig: An Coimisiún Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902,
  • Tabhair é do bhall d’fhoireann ag ár n-oifigí (seoladh thuas) le linn uaireanta oifige (Ó Luan go hAoine, óna 9.15 ar maidin go dtí 5.30 tráthnóna).
Tábhachtach: Ní féidir an tuairim a chur i mbosca litreacha na hoifige. Ní fhéadfaidh baill foirne slándála glacadh le hachomhairc ná le tuairimí; ní mór iad a thabhairt de láimh do bhall foirne de chuid an Choimisiúin Pleanála nó a chur isteach trí na bealaí oifigiúla thuas.