Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim (FBS) :Seol do thuairim chugainn ar líne

An tslí is tapúla agus is fusa le do thuairim a sheol chugainn ná ar líne. Úsáid ár n-áis uaslódalaí ar líne ag: insert link to uploader
Is féidir leat do tháille a íoc ar líne tríd an áis uaslódálaí ar líne. Tar éis do thuairim a sheoladh chun bealaigh, gheobhaidh tú ríomhphost admhála go bhfuaireamar í. Ní mór dúinn do thuairim ar líne a bheith againn faoi 5.30 tráthnóna ar an lá deiridh chun tuairim a chur isteach.
Ní mó duit do thuairim a bheith criochnaithe agat agus é sábháilte agat mar dhoiciméad Microsoft Word nó PDF, chun an áis uaslódálaí ar líne a úsáid. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 30MB). Ní dhéantar an tuairim ar do shon san áis uaslódálaí ar líne.
 
 
Conas a ullmhaím doiciméad tuairime?
Is féidir leat do thuairim a ullmhú tríd an bhfoirm tuairime a úsáid nó trí do thuairim a scríobh agus ansin í a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF. Má tá tuairim lámhscríofa le tabhairt agat, ní mór duit í a scanadh agus a shábháil mar PDF. Ní féidir ach doiciméad amháin a uaslódáil ar líne. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 30MB). Ainmnigh do dhoiciméad ar cheann amháin den dá shlí seo:
Slite le doiciméad a ainmniú Sampla
Cásuimhir agus d’ainm 300000 – Ann Duine
Ainm agus suíomh na forbartha agus d’ainm Tionscadal Chearnóg an Bhaile, Baile an Bhaile – John Murphy
 
Leid: Bí cinnte nach gcuireann tú lánstad ag deireadh ainm do dhoiciméid (.).
 
 
 
 
Cad a bheith uaim chun an tuairim a uaslódáil ar líne?
Má úsáideann tú an áis uaslódálaí ar líne, beidh:
Leagan suas chun dáta de bhrabhsálaí idirlín ar nós Microsoft Edge, Chrome, Firefox nó Safari.
seoladh ríomphoist uait chun ríomhphost admhála a fháil le taispeáint go bhfuaireamar do thuairim.
do thuairim a bheith sábháilte mar dhoiciméad Microsoft Word nó PDF. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 30MB).
sonraí an iarratais ar mian leat tuairim a thabhairt air. Seo hiad na sonraí a nglacann an t-uaslódálaí leo:
• uimhir thagartha an Bhoird Pleanála don achomharc / iarratas.(mar shampla: 300000), 
• ainm agus suíomh na forbartha beartaithe san iarratas (mar shampla: Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile).
cárta sochair nó creidmheasa a bheith agat lenar féidir an táille cheart a íoc.
 
Conas a úsáidim an t-uaslódálaí?
Chun an t-uaslódálaí a úsáid, gabh chuig https://online.pleanala.ie/ga-ie/sid/observation. Ar an uaslódálaí, tabharfar thú trí na leathanaigh / céimeanna is gá chun do dhoiciméad a uaslódáil. Seo an chéad leathanach den uaslódálaí

 
 
Lch 1 Tús eolais
Lch 2 Ar an leathanach caithfidh tú na nithe seo a leanas a thabhairt:
• d’ainm, agus
• do sheoladh ríomhphoist sa dá bhosca ar leith le bheith cinnte go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart againn duit.
Más gníomhaire thú atá ag uaslódáil tuairim ar son cliaint, ní mór duit d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist féin a thabhairt.
Lch 3 Ar bharr an leathanaigh seo, ní mór duit na rudaí seo a leanas a thabhairt:
• uimhir thagartha an Bhoird Pleanála don iarratas, nó
• ainm agus suíomh na forbartha beartaithe san iarratas.
Sa chuid íochtarach den leathanach seo, ceangail do thuairim. Is féidir do thuairim a uaslódáil agus a cheangal sa bhosca liath trí chliceáil ar an gcnaipe:

Feicfear an tuairim sa bhosca liath, tar éis í a uaslódáil.
Lch 4 Ar an leathanach seo, iarrfar ort an bhfuil tú réidh leis an tuairim a thabhairt:
Má tá, tabharfar thú go dtí an roinn íocaíochtaí chun an táille a íoc.
Mura bhfuil, tabharfar ar ais thú le hathruithe a dhéanamh.
Iarrfaidh an roinn íocaíochtaí ort an táille cheart a roghnú:
• Tuairim – €50
Iarrfar ort ansin do shonraí cárta creidmheasa nó dochair a thabhairt. Seiceáil na sonraí go cúramach agus tú á gcur isteach.
Nuair a bheidh tú reidh, cliceáil ar Íoc agus críochnaigh agus seolfar do thuairim isteach.
Lch 5 Feicfidh tú scáileán Deimhnithe má éiríonn leat an tuairim a uaslódáil. .
Gheobhaidh tú admháil i ríomhphost le taispeáint go bhfuaireamar do thuairim. Má tá aon fhadhb leis, lean na treoracha ar an scáileán.
 
Cá fhad a bheidh agam leis an uaslódáil a dhéanamh?
Níl aon teorainn ama ann chun an tuairim a uaslódáil. Mar sin féin, má dhúnann tú an leathanach agus má fhágann tú an próiseas, beidh ort tosú arís as an nua.
An íocaim an táille nuair a uaslódáim an doiciméad?
Íocann. Beidh cárta sochair nó creidmheasa uait leis an táille cheart a íoc. Féach chuige go bhfuil dóthain airgid i do chuntas de bhrí go mbainfear an íocaíocht ag an am céanna agus a uaslódálann tú do dhoiciméad.
An féidir liom an doiciméad a uaslódáil agus an táille a íoc níos déanaí?
Ní féidir. Má úsáideann tú an uaslódálaí, caithfidh tú íoc le cárta dochair nó creidmheasa. Más mian leat an táille a íoc ar aon slí eile, ní mór duit:
  • do thuairim a chur chugainn leis an bpost, nó
  • do thuairim a thabhairt do bhall foirne inár n-oifig.
An gá dom an t-uaslódálaí a úsáid chun tuairim a thabhairt?
Ní gá. Is féidir tuairim a chur chugainn leis an bpost nó é a thabhairt do bhall dár bhfoireann inár n-oifig.
An féidir an t-uaslódálaí a úsáid chun mo thuairim a chur isteach agus na hábhair thacaíochta a chur isteach leis an bpost?
Ní féidir. Más mian leat ábhair thacaíochta ar nós grianghraif chlóite, líníochtaí páipéir nó DVDanna a chur isteach mar chuid de do thuairim, ní mór duit an tuairim a chur chugainn leis an bpost nó í a thabhairt do bhall foirne inár n-oifig.
An féidir liom an t-uaslódálaí a úsáid agus cóip páipéir den tuairim chéanna a chur isteach leis an bpost?
Ní féidir. Ná húsáid ach modh amháin chun do thuairim a chur isteach, ar líne tríd an uaslódálaí i bpáipéar (leis an bpost nó go pearsanta san oifig).
Tá fadhb agam leis an uaslódálaí? Cé léi nó leis ar chóir dom labhairt?
Má tá fadhb agat leis an uaslódála, seol ríomhphost chuig an deasc chabhrach ag onlinesupport@pleanala.ie
An ndéanfaidh tú teagmháil liom le linn an phróisis iarratais trí ríomphost?
Ní dhéanfaidh. Cuirfimid litir chugat leis an bpost le linn an phróisis iarratais. Ní bhfaighidh tú ríomhphost uainn ach amháin le taispeáint go bhfuaireamar do dhoiciméad tuairime.
 
 
Click the send observation button to start the submission process