Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Iarratasóir): Earráidí Cléireachais agus Soiléiriú an Chinnidh.

6. Earráidí Cléireachais nó Soiléiriú an Chinnidh.

I gcás ina dtarlaíonn earráid chléireachais i gcinneadh an Bhoird nó ina measann an Bord gur gá a bhfuil i gceist aige a éascú leis an gcead nó leis an gcinneadh a shoiléiriú, féadfaidh an Bord a chinneadh a leasú. Féadfaidh an Bord aighneachtaí a iarraidh sula gcinneann sé cibé an bhfeidhmeoidh sé a chumhachtaí chun leasú a dhéanamh. Ní ceadmhach athrú ábhartha ar théarma na forbartha is ábhar don chinneadh bheith mar thoradh ar leasú.