Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal: Forbairt Bonneagair Straitéisigh - Treoirlínte d’Iarratasóirí.

1. Réamhra

Tháinig forálacha bonneagair straitéisigh an Achta um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 (Acht 2006) i bhfeidhm an 31 Eanáir 2007. Foráiltear go ginearálta san Acht, lenar leasaíodh an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Acht 2000), le haghaidh iarratas ar chead/fhormheas d’fhorbairtí bonneagair straitéisigh sonraithe, idir phríobháideach agus phoiblí, a dhéanamh go díreach chuig an mBord.

Tháinig Cuid 18 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2006 (I.R. Uimh. 685 de 2006) maidir le gnéithe nósanna imeachta de phróiseáil cásobair maidir le forbairtí bonneagair straitéisigh i bhfeidhm chomh maith an 31 Eanáir 2007. Leasaítear le Rialacháin 2006 na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001.

Is iad na forbairtí bonneagair straitéisigh (forbairtí príobháideacha, den chuid is mó) dá dtagraíonn na treoirlínte na cinn atá liostaithe sa 7ú Sceideal d’Acht 2000 (leasaithe). Baineann siad sin de ghnáth le mórthionscadail fuinnimh, iompair agus bonneagair chomhshaoil agus le bonneagar sláinte.

Le hAilt 37H(2), 182B(5), 182D(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (leasaithe), agus alt 47D den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 (leasaithe), ceadaítear don Bhord cinneadh a dhéanamh ar mhéid na gcostas a tabhaíodh le linn comhairliúcháin réamhiarratais agus i ngéilleadh d'iarrataí ar fhaisnéis le cois na gcostas a tabhaíodh le linn próiseáil iarratas ar fhorbairtí 7ú Sceideal, línte tarchuir leictreachais, forbairtí bonneagair straitéisigh gháis, agus orduithe iarnróid.

Is é an Bord a chinnfidh na costais sin an uair a dhéanfar an cinneadh deiridh ar an iarratas (féach Cuid 5.11, leis).

Foráiltear sna forálacha reachtúla do thrí cinn de chéimeanna ar a mhéad – comhairliúcháin réamhiarratais, faisnéis lánroghnach i dtaca leis an Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta, agus iarratas ar chead.