Léim go dtí an príomhábhar

Comhairliúcháin Réamhiarratais (Céim 1)

Comhairliúcháin Réamhiarratais (PAC)

Ginearálta

  1. Ceanglaítear ar iarratasóir ionchasach ar chead pleanála le haghaidh forbartha mar a shainmhínítear in alt 82 agus i Sceidil 1 agus 2 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, dul i mbun comhairliúcháin réamhiarratais leis an gCoimisiún agus fógra a fháil ón gCoimisiún ina luaitear cibé acu a bheadh nó nach mbeadh an fhorbairt atá beartaithe, dá ndéanfaí í, ina forbairt faoi Chaibidil 4. Chun críocha na gcomhairliúchán sin, ní mór don iarratasóir ionchasach dóthain faisnéise a chur ar fáil don Choimisiún chun a chur ar a chumas an fhorbairt atá beartaithe a mheas i bhfianaise na gcritéar atá leagtha amach do phróiseas PAC Chaibidil 4.

  2. Tá cuspóir na réamhiarratas leagtha amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, agus sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2026. I gcomhairliúcháin réamhiarratais, féadfaidh an Coimisiún comhairle a thabhairt don iarratasóir ionchasach maidir leis an iarratas atá beartaithe agus maidir le cibé acu an ionann an fhorbairt atá beartaithe agus forbairt faoi Chaibidil 4, ag féachaint d’fhorálacha na reachtaíochta, agus féadfaidh sé comhairle a thabhairt don iarratasóir ionchasach maidir leis na nithe seo a leanas:

    • na breithnithe a d’fhéadfadh, i dtuairim an Choimisiúin, tionchar a imirt ar a chinneadh i ndáil le haon iarratas ar chead faoin gCaibidil seo, a bhaineann le—

      • pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe,

      •  tionchar na forbartha ar an gcomhshaol nó ar aon láithreán Eorpach,

      • i gcás inar forbairt ar talamh í an fhorbairt atá beartaithe nó ina n-áirítear forbairt ar talamh inti, cuspóirí ábhartha an phlean forbartha agus aon phlean limistéir uirbigh, plean limistéir tosaíochta nó plean limistéir chomhordaithe ar dócha go mbeidh tionchar acu ar chinneadh an Choimisiúin, agus

      • i gcás inar forbairt mhuirí í an fhorbairt atá beartaithe nó ina n-áirítear forbairt mhuirí inti, Creat Náisiúnta Pleanála Mara agus cuspóirí na pleanála spásúlachta muirí,

      • an gá, más ann dó, atá leis an iarratasóir ionchasach suíomh gréasáin a chruthú chun an t-iarratas agus na doiciméid a ghabhann leis a fhoilsiú,

      • na ceanglais maidir leis an bhfógra poiblí nach mór don iarratasóir ionchasach a chomhlíonadh sula ndéanfaidh sé iarratas faoin alt sin, na daoine nach mór doiciméid a chur ar fáil dóibh agus déanamh aighneachtaí i ndáil leis an iarratas,

Iarraidh ar Chomhairliúcháin

Sula ndéanfar iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais, ba cheart d’iarratasóir ionchasach a sheiceáil an dtagann an fhorbairt atá beartaithe faoi alt 82 agus faoi Sceidil 1 agus 2 d’Acht 2024. Mura dtagann sí, ní féidir a mheas gur forbairt faoi Chaibidil 4 í agus ba cheart an t-iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála áitiúil don limistéar lena mbaineann.

Ba cheart iarraidh ar Chomhairliúchán Réamhiarratais faoi Chaibidil 4 a dhéanamh i scríbhinn agus í a sheoladh chuig 

An Coimisiún Pleanála,
64, Marlborough Street,
Dublin 1,
D01 V902.

Ba cheart, de ghnáth, an fhaisnéis seo a leanas a áireamh in iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais:

  • ▪

    ainm agus seoladh an iarratasóra ionchasaigh, uimhreacha teileafóin teagmhála agus seoladh ríomhphoist, má tá siad ar fáil,

  • ▪

    ainm agus seoladh phríomhghníomhaire an iarratasóra ionchasaigh, más ann dó, uimhreacha teileafóin teagmhála agus seoladh ríomhphoist, má tá siad ar fáil,

  • ▪

    cur síos ginearálta ar chineál agus scála na forbartha atá beartaithe, lena n-áirítear líníochtaí má tá siad ar fáil,

  • ▪

    seoladh na forbartha atá beartaithe agus cur síos gairid ar an láithreán agus ar an gceantar máguaird,

  • ▪

    léarscáil/léarscáileanna de shuíomh an láithreáin agus léarscáil/léarscáileanna den láithreán ina léirítear teorainneacha an láithreáin,

     

  • ▪

    i gcás inar gá, ráiteas maidir leis an leas dlíthiúil atá ag an iarratasóir ionchasach lena gcuirtear ar a chumas an fhorbairt atá beartaithe a dhéanamh má cheadaítear í,

  • ▪

    an aicme forbartha faoi alt 82 agus faoi Sceidil 1 agus 2 d’Acht 2024 lena mbaineann an fhorbairt atá beartaithe,

  • ▪

    ainm an údaráis pleanála nó na n-údarás pleanála, má tá níos mó ná ceann amháin ann, a bhfuil an láithreán suite ina limistéar/ina limistéir fheidhme

Nóta: níor cheart faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a chur isteach le linn comhairliúcháin réamhiarratais mar go mbeidh an fhaisnéis uile atá sa chomhad ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal ag deireadh chéim an chomhairliúcháin. Ba cheart d’iarratasóirí ionchasacha a thabhairt faoi deara freisin gur cheart an fhorbairt atá beartaithe a bheith sách forbartha chun tús a chur le céim an chomhairliúcháin réamhiarratais. Má théitear i dteagmháil leis an gCoimisiún nuair nach bhfuil an fhorbairt atá beartaithe sainithe nó bunaithe i gceart, d’fhéadfadh moill mhíchuí a bheith ar an bpróiseas.

Táillí

I gcomhréir le forálacha alt 144 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, chinn an Coimisiún go ngearrfar táille ar aon iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais a fhaightear an 5 Meán Fómhair 2011 nó dá éis. Ba cheart an táille a chur     isteach in éineacht le hiarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais. Féach, le do thoil, ar “Treoir maidir le Táillí Iníoctha” an Choimisiúin chun faisnéis a fháil faoi na táillí reatha.
Ar iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais a fháil, ní mór don Choimisiún fógra faoin iarraidh a thabhairt don údarás pleanála ábhartha (nó do na húdaráis phleanála ábhartha i gcás ina mbeadh láithreán na forbartha atá beartaithe suite i limistéir níos mó ná údarás pleanála amháin). Is éard a bheidh san fhógra sin litir ina ndéantar cur síos ar chineál na forbartha atá beartaithe mar aon le léarscáil/léarscáileanna de shuíomh an láithreáin.
Déanfar fógra faoi gach iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais a thaifeadadh ar liosta seachtainiúil reachtúil an Choimisiúin d’iarratais nua a fuarthas agus cuirfear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin é (www.pleanala.ie).

Comhairliúcháin

Ginearálta

Féadfaidh cineál na gcomhairliúchán réamhiarratais a bheith éagsúil ó chás go cás agus d’fhéadfadh níos mó ná cruinniú amháin a bheith ag teastáil. Déanfaidh oifigigh ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin (cigire amháin agus riarthóir amháin ar a laghad) agus, más gá, beidh baill den fhoireann comhshaoil i láthair freisin, e.g. éiceolaí. Ní bheidh comhaltaí den Choimisiún i láthair ag an gcruinniú. Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an iarratasóir ionchasach faisnéis bhreise a chur ar fáil dó chun go mbeidh an Coimisiún in ann a thuairim a thabhairt.De ghnáth, is go fíorúil trí Microsoft Teams a bheidh an plé ar siúl agus a reáchtálfar na cruinnithe a bheidh mar chuid de na comhairliúcháin réamhiarratais. Meastar go reáchtálfar an chéad chruinniú laistigh de 8 seachtaine ó iarraidh fhoirmiúil a dhéanamh, faoi réir faisnéis shásúil a bheith curtha faoi bhráid an Choimisiúin. Is iad cineál, scála agus castacht na forbartha atá beartaithe, aibíocht an tionscadail agus riachtanais an iarratasóra ionchasaigh a chinnfidh uainiú agus minicíocht aon chruinnithe breise.
Chun cur i gcrích pras na gcomhairliúchán a éascú, ba cheart iarrataí ar chomhairliúcháin réamhiarratais a dhéanamh nuair a bheidh an tionscadal sainithe ag an iarratasóir agus, de ghnáth, níor cheart iarrataí a dhéanamh ag céim an-luath de thionscadal.

Saincheisteanna

Le linn comhairliúcháin réamhiarratais, tabharfaidh an Coimisiún comhairle don iarratasóir ionchasach maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann le breithniú iarratais ar chead faoin gCaibidil seo, lena n-áirítear - 

  • na pleananna, na sonraí nó an fhaisnéis eile a bheidh ag teastáil ón gCoimisiún chun an t-iarratas a bhreithniú,
  • na tréimhsí ama agus an seicheamh a bheidh i bhfeidhm maidir leis an iarratas a bhreithniú agus cinneadh a dhéanamh air,
  • aon nithe eile maidir leis an bpróiseas iarratais a mheasann an Coimisiún a bheith cuí, agus
  • aon nithe eile a fhorordófar,
Ní mór don Choimisiún dul i gcomhairle leis na daoine sin a fhorordófar, agus féadfaidh sé dul i gcomhairle le haon duine eile a bhféadfadh faisnéis a bheith aige nó aici atá ábhartha, i dtuairim an Choimisiúin, chun críocha comhairliúchán faoin alt seo maidir le forbairt atá beartaithe.

Is é cuspóir aon chomhairliúchán den sórt sin aon srianta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don láithreán a shainaithint agus a fháil amach an bhfuil pleananna nó cláir á mbreithniú nó á gcur i gcrích a mbeadh tionchar acu ar an iarratas.

Moltar go láidir d’iarratasóirí ionchasacha dul i dteagmháil go díreach agus go cuimsitheach leis an údarás áitiúil a bhfuil an láithreán suite ina limistéar, le haon chomhlachtaí náisiúnta, réigiúnacha nó forordaithe ábhartha agus leis an bpobal ag an gcéim is luaithe is féidir agus a dtograí á gceapadh.

Taifead ar Chomhairliúcháin

Déanfaidh an Coimisiún taifead ar aon chruinnithe a reáchtálfar. Cuirfidh sé cóip den taifead ar aghaidh chuig an iarratasóir ionchasach a luaithe is féidir tar éis gach cruinnithe. Déileálfaidh an Coimisiún leis na taifid sin mar ábhar rúnda go dtí go mbeidh céim an chomhairliúcháin tugtha chun críche.

I gcás ina rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an údarás áitiúil a bhfuil an láithreán suite ina limistéar nó le haon chomhlacht forordaithe nó le duine eile, déanfar taifead ar na comhairliúcháin sin agus tabharfar cóip den taifead/de na taifid sin don iarratasóir ionchasach ag an gcéad chruinniú eile. Beidh taifead aon chomhairliúchán den sórt sin ar fáil don phobal freisin nuair a bheidh céim an chomhairliúcháin réamhiarratais tugtha chun críche.

Comhairliúcháin a Thabhairt chun Críche

Fógra

Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, comhairliúchán faoin alt seo a thabhairt chun críche má mheasann sé gur cuí déanamh amhlaidh

Ní Forbairt faoi Chaibidil 4 í an Fhorbairt (PAC)

Más rud é, tar éis comhairliúcháin, go dtagann an Coimisiún ar an tuairim nach mbeadh an fhorbairt atá beartaithe, dá ndéanfaí í, ina forbairt faoi Chaibidil 4—
tabharfaidh sé fógra don iarratasóir ionchasach—

  •  nach bhféadfar iarratas ar chead don fhorbairt atá beartaithe a dhéanamh chuig an gCoimisiún faoi Chaibidil 4, agus
  •  faoin gCaibidil (más ann di) faoina bhféadfar iarratas ar chead don fhorbairt atá beartaithe a dhéanamh, agus ní rachaidh sé ar aghaidh tuilleadh le haon chomhairliúcháin faoin alt seo.

Is Forbairt faoi Chaibidil 4 í an Fhorbairt

Tar éis comhairliúchán, má thagann an Coimisiún ar an tuairim go mbeadh an fhorbairt atá beartaithe, dá ndéanfaí í, ina forbairt faoi Chaibidil 4, tabharfaidh sé fógra don iarratasóir ionchasach gur cheart an t-iarratas atá beartaithe a dhéanamh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le halt 120 d’Acht 2024.
Má thagann an Coimisiún ar an tuairim go bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith ag an bhforbairt atá beartaithe ar an gcomhshaol i Stát de chuid an Choinbhinsiúin Trasteorann, nó ar an limistéar muirí, cuirfidh sé in iúl don iarratasóir ionchasach:

  • cé na comhlachtaí, agus cé na Stáit de chuid an Choinbhinsiúin Trasteorann ina bhfuil siad, ar cheart fógra a thabhairt dóibh chun críocha forbartha faoi Chaibidil 4, de réir mar is cuí, agus cé mhéad cóip den iarratas agus den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta ba cheart a sheoladh leis an bhfógra.

I gcás ina n-eisíonn an Coimisiún fógra gur forbairt faoi Chaibidil 4 a bheadh san fhorbairt atá beartaithe, ní mór an t-iarratas a chur isteach go díreach chuig an gCoimisiún. Agus an fógra á eisiúint aige, féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a chur in iúl d’iarratasóir ionchasach:

  • cé acu de na comhlachtaí forordaithe ar cheart, i dtuairim an Choimisiúin, don iarratasóir ionchasach fógra a thabhairt dóibh faoi iarratas a dhéanamh, agus tabharfaidh an t-iarratasóir ionchasach fógra do na comhlachtaí sin,
  • aon cheanglais shonracha maidir le limistéir Ghaeltachta,
  • na pleananna, na sonraí nó an fhaisnéis eile is gá a chur isteach chun an t-iarratas a bhreithniú,
  • na tréimhsí ama agus seicheamh an phróisis iarratais,
  • aon nithe eile maidir leis an bpróiseas iarratais, lena n-áirítear faisnéis maidir le cineál na gcostas a d’fhéadfaí a dhámhachtain in aghaidh an iarratasóra faoi alt 127 d’Acht 2024, aon táille atá le híoc agus an fhoirm inar cheart an t-iarratas a chur isteach,
  • foirm agus ábhar an fhógra phoiblí nuachtáin nach mór a fhoilsiú sula ndéanfar iarratas pleanála chuig an gCoimisiún,
  • cibé acu a éilíonn an Coimisiún fógra láithreáin a chur suas; suíomh/áit agus/nó suíomh gréasáin a shonrú ina mbeidh an t-iarratas, EIAR, NIS agus aon doiciméid ábhartha eile ar fáil lena n-iniúchadh nó lena gceannach ar tháille réasúnach (beidh an fhaisnéis seo san fhógra poiblí),
  • úsáid na meán áitiúil nó náisiúnta, agus/nó cruinnithe a thionól le haon duine nó comhlacht nó leis an bpobal.
  • Sceideal Faisnéise an Choimisiúin chun bonn eolais a chur faoin Seiceáil Iomláine. Tá sé mar aidhm leis an Sceideal Faisnéise seo sonraí a chur ar fáil lena n-éascófar don Choimisiún Pleanála an tSeiceáil Iomláine a dhéanamh chun an t-iarratas a phróiseáil.

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur ar an iarratasóir ionchasach amháin atá an fhreagracht as cruinneas an chur síos ar an bhforbairt agus ar a suíomh sna fógraí poiblí, ar an suíomh gréasáin agus sna doiciméid iarratais

Nithe Eile

Ar chomhairliúcháin réamhiarratais a thabhairt chun críche:

  • déanfar cinneadh an Choimisiúin maidir le stádas na forbartha atá beartaithe a thaifeadadh ar liosta seachtainiúil reachtúil an Choimisiúin de chásanna a cinneadh agus cuirfear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin é (www.pleanala.ie).

  • cuirfear cóip de chomhad an Choimisiúin, lena n-áirítear taifid ar aon chruinnithe, ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (www.pleanala.ie).

Cruinnithe Gan Dochar do Chinneadh an Choimisiúi

Ní dhéanann reáchtáil comhairliúchán dochar ar bhealach ar bith do chinneadh an Choimisiúin maidir le haon iarratas ina dhiaidh sin agus ní féidir brath ar na comhairliúcháin sin sa phróiseas foirmiúil pleanála ná in imeachtaí dlíthiúla.
 

city01.png (600×600)