Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Iarratasóir): Achomharc agus Athbhreithniú Cinnidh

9. Achomharc agus Athbhreithniú Cinnidh

Níl aon achomharc in aghaidh chinneadh an Bhoird ar iarratas chun forbairt bonneagair straitéisigh a dhéanamh. Ní féidir dúshlán a chur faoi bhailíocht an chinnidh ach i bhfoirm athbhreithniú breithiúnachta san Ard-Chúirt laistigh de 8 seachtaine. Ní athosclóidh an Chúirt fiúntas pleanála an cháis agus ní ceadmhach di ach cead a thabhairt chun coinneáil leis an bpróiseas athbhreithnithe i gcás go bhfuil sí sásta go bhfuil forais shubstaintiúla ann le maíomh gur cinneadh neamhbhailí é cinneadh an Bhoird nó gur cheart é a chur ar neamhní agus go bhfuil dóthain leasa san ábhar ag an té atá ag lorg an athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Agus a chinneadh á eisiúint aige, soláthraíonn an Bord eolas i dtaobh nósanna imeachta an athbhreithnithe bhreithiúnaigh.