Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Iarratasóir): Athrú Ceada

7. Athrú Ceada

Faoi alt 146B d'Acht 2000, féadfaidh an Bord téarmaí ceada chun forbairt bonneagair straitéisigh a athrú ar iarraidh ó dhuine ar bith atá á cur i gcrích nó a bhfuil sé d'intinn aige nó aici í a chur i gcrích. Ní mór don Bhord a chinneadh ar an gcéad dul síos an athrú ábhartha a bheadh san athrú iarrtha agus féadfaidh sé aighneachtaí a iarraidh i dtaca leis an gceist ó dhaoine iomchuí, lena n-áirítear an t-údarás pleanála. Féachfaidh an Bord d'aon aighneacht a dhéantar de bhua an chuiridh seo agus an cheist á cinneadh. Is éagsúil na nósanna imeachta a chuirfear i bhfeidhm, ag brath ar nádúr an athraithe atá beartaithe, mar seo a leanas;

Athrú nach athrú ábhartha a bheadh ann.

Má chinneann an Bord nach athrú ábhartha a bheadh ann, féadfaidh sé an cead a éagsúlú agus an t-athrú a chur in iúl don iarrthóir agus d'údarás pleanála an cheantair. I gcásanna áirithe féadfaidh RTN a bheith de dhíth maidir leis an athrú/na hathruithe molta.

Athrú ábhartha nach mbeadh TMTT de dhíth maidir leis

I gcás ina gcinneann an Bord gur athrú ábhartha a bheadh ann ach nach dócha go mbeadh éifeacht shuntasach aige ar an timpeallacht, féadfaidh sé an t-athrú a dhéanamh, athrú eile a dhéanamh nó diúltú an t-athrú a dhéanamh, tar éis a iarraidh ar an iarrthóir eolas ar an athrú a chur ar fáil d'iniúchadh an phobail ar feadh tréimhse shonraithe agus tar éis aighneachtaí a iarraidh.

Athrú ábhartha a dteastódh TMTT maidir leis.

I gcás ina gcinneann an bord gur athrú ábhartha a bheadh ann agus gur dócha go mbeadh éifeacht shuntasach aige ar an timpeallacht, iarrfaidh sé ar an iarratasóir TMTT a ullmhú maidir leis an athrú beartaithe nó aon athrú eile arna bheartú ag an mBord. I gcás ina n-ullmhaítear TMTT ní mór don iarratasóir fógra a fhoilsiú ar an ngnáthshlí agus aighneachtaí nó tuairimí chuig an mBord a iarraidh roimh dháta sonraithe (tráth nach lú ná 4 seachtaine tar éis an fógra a bheith foilsithe). Ní mór don iarratasóir cóip den TMTT, mar aon le fógra san fhoirm fhorordaithe, a chur chuig an údarás áitiúil iomchuí, ag iarraidh aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn chuig an mBord laistigh de thréimhse shonraithe maidir leis na héifeachtaí is dócha a bheadh ag an athrú beartaithe ar an timpeallacht. Ní mór don Bhord féachaint d'aon aighneacht nó tuairim dá sórt agus a chinneadh á dhéanamh aige. Ní mór don Bhord fógra poiblí a fhoilsiú dá chinneadh agus cóip de a chur chuig an údarás áitiúil iomchuí.