Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Iarratasóir): Faisnéis i dtaca lena mbeadh sa Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta (TMTT) (Céim 2)

4. Faisnéis i dtaca lena mbeadh sa Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta (TMTT) (Céim 2)

4.1 Ginearálta

Ar fhógra a bheith faighte gur cheart an t-iarratas a dhéanamh go díreach chuig an mBord, féadfaidh an t-iarratasóir ionchasach iarraidh ar an mBord tuairim i scríbhinn a thabhairt dó nó di maidir leis an bhfaisnéis a bheadh sa Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta (TMTT) a chuirfí isteach leis an iarratas. Ní céim éigeantach é an chéim sin. Sula gcuirtear an tuairim sin ar fáil, ní mór don Bhord dul i gcomhairle leis na comhlachtaí atá forordaithe ag an Aire faoi airteagal 211 de na Rialacháin lena n-áirítear an t-údarás pleanála iomchuí. Féadfaidh sé, leis, aighneachtaí nó tuairimí a iarraidh ar raon leathan comhlachtaí eile atá forordaithe faoi airteagal 213 de na Rialacháin.

I gcás fhorbairtí 7ú Sceidil, ní mór na comhairliúcháin réamhiarratais a bheith tugtha chun críche sula ndéantar iarraidh ar fhaisnéis.

Ar ais go barr

4.2 Iarraidh ar Fhaisnéis

Ba cheart iarraidh ar fhaisnéis maidir lena mbeadh sa Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta (TMTT) a chur i scríbhinn chuig An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.Ní mór don iarratasóir ionchasach dóthain faisnéise a sholáthar don Bhord maidir leis an fhorbairt bheartaithe chun a chumasú do chomhlachtaí forordaithe aighneachtaí eolacha a dhéanamh agus tuairim a thabhairt don Bhord i dtaca leis an iarraidh. Go háirithe, ní mór tuairisc chruinn a dhéanamh ar an fhorbairt bheartaithe agus é a bheith marcáilte go soiléir ar líníochtaí a bheidh ar scála oiriúnach.

Féadfaidh an Bord iarraidh ar an iarratasóir ionchasach dóthain cóipeanna crua nó leictreonacha a sholáthar den iarraidh ar fhaisnéis le gur féidir é a scaipeadh ar na comhlachtaí forordaithe cuí.

Tá an Bord faoi cheangal géilleadh d'iarraidh ar fhaisnéis a luaithe is féidir.

Ar ais go barr

4.3 Táillí

De réir fhorálacha alt 144 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (leasaithe), tá cinnte ag an mBord go ngearrfar táille ar son aon iarraidh ar thuairim scríofa i dtaca leis an bhfaisnéis a bheadh i ráiteas tionchair timpeallachta a gheofar an 5ú Meán Fómhair 2011 nó dá éis. €5,000 de tháille a bheidh ann. Gheofar breis eolais ar na táillí reatha ach féachaint ar “Eolaí ar na Táillí is iníoctha leis an mBord Pleanála".

Ar ais go barr

4.4 Tuairim ar Fhaisnéis

4.4.1 Féadfar tuairim ar fhaisnéis a shainmhíniú mar nádúr agus sonraí na faisnéise a bheadh in TMTT a chinneadh roimh ré. Féachann sé leis na réimsí ina bhféadfadh tionchar a bheith ag an fhorbairt agus na modhanna cuí lena measúnú a shainaithint sula gcuirtear tús le mionsonraí a bhailiú nó a mheasúnú. Gheofar an fhaisnéis a bheadh san TMTT leagtha amach in airteagal 94 agus i Sceideal 6 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (leasaithe) agus gheofar na critéir le cinneadh cibé an mbeadh tionchar suntasach ag forbairt ar an timpeallacht nó nach mbeadh leagtha amach i Sceideal 7 de na Rialacháin sin. Is nithe iad sin a fhéachfaidh an Bord dóibh agus tuairim ar fhaisnéis á tabhairt agus beidh ar iarratasóir ionchasach dóthain faisnéise a chur faoi bhráid an Bhoird lena chumasú dó tuairim dá sórt a thabhairt. Ba cheart na Guidelines on the Information to be contained in Environmental Impact Statements de chuid na Gníomhaireachta um Chosaint Comhshaoil (Márta 2002) a cheadú chun tuilleadh eolais a fháil ar an gceist. Ar deireadh, gnó é don iarratasóir TMTT a ullmhú de réir na riachtanas reachtúil agus iarratas á dhéanamh faoi Chéim 3.

4.4.2 Féadfaidh an Bord cruinniú a thionól (ar leibhéal oifigigh) leis an iarratasóir ionchasach chun ní a shoiléiriú nó faisnéis bhreise a fháil.Cuirfear tuairim ar fhaisnéis ón mBord chuig an iarratasóir ionchasach agus ceanglófar í, leis, do dhoiciméid an iarratais phleanála ar an iarratas a bheith déanta

4.4.3 Cuirfear comhad an Bhoird i dtaca leis an bhfaisnéis a bheadh san TMTT ar fáil d'iniúchadh an phobail ag oifigí an Bhoird tar éis na tuairime scríofa a bheith tugtha. Liostófar an cás ar liosta seachtainiúil an Bhoird de chásanna cinnte agus postálfar an tuairim ar láithreán Gréasáin an Bhoird.

4.4.4 Aon tuairim a thugtar, is gan dochar don Bhord a thugtar í agus ní féidir brath uirthi sa phróiseas pleanála foirmiúil ná in imeachtaí dlí.

Ar ais go barr