Léim go dtí an príomhábhar

Saincheisteanna Comhshaoil a Bhreithniú

Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) an comhlacht a bhfuil príomhdhualgas uirthi astuithe in Éirinn a rialú. Nuair a bhreithníonn an Bord iarratais ar chead pleanála nó ar fhaomhadh d'fhorbairt ina bhfuil gníomhaíocht a éilíonn ceadúnas um rialú comhtháithe truaillithe nó ceadúnas dramhaíola ón EPA, nó d'fhorbairt chun críocha gníomhaíochta dá shórt, ní mór dó a chur san áireamh go bhfuil rialú astuithe ón ngníomhaíocht sin mar fheidhm den EPA. I gcásanna dá shórt ní ceadmhach don Bhord coinníollacha a nascadh le cead nó faomhadh pleanála a thabhairt a bhfuil sé mar aidhm acu rialú a dhéanamh ar astuithe a tharlaíonn mar thoradh ar fheidhmiú na gníomhaíochta nó atá bainteach le feidhmiú na gníomhaíochta nó a leanann é.

Mar sin féin, tá ceangail ar an mBord dearcadh foriomlán a bheith aige ar inghlacthacht na forbartha agus d'ainneoin ceadú gníomhaíochta faoin EPA nó faoi na hAchtanna Dramhaíola, breithneoidh sé iomlán na saincheisteanna comhshaoil i gceist, i gcomhthéacs phleanáil cuí agus fhorbairt inbhuaine an cheantair agus féadfaidh sé cead nó faomhadh pleanála a dhiúltú ar bhonn comhshaoil. Ag éisteacht ó bhéal, is féidir leis an gCigire cosc nó stop a chur ar aighneachtaí agus díospóireacht ar 'astuithe' ag tabhairt aire ar na forálacha reachtúla.