Léim go dtí an príomhábhar

Teastas rochtana do dhaoine faoi mhíchumas: Achomhairc

Comhairlí áitiúla atá freagrach as cinntiú go bhfuil foirgnimh i riocht slán le húsáid. Tá sé sin leagtha amach sna hAchtanna um Rialú Tógála agus sna Rialacháin Rialaithe Tógála. Údaráis rialaithe tógála a thugtar ar chomhairlí contae, comhairlí cathrach nó comhairlí cathrach agus contae a ghníomhaíonn faoin reachtaíocht seo. Ceanglaíonn an dlí freagrachtaí agus cumhachtaí áirithe ar údaráis rialaithe tógála chun sábháilteacht foirgneamh a rialáil, ar nós deimhnithe rochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus deimhnithe eile a eisiúint.

De ghnáth is ga deimhniú rochtana do dhaoine faoi mhíchumas i gcás:

  • gach foirgnimh nua, lena n-áirítear árasáin agus leithleanna, ach amháin tithe cónaithe agus roinnt foirgneamh talmhaíochta,
  • athrú ábhartha úsáide, ar nós an bunurlár i dteach a athrú go siopa, agus
  • roinnt athruithe agus leathnuithe ar fhoirgnimh.

Ag brath ar an bhfoirgneamh, tugann an dlí an chumhacht d’údarás rialaithe tógála chun na nithe seo a leanas a eisiúint:

  • Teastas rochtana do dhaoine faoi mhíchumas, nó
  • Teastas rochtana leasaithe do dhaoine faoi mhíchumas

Gheofar eolas ar an tslí le cur isteach ar dhispeansáid nó ar mhaolú ó d’údarás rialaithe tógála.

Má cheadaítear é, déarfar ar do dheimhniú go gcomhlíonfaidh na hoibreacha nó an foirgneamh riachtanais na Rialachán Tógála reatha (Cuid M). Ní mór do na hoibreacha nó don fhoirgneamh a bheith ar aon dul leis na pleananna agus na sonraíochtaí a chuirtear isteach chuig an údarás rialaithe tógála.

Is é cuspóir an deimhnithe rochtana do dhaoine faoi mhíchumas léiriú a thabhairt ar an tslí a gcomhlíonann an foirgneamh nó na hoibreacha riachtanais Chuid M (Codanna M1 go M5) den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Foirgníochta reatha.

Ceanglaítear faoi na Rialacháin soláthar leordhóthanach a dhéanamh do dhaoine ionas gur féidir leo dul isteach san fhoirgneamh, ina áiseanna agus sa timpeallacht agus iad a úsáid. Léiríonn Treoir Theicniúil Doiciméad M (Rochtain agus Úsáid) an tslí ar féidir comhlíonadh a bhaint amach i gcás foirgneamh nua nó foirgneamh a bhí ann cheana agus atá á n-athrú, á leathnú nó á n-athúsáid.

Is féidir cinneadh de chuid údarás rialaithe tógála ar iarratas ar dheimhniú a achomharc chuig an mBord Pleanála.